Tá Terry Moylan ina bhall de Na Píobairí Uilleann le blianta fada. Tá sé fostaithe faoi láthair acu mar chartlannaí. Fear é Terry a bhfuil an-spéis aige sa cheol, sa damhsa agus san amhránaíocht agus tá cúpla leabhar foilsithe aige agus iliomad altanna scríofa aige. Labhair Antaine Ó Faracháin leis le gairid.
Antaine Ó Faracháin: A Terry, céard a mhúscail do spéis sa cheol ar an gcéad dul síos, nó cén chaoi ar thosaigh tú?
Terry Moylan: Ba hiad na hamhráin i dtosach ba chúis leis. Agus mise i mo ghasúr sna caogaidí (roimh theacht na teilifíse), bhíodh nós againn a bheith ag canadh ag ócáidí teaghlaigh, um Nollaig mar shampla. Bhí amhrán ag gach duine, *party-piece *éigin. Shíl mé gur chas gach aon duine. Bhí tionchar nach beag ag na Clancy Brothers orm agus ansin ag na Dubliners. Tar éis tamaill thosaigh mé ag gabháil isteach níos doimhne sa scéal go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann. Chuaigh mé i dteagmháil le Leo Rowsome chun píb uilleann fháil.
AÓF: Inis dom faoin eagraíocht seo Na Píobairí Uilleann. Cé hiad agus cén fáth a bhfuil siad ann?
TM: Cumann atá ann do phíobairí uilleann, a bunaíodh i 1968 de bharr go raibh faitíos ar phíobairí na linne sin go raibh an phíb uilleann chun imeacht ar fad de dhroim an domhain, ar nós na cláirsí.
AÓF: Cé mhéid ball atá ag Na Píobairí Uilleann?
TM: Nuair a bhunaigh Breandán Breathnach an cumann ní raibh mar bhaill ann go bunúsach ach an méid píobairí a shíltear a bhí fágtha, thart ar sheasca duine ar fad. Tá ballraíocht anois ann de thart ar 2,500 duine agus níl sa mhéid sin ach codán den mhéid píobairí atá anois sa domhan.
AÓF: Cén áit a bhfuil sibh lonnaithe?
TM: Ó 1980 i leith tá muid lonnaithe i dteach i Sráid Henrietta, atá ar cíos againn ó Chomhairle Chathair Átha Cliath le haghaidh céad bliain ar scilling sa bhliain (má iarrtar í). Ba é an margadh a rinneadh eadrainn ná go gcuirfeadh muide caoi ar an áit. Ní raibh ann ach fothrach nuair a bhog muid isteach ann.
AÓF: Teach mór breá stairiúil atá in 15 Sráid Henrietta, mar a dúirt tú. Caithfidh go gcosnaíonn sé an t-uafás airgid le caoi a chur ar áit mar sin agus í a choinneáil i staid mhaith. Cá bhfaigheann sibh an t-airgead?
TM: Fuair muid tacaíocht ó fhoinsí éagsúla thar na blianta, Banc na hÉireann, Fondúireacht na hÉireann etc. ach tagann an tacaíocht is mó ón gComhairle Ealaíon.
AÓF: An bhfaigheann sibh mórán tacaíochta ón stát? An leor é?
TM: Ní leor. Gan a bheith ag iarraidh leatrom a dhéanamh ar aon saghas eile ceoil, is ceart a lua nach n-imeodh *ballet *nó *opera *de dhroim an domhain ar fad dá dteipfeadh orthu in Éirinn. Gheobhaidís tacaíocht ó na tíortha as ar eascair siad a chinnteodh go mairfidís. Ach sílim go mbeadh sé cothrom a mhaíomh dá dteipfeadh ar cheol traidisiúnta na hÉireann in Éirinn go mba chaillteanas ar leibhéal eile ar fad a bheadh ann. Tá cearta thar an gcoiteann ag an bpíb uilleann aitheantas a bheith aici mar uirlis cheoil náisiúnta na hÉireann agus ba cheart é sin a chur san áireamh nuair a bhíonn tacaíocht stáit á lorg. Ina ionad sin is cosúil go mbreathnaíonn an stát air seo mar chaitheamh aimsire (caitheamh aimsire atá beagán beag ait freisin) atá ag saoránaigh áirithe, caitheamh aimsire atá ar an leibhéal céanna le babhláil féir nó damhsa salsa.
