AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bliain na dteifeach
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Is ar theifigh is mó a bhí an chaint san Astráil anuraidh, go háirithe i dtreo dheireadh na bliana nuair a bhí an toghchánaíocht ar siúl. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
Príomh-Aire na hAstráile John Howard agus an tUachtarán George Bush, Washington, 10 Meán Fómhair, 2001
Íomhá
An t-imreoir leadóige Lleyton Hewitt

Is dóigh go bhféadfaí Bliain na gCluichí Oilimpeacha a thabhairt ar 2000 san Astráil. Ach ní cúrsaí spóirt a bhí faoi chaibidil sa bhliain 2001 ach cúrsaí polaitíochta agus iad casta go maith freisin. Ó tháinig an long lastais an Tampa i gcabhair ar dhaoine ag lorg dídine i mí Lúnasa, ba bheag aird a díríodh ar cheisteanna eile. Ar ndóigh, bhí rudaí eile ar siúl. Bhí toghcháin ann. Bhí caint ar chogaíocht. Bhí an Príomh-Aire John Howard i Washington nuair a rinneadh na hionsaithe a mharaigh 3329 duine.

Gheall Howard tacaíocht ar an toirt do na Meiriceánaigh, fiú sula raibh barúil dá laghad ag aon duine céard go baileach a bhí na siad ag dul a dhéanamh. Chuir sé sin amhras ar dhaoine - an mbeadh an tacaíocht sin ar fáil cuma céard a dhéanfaidís? Thug sé chun cuimhne freisin an nath a bhí ag rialtas na hAstráile sna seascaidí le linn an chogaidh san Áis: “All the way with LBJ”.

Ach arís is arís ba í ceist na dteifeach a bhí ag dó na geirbe. An teifigh iad nó daoine ag lorg dídine? Ar chóir iad a ligint i dtír? An raibh an Astráil ag comhlíonadh a cuid dualgas? An raibh cáineadh tuillte ag an Astráil? An cúis náire a bhí ann? Má bhí tairbhe ar bith ag baint leis an scéal, dhírigh sé aird na meán ar an méid teifeach atá ar domhan - tuairim is 22 milliún, beagnach ceithre mhilliún acu ón Afganastáin, fiú sular thosaigh an cogadh is deireanaí ansin.

Bhí an freasúra i bponc. Níor tugadh mórán airde ar a gcuid cainte faoin ngeilleagar, faoi oideachas, faoi ospidéil. Ba léir don rialtas gur mhúscail an scéal féith an chiníochais sa bpobal agus bhí siad breá sásta an deis a thapú don toghchán i mí na Samhna. Cuireadh “stráitéis an Aigéan Chiúin” i bhfeidhm, polasaí an rialtais le teifigh a chur go Nauru, go dtí an Nua-Shéalainn agus go Papua Nua-Ghuine. Agus tá an rialtas ag iarraidh tuilleadh oileán a aimsiú a thógfadh cúpla céad anseo, cúpla céad ansiúd. Ceaptar nach mó ná sásta atá an cabhlach go bhfuil siad fostaithe ag díbirt bád beag as uiscí thuaisceart na tíre.

Bhí scéalta eile sa nuacht ar ndóigh. Chaill foireann na hAstráile sa gcluiche deireanach cáilíochta do Chorn Sacair an Domhain. Rinne siad an cleas céanna i 1997. Ceist: Cén sainmhíniú atá ar Ifreann. Freagra: Samhlaigh gur tú foireann sacair na hAstráile...

Cailleadh Don Bradman, an cruicéadaí is fearr a bhí riamh ann, deirtear. Ní thuigeann muintir na hAstráile nár chuala formhór an domhain trácht riamh air. Tháinig foireann peile na hÉireann go dtí an Astráil agus, mar is dual, bhí an ceann is fearr ag na cuairteoirí. D’éirigh leis an imreoir leadóige Lleyton Hewitt a thaispáint gurb é an t-imreoir is fearr ar domhan. Léiríonn sé arís, mar a rinne John McEnroe, nach míbhuntáiste ar bith é a bheith i do charracháinín críochnaithe má tá tú ag iarraidh daoine eile a chloí.

Guím athbhliain faoi shéan ar chuile dhuine de léitheoirí Beo!, fiú amháin ar Bhalor.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.