TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Breacadh
Nóirín Ní Ghrádaigh Nóirín Ní Ghrádaigh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Nóirín Ní Ghrádaigh, Breacadh (Conamara).

  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Is mé Comhordnóir an tionscadail Breacadh. Tá mé bliain sa phost.

  1. Cathain a bunaíodh Breacadh agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh Breacadh bliain go leith ó shin. Comhthionscnamh atá ann idir na Coistí Gairmoideachais agus na Páirtíochtaí ADM a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram. Is iad Oifigigh Aosoideachais na n-eagraíochtaí sin a bhunaigh an tionscadal.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Is é príomhaidhm Breacadh acmhainn aosoideachais ar ardchaighdeán a fhorbairt do chainteoirí dúchais Gaeilge; is é sin le rá, acmhainn a chuireann le comhthéacs teanga agus cultúir na Gaeltachta.

  1. Cén obair a dhéanann Breacadh anois agus cé mhéad duine atá fostaithe aige?

Níl fostaithe go lánaimseartha ar an tionscadal ach mé féin, mar Chomhordnóir, ach tá go leor oibre á cur amach againn de réir a chéile ar conradh - chuig teangeolaithe, aistritheoirí, oideachasóirí agus scríbhneoirí. Is ar chúrsaí bunoideachais do dhaoine fásta atá muid ag díriú faoi láthair, agus go háirithe ar thacaíocht a thabhairt do na Coistí Gairmoideachais le seirbhís litearthachta a fhorbairt do chainteoirí dúchais Gaeilge sa Ghaeltacht. Is ag plé le traenáil teagascóirí agus le forbairt áiseanna teagaisc/foghlama is mó atáimid.

  1. Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?

Tá £100,000 sa bhliain, is é sin €126,974, ceadaithe don tionscadal ón Roinn Oideachais ar feadh trí bliana - déanfar athbhreithniú ar an tionscadal an t-am sin. Tá oiread le déanamh i réimse an aosoideachais sa Ghaeltacht go súfadh an obair trí oiread sin sa bhliain dá mbeadh sé ann. Ach is lab deas é mar thús, agus táimid dóchasach go mbeidh cás láidir againn le leanúint leis an obair, agus le méadú airgid a fháil nuair a bheidh an chéad trí bliana curtha dínn againn.

  1. Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Breacadh?

Mar go ndearnadh neamart sa réimse seo oideachais le fada.

  1. Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh?

Níl go dtí seo, cé go bhfaighimid roinnt cuidithe ó dhreamanna éagsúla le hábhar a chur i gcló - leithéidí an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh, agus foilsitheoirí Gaeilge.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá. Tá trí dhuine dhéag traenáilte sna Gaeltachtaí éagsúla mar theagascóirí deonacha litearthachta. Tá a bhformhór sin ag obair le foghlaimeoirí fásta faoi láthair, ag cur eolais ar an cheird. Faoi cheann bliana nó mar sin, tá súil againn go mbeidh na daoine sin réidh le traenáil a chur ar theagascóirí deonacha eile ina gceantar Gaeltachta féin. Idir an dá linn, tá na teagascóirí ag comhoibriú le Breacadh, ag aimsiú na riachtanas atá ann ó thaobh ábhair phraiticiúil theagaisc de, le gur féidir le Breacadh ábhar tráthúil, éifeachtach a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí fásta litearthachta sa Ghaeltacht.

Tá roinnt ábhar feasachta i dtaobh na litearthachta aosaigh curtha i gcló againn fosta, agus feachtas poiblíochta, i dtaobh na faidhbe agus a leigheas, réidh le seoladh againn i mí Mheán Fómhair seo chugainn.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht?

Láidreachtaí na heagraíochta ná go bhfuil tacaíocht mhaith agus maoiniú measartha faighte ón tús aici ón Roinn Oideachais, agus go bhfuil Oifigigh Aosoideachais na gcontaetha éagsúla Gaeltachta ag obair as lámh a chéile sa tionscadal, seachas a bheith ag obair astu féin, gan tacaíocht nó aitheantas.

Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin!

Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta. Mar is eol dúinn, is iad na modhanna céanna teagaisc agus na téacsleabhair agus áiseanna closamhairc céanna a úsáidtear i scoileanna Gaeltachta agus Galltachta den chuid is mó - modhanna agus áiseanna atá dírithe ar mhúineadh na Gaeilge mar dhara teanga, ní ar mhúineadh scríobh agus léamh na Gaeilge do chainteoirí dúchais. Dá mbeadh ábhar maith ar fáil do lucht bunscoile agus meánscoile féin, bheadh fós lena chur in oiriúint do dhaoine fásta, ach mar atá, is beag uilig atá le fáil, in aon áit, ag aon leibhéal i dteagasc scileanna litearthachta do chainteoirí dúchais Gaeilge.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Breacadh faoi cheann cúig bliana.

Bunábhar teagaisc a bheith curtha ar fáil do na scéimeanna litearthachta aosaigh sna Gaeltachtaí (ábhar i réimsí na foghraíochta, an litrithe agus na léitheoireachta go príomha).

Obair mhór a bheith déanta i gcothú feasachta ó thaobh na litearthachta aosaigh de sna Gaeltachtaí (ábhar a chur i gcló, feachtais phoiblíochta a reáchtáil, sraith raidió a chraoladh).

Is as Contae na Mí ó dhúchas í Nóirín Ní Ghrádaigh. Tá tréimhsí caite aici ag obair mar éascaitheoir ealaíon i nGaeltachtaí Ráth Cairn, na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, agus mar eagarthóir litríochta agus ceoil le Cló Iar-Chonnachta i gConamara.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.