Bhí Uinsionn Mac Dubhghaill i láthair sa Chúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite nuair a tugadh fianaise i gcoinne Maurice Tobin, Bráthair Críostaí a rinne ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí óga i scoil thionsclaíoch Leitir Fraic ar feadh cúig bliana is fiche.
Bíonn ócáidí sa saol a chuireann as go mór do dhuine, fiú amháin don bhleachtaire is crua. Bhí ócáid den chineál sin sa gCúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite, nuair a tháinig iarchócaire ón scoil thionsclaíoch i Leitir Fraic i gConamara os comhair an Bhreithimh Harvey Kenny.
Ciontaíodh an Bráthair Maurice Tobin, fear 71 bliain d’aois arbh as an mBaile Mistéileach i gCo Chorcaí ó dhúchas é, as 23 cúiseamh a bhain le hionsaithe mígheanasacha ar bhuachaillí óga sa scoil idir 1959 agus 1974. Ciontaíodh é as dhá chúiseamh a bhain le bugaireacht le linn na tréimhse céanna. Gearradh téarma príosúin dhá bhliain déag air, ach cuireadh ceithre bliana ar fionraí.
Ach ní insíonn na sonraí loma an scéal, ná baol air. Agus an cás á éisteacht ag an mBreitheamh, léigh an ceannfort Tony Dowd ón gClochán na ráitis éagsúla a thug 25 fear a chaith seal i Leitir Fraic. Thit ciúnas domhain ar a raibh i láthair sa gcúirt, idir iriseoirí, ghardaí, lucht dlí agus lucht féachana, agus d’fhan siad ina dtost an fhad is a bhí na mionsonraí scáfara á dtabhairt ag an gceannfort. Chloisfeá biorán ag titim. Maidir liom féin, ní raibh a fhios agam an raibh mé ar tí pléascadh amach ag caoineadh, nó mo bhricfeasta a chur amach le teann déistine de bharr na sonraí uafásacha a bhí á gcloisteáil agam.
Fear breá téagartha 27 bliain d’aois ab ea Maurice Tobin nuair a fuair sé post mar chócaire i Leitir Fraic. Ón uair sin go dtí gur dúnadh an áit i 1974 - nuair a bhí Tobin 42 bliain d’aois -dhéanadh sé ionsaithe go mion minic ar bhuachaillí óga. Tugadh cuntas sa gcúirt ar an gcaoi a ndéanadh sé na hionsaithe, agus cé chomh minic. Dúirt beirt fhear go ndéanadh sé iarracht ar bhugaireacht a dhéanamh leo trí nó ceithre huaire sa tseachtain. D’inis fir eile go gcuireadh sé iachall orthu é a shásamh lena lámha - nó lena mbéal - cúpla uair in aghaidh an lae.
Buachaillí idir aon bhliain déag agus ceithre bliana déag a bhí i gceist. Muna ndéanadh siad a ndúirt Tobin leo a dhéanamh, bhuaileadh seisean go brúidiúil iad. Bhí sceon agus uafás orthu faoin bhfear. Bhí an focal amuigh i measc na mbuachaillí eile san áit lofa sin a bheith ag faire amach d’fhear na cistine. “Áit ar bith ach an chistin,” guí na maidine a bhíodh acu agus dualgaisí an lae á roinnt orthu ag na máistrí.
In ainneoin gur sa gcistin a bhíodh siad ag obair, bhíodh an bia gann i gcónaí agus bhíodh ocras ar na buachaillí i rith an ama. Dá dtosódh buachaillí áirithe ag caoineadh le linn na n-ionsaithe thugadh Tobin milseáin dóibh. Bhíodh breabanna beaga aige - úlla, toitíní nó slisní aráin - do bhuachaillí eile i ndiaidh na n-ionsaithe, agus deireadh sé leo ansin leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre amhail is nár tharla tada. Ní sa gcistin amháin a tharlaíodh sé, ach i gcró na gcearc, sa suanlios san oíche, agus i bhfoirgnimh eile de chuid na scoile.
Faoiseamh
Faoiseamh áirithe do na híospartaigh ab ea an cás. Nuair a bhí sé thart labhair cuid acu leis na meáin ar chéimeanna theach na cúirte. D’inis fear amháin dúinn go raibh sé aon bhliain deag d’aois, agus é ag fás aníos i gCo Longfoirt, nuair a tugadh go Leitir Fraic i dtosach é. Ní raibh aon choir déanta aige, ach mheas na húdaráis nach raibh a mháthair in ann [aire chuí] a thabhairt dó. Teaghlach iad a bhí beo bocht, faoi mar a bhí na mílte eile an t-am sin, agus ar chúis amháin nó ar chúis eile ní raibh a fear céile ag saothrú a choda. Creid é nó ná creid, socraíodh sa gcúirt dhúiche i Longfort go gcuirfí an buachaill óg isteach sa scoil thionsclaíoch i Leitir Fraic go dtí go mbeadh sé bliana déag slánaithe aige, ar an údar sin amháin. Níor thuig an leaid bocht céard a bhí ag tarlú dó, ach cuireadh isteach i gcarr de chuid na ngardaí é agus tugadh go Leitir Fraic é. Ba ansin a thosaigh an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol. Mar dhuine fásta bhíodh sé in achrann leis na gardaí go minic. Chuaigh sé go Sasana agus d’éirigh sé tugtha don ól - scéal sách coitianta i measc na bhfear a chaith seal i Leitir Fraic.
Ní chreidimse, tar éis dom éisteacht leis na cuntais uile sa gcúirt ar an 25 Samhain, nach raibh a fhios ag na Bráithre Críostaí céard a bhí ag tarlú ann. Tá creidiúint mhór ag dul do na gardaí - ar deireadh thiar thall, a deir tú, agus an ceart ar fad agat - as fiosrúchán mall a dhéanmah chomh foighdeach sin. Thosaigh an fiosrú i 1999, agus faoin am a tháinig deireadh leis anuraidh, bhí 22 comhad réitithe le seoladh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. Tugadh téarma príosúin d’iarbhráthair amháin cheana féin (cé gur cuireadh ar fionraí é) a d’oibrigh san áit sna 1960í. Tá beirt eile ag fanacht lena dtriail, agus comhaid eile fós faoi scrúdú ag na húdaráis.
Dá gcloisfeá na fir bhochta a d’fhulaing faoi lámha Tobin, agus iad ag cur síos ar a tharla dóibh, chuirfinn geall nach mbeadh aon amhras ort ach gur chuid choitianta den saol lofa i Leitir Fraic ab ea na hionsaithe, agus go raibh a fhios ag go leor daoine san áit go raibh na hionsaithe sin ag tarlú ar bhonn laethúil. Agus, in ainneoin leithscéalta na heagraíochta, ba léir ón ráiteas a d’eisigh na Bráithre Críostaí an oíche sin nach bhfuil siad in ann glacadh leis an bhfírinne lom.
Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.