THALL IS ABHUS
Buaireamh Aistí
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Ní hionann saol mhac léinn na linne seo agus an saol ollscoile a chonaic Breandán de Gallaí nuair a d’fhreastail sé ar an tríú leibhéal fiche bliain ó shin. Tá sé buartha tharla é a bheith faoi bhrú aistí a scríobh faoi láthair, deich gcinn acu in achar iontach gairid. Déanfar a bhfuil le déanamh, deir sé.

Íomhá
An leabharlann ina bhfuil an t-údar i mbun staidéir
Íomhá
Damhsóirí in Ollscoil Luimnigh
Íomhá
Ionad cónaithe na mac léinn i Luimneach

Tá mé buartha, ach ba mhaith liom dá ndéanfadh sibh peataireacht orm, agus ligean domh alt beag bídeach eile a scríobh fá chúrsaí ollscoile. Tá a fhios agam go bhfuil cuma ghafa go millteanach orm fá rudaí tríú leibhéal, ach tá dearcadh iomlán eile agam agus mé ar ais tar éis fiche bliain agus mothaím go gcaithfidh mé a inse do dhaoine.

Ag Dia tá a fhios cá bhfuil mé ag fáil an ama le halt a scríobh ar chor ar bith, nó tá deich n-aiste le bheith istigh agam i gceithre lá (tá mé fríd a chéile anois, nó bhí a fhios agam go raibh lear oibre romham, ach nuair a fheiceann tú é sin scríofa os do chomhair amach, scanraíonn sé thú ar bhealach eile ar fad!), ach tá bealach iontach acu ar an ollscoil na laethanta seo nach raibh ann im’ amsa, agus bhí mise i NIHE/DCU a raibh de chlú orthu a bheith nua-aimseartha, ach ar ndóigh thiocfadh leat feck all a dhéanamh i rith na bliana agus ansin trí sheachtain roimh na scrúduithe, gan corraí as do sheomra leapa (a bhí i bpoll an tí a bhí mar digs agat), agus an t-íosmhéid d’eolas a bhí riachtanach a dhingeadh isteach sa chloigeann, é a ‘chur amach’ ar an pháipear laethe na scrúduithe, agus dearmad iomlán a dhéanamh den eolas an lá chéanna.Níl sin mar atá sé anois ar chor ar bith. Tosaíonn tú (bhuel thosaigh mise) ar an chéad lá de Mhéan Fómhair, agus ní i lár an Gheimhridh an tslí a d’oibrigh an clár ama im’ óige, agus bhí an léacht dheireanach agam ar an 27ú Samhain. Ar an ceathrú lá de mhí na Nollag a bheidh (seo an rud a bhfuil mé ag súil leis cibé!) mo chuid obair chúrsa uilig istigh, agus beidh mé saor le himeacht ar chosa in airde ar feadh dhá mhí! Ní bheidh orm amharc siar ar na nótaí sin a choíche arís, agus nuair a thosóidh mé ag deireadh mí Eanáir arís, bheidh cúrsa (nó modúl mar a deir an lingo) iomlán úr amach romham. Is maith liom é. Tá mé faoi bhrú anois, ach ar a laghad tá ábhar na gcúrsaí uilig cloiste agam ar na mallaibh, agus mar sin, tá aistí measartha furasta a scríobh anois. Ní bheadh seans ar bith ar chor ar bith agam cuimhne a choinneáil ar achan rud go dtí an samhradh seo chugainn. Tá mé róshean agus tá brachán déanta agam de m’intinn le fiche bliain!

Ansin tá an GPA rud seo acu! Sin marc a thig leat a fháil ó neamhní go ceathair, áit a seasann ‘neamhní’ do ‘bómánta’, agus ‘a ceathair’ do ‘Stephen Hawking’. Bhí achan rún agam a mhíniú daoibh an dóigh a oibríonn sé – d’fhoscail mé lámhleabhar na mac léinn le taighde a dhéanamh air fiú – ach cha raibh mé ábalta bun nó barr a dhéanamh de. Tá méid millteannach suimeacha le déanamh le theacht ar an uimhir seo – 2.44 nó cibé a bheas ann domhsa, chor a bheith go bhfuil an tUasal Hawking ag teastail lena oibriú amach fá do choinne. Tagann an modh acadúil seo ar fad as Meiriceá. Níl m’intinn déanta suas agam go foill, c’acu an bhfuil dúil agam ann nó nach bhfuil. Seans maith go mbeidh sibh dubh dóite agam le halt eile fá dtaobh de sin amach anseo....Shíl mé a riamh go bhfóirfeadh Deireadh Fómhair domhsa i bhfad níos mó mar thosach na bliana acadúla, ach tar éis tréimhse a chaitheamh agus laethanta saoire amach romham, tá níos mó ciall le tús a chur le hachan rud luath san fhómhar. Bím tinn tursach den samhradh ag an phointe sin – agus nuair a deirim samhradh, bainim úsáid as an fhocal ar bhealach iontach scaoilte. Bím réidh le tosacht ar rud inteacht – le m’intinn a bhaint den drochaimsir agus den bhaisteach. Agus dhá mhí ag an Nollaig! Ag tosú ag tús mí na Nollag – níl caill ar sin. Thiocfadh le fear go leor a fháil déanta sa tréimhse sin. An léacht deireanach den bhliain ar fad sa tríú seachtain i mí Aibreán. Déarfaidh mé arís é – níl caill ar bith ar sin. Bealtaine an mhí is deise sa bhliain in Éirinn.Agus sin uilig ráite – nuair atá tú i lár téarma, bíonn ort oibriú – agus bíonn neart de le déanamh. Tá sin fíor san MA atá mise a dhéanamh cibé, agus cé nach bhfuil agam ach dhá léacht sa tseachtain, bíonn an t-uafás léitheoireacht le déanamh. D’aithin mé nach bhfuil mé

rómhaith ag léamh. Bheul, níl mé gasta, agus ghlacfá a bheith le hobair na seachtaine a chríochnú gach seachtain.Bheul, ar an nóta sin, caithfidh mise pilleadh ar na leabhair. Lig don scaollstaidéar tosacht! Nollaig mhór mhaith daoibh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.