COMÓRTAIS
Buaiteoirí Chomórtais Mhí an Mheithimh

Buaiteoirí

Kathleen de Búrca, Co Mhaigh Eo

Máirtín Birt, Co. Dhoire

Duais

Lorg na gCloch (DVD faisnéise)

Leagan nua DVD de Mhórscannán Oidhreachta eisithe ag Gael Linn.

Stair ealaín chloch ghreanta na hÉireann is ábhar don scannán gleoite seo. George Morrison a stiúir, an fear céanna a rinne Mise Éire agus Saoirse.

Tugtar ar turas sinn anuas na cianta ón tréimhse roimh Chríost go dtí aimsir na Normannach. Díol suntais ar leith scannánaíocht álainn Morrison ar na séadchomharthaí agus ar an timpeallacht álainn ina bhfuil siad.

Scannán é seo a mbainfidh idir thurasóirí, lucht oideachais agus an gnáthphobal fíorthaitneamh as.

Rinneadh athchóiriú agus digitiú ar bhunscannán 1971 a thugann na sonraí uile chun cruinnis. Tá an tráchtaireacht as Gaeilge agus tá leagan Béarla ar an diosca freisin.

Stiúrthóir: George Morrison
Ceol: John Beckett
Comhairleoirí seandálaíochta: Liam agus Máire de Paor

Eisithe ag Gael Linn
Ar fáil i siopaí agus ó Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, BÁC 2, Gael Linn, praghas €12 (eolas breise: Antoine Ó Coileáin, 01-6751200 beginoftheskypehighlighting              01-6751200      endoftheskypehighlighting

Tá Beo.ie an-bhuíoch de GAEL-LINN as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.