Léireoidh tuarascáil Ombudsman na Póilíneachta i dTuaisceart Éireann mar gheall ar dhúnmharú fir óig i 1997 go raibh na fórsaí cosanta ag tabhairt cead a gcinn do bhrathadóirí a rogha rud a dhéanamh. Tuairisc ó Robert McMillen.
Ar an 19 Nollaig 2004, bhí argóint idir beirt fhear agus fear dorais, Trevor Gowdy, ag an Ballyboe Inn i nBaile an Chláir, Contae Aontroma.
An lá dár gcionn, iarradh ar Gowdy bualadh le Mark Haddock, ball den UVF, i gcumann sóisialta i mBaile Manach, leis an scéal a phlé.
Ba sa chumann sóisialta sin a rinneadh ionsaí fíochmhar ar Gowdy. Bualadh le barra iarainn, le tua agus le casúr é sular caitheadh isteach i mbúit a ghluaisteáin féin é.
Go hádhúil, d’éirigh le Gowdy éalú.
Ag deireadh na míosa seo caite, fuarthas Mark Haddock ciontach as an ionsaí fíochmhar sin. Níor ghlac an breitheamh leis gur iarracht ar mharú a bhí i gceist ach mórdhíobháil choirp agus d’iarr sé tuairiscí síceolaíochta Haddock sula bhfógródh sé an téarma príosúnachta.
Ní raibh Haddock in ann bheith i láthair sa chúirt an tseachtain seo mar gur mheas a dhlíodóirí nach raibh sé folláin go leor le bheith ann.
Ag deireadh mhí na Bealtaine, scaoil iar-chomhghleacaithe de chuid Haddock sé huaire é i dtuaisceart Bhéal Feirste le linn dó bheith amuigh ar bannaí agus é ag fanacht le breithiúnas na cúirte.
Cén fáth? Mar gheall ar cheann de na naisc rúnda sin idir an pholaitíocht agus an sceimhlitheoireacht a bhfuil Mark Haddock ina chuid lárnach de.
I 1997, bhí baint ag fear óg darbh ainm Raymond McCord leis an UVF i gceantar Mount Vernon i dtuaisceart Bhéal Feirste. Ba é Haddock a bhí mar cheannaire ar an ghrúpa seo, ceann de na grúpaí UVF ba mhó foréigin sa tuaisceart. Bhí tromaíocht á himirt ag an UDA ar McCord agus chuaigh sé isteach san UVF, ag dúil go bhfaigheadh sé cosaint ón UDA.
Ach i mí na Samhna 1997, bhuail baill den UVF Raymond McCord chomh holc sin go bhfuair sé bás sular dumpáladh a chorp ag cairéal i dtuaisceart na cathrach. Dúnmharú eile mar chuid de thitim amach inmheánach de chuid na bparaimíleatach, dar leat, ach tá an cás seo i bhfad níos tábhachtaí ná sin mar gheall ar fhear amháin, Raymond McCord Sinsearach.
Maíonn McCord go raibh beirt bhrathadóirí de chuid Bhrainse Speisialta an RUC ar an bhaicle a mharaigh a mhac. Tá a fhios againn anois go raibh Haddock – a bhí ina mhangaire drugaí chomh maith – ina bhrathadóir ag an Bhrainse fosta agus creideann McCord gur chosain an Brainse Speisialta é ó chásanna cúirte.
Tá an t-athair i mbun feachtais de lá agus d’oíche, ag iarraidh go gcúiseofaí na daoine a mharaigh a mhac as an dúnmharú.
Dúnmharú eile
I ráiteas a rinne Pat Rabbitte, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre ó dheas, sa Dáil ar an 25 Deireadh Fómhair 2005 dúirt sé go maítear gur earcaíodh Haddock i ndiaidh dó cailín óg Caitliceach a mharú le linn di bheith ar cuairt ag cara dá chuid i Mount Vernon i mí Eanáir 1993.
Ó shin i leith, dúirt Rabbitte go raibh baint ag Haddock le dúnmharú Gary Convie agus Eamon Fox (beirt Chaitliceach a scaoileadh ar láithreán tógála i mí na Bealtaine 1994); Thomas Sheppard (brathadóir líomhanta a scaoileadh i 1996); an tOirmhinneach David Templeton (a bualadh go holc i mí an Mhárta 1997); Billy Harbinson (1997); Tommy English (iarpholaiteoir de chuid an UDP, 2000); agus David Greer (a maraíodh le linn achrainn inmheánaigh de chuid na ndílseoirí in 2000.
Dúirt an Teachta: “An líomhain lárnach atá ann ná nár cúisíodh Haddock as coir ar bith mar gur brathadóir ab éigean a chosaint a bhí ann. Bhí sé ábalta gníomhú saor ó phionós, agus na póilíní i gclaonpháirt leis.”
Tá Ombudsman na Póilíneachta, Nuala O’Loan, ag fiosrú líomhaintí McCord Snr agus bhíothas ag súil go bhfoilseofaí a tuarascáil i mí Mheán an Fhómhair. Fógraíodh ag deireadh na míosa seo caite, áfach, gur i mí Eanáir 2007 a fhoilseofar í. Is léir go bhfuil Rialtas na Breataine neirbhíseach fána mbeidh le léamh sa tuarascáil.
Tá sé ráite ag an Rúnaí Stáit, Peter Hain, go mbeidh tuarascáil an Ombudsman “extremely uncomfortable” do Rialtas na Breataine. Is gá an cheist a chur: An raibh a fhios ag Rúnaithe Stáit na linne, nuair a bhí gníomhaithe an Bhrainse Speisialta ag marú daoine, cad é a bhí ar bun acu? Má bhí a fhios, nach bhfuil siad féin ciontach?
Is ceist bhunúsach í. Cad é an tsaoirse ba cheart duit a thabhairt d’fhórsaí cosanta do thíre agus iad ag troid “in éadan na sceimhlitheoireachta”? Tá cur agus cúiteamh ann faoi láthair fá phríosúin rúnda na Meiriceánach ar fud na cruinne agus an céasadh a mhaítear a bheith ag tarlú iontu sa “troid in éadan sceimhle.”
An fiú an braon fola in Éirinn nó in áit ar bith eile, má chiallaíonn an abairt sin go ligeann tú do bhrathadóirí daoine neamhchiontacha a mharú?
Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.