AÓF: Deirtear go dtógann sé bliain is fiche leis an bpíb uilleann a fhoghlaim i geart. An bhfuil sin fíor? Feicimse go leor píobairí óga thart atá an-mhaith ar fad agus níl siad mórán níos sine ná sin.
TM: Thar na blianta go bhfuilimse ag plé leis an uirlis seo, tugaim faoi deara le gach glúin nua a thagann aníos go dtagann an uirlis agus an ceol níos éasca chucu. Níl faitíos orthu roimpi. Is cosúil nach bhfeiceann siad constaicí ar bith sa mbealach. Tá ceoltóirí óga ann ar nós Mikie Smyth agus clann Mhic Eoin atá ina scothphíobairí cheana féin agus gan ach codán beag den bhliain is fiche sin curtha díobh acu.
AÓF: Eagraíonn sibh ranganna píobaireachta agus tá cúpla físeán déanta agaibh d’fhoghlaimeoirí, nach bhfuil?
TM: Tá. Tá ranganna ar siúl againn gach oíche Dé Máirt le 30 bliain anuas. Tá trí fhíseán foilsithe againn agus tá muid ag obair ar an gceathrú ceann.
AÓF: Aithnítear thú mar dhuine a bhfuil an-spéis aige sna damhsaí seite. Inis dom faoi sin agus faoi Brooks Academy.
TM: Thosaigh Brooks Academy le grúpa píobairí a bhí ag iarraidh damhsaí seite a fhoghlaim. Tháinig an smaoineamh chugainn Brooks Academy a bhaisteadh orainn féin toisc é a bheith luaite san amhrán “Lanigan’s Ball” a bhí ag gabháil thart ag an am. Tá an t-uafás déanta againn a chuir le hathbheochan na seiteanna. Bhí muid chun tosaigh ag foilsiú leabhrán de na damhsaí agus taifeadtaí de cheol a bhí cóirithe i gceart do na damhsaí. Tá mé thar a bheith bródúil as an bhfoilseachán *A Selection of Irish Traditional Step Dances *le Micheál Ó Tiobraide - an chéad bhailiúchán de dhamhsaí aonair a foilsíodh riamh.
AÓF: Mar sin, an gceapann tú go bhfuil an traidisiún damhsa ag coiscéimniú leis, ag fás agus ag forbairt ar bhealach sláintiúil?
TM: Tá, go hiomlán. Tá nós ag daoine scaití a bheith ag rá go bhfuil na damhsóirí anois ag tabhairt neamhairde ar an traidisiún agus ar stíleanna agus céimeanna na ndamhsóirí a bhí mar fhoinse. Ach an rud a fheicimse ná na damhsaí agus iad ar ais mar chaitheamh aimsire beo. Bhí sé i gcónaí dodhéanta an saol a bhí ann 40 nó 50 bliain ó shin a athchruthú. B’amaideach an mhaise do dhaoine a mhalairt a cheapadh. Iad siúd a impím orainn aithris ghlan a dhéanamh ar na seandamhsóirí, níl iontu ach an méid sin, aithriseoirí. Tá siad ar nós daoine a ghléasann iad féin mar Lochlannaigh nó mar Ghaeil chun seanchathanna a athchruthú.
AÓF: Casann tú corrstéibh d’amhrán freisin. Cén t-amhránaí is fearr leat (seachas mise ar ndóigh!)?
TM: Bhuel níor cheart duit tú féin a chur as an áireamh. Mmm… Ní fhéadfainn aon duine áirithe a phiocadh amach thar aon duine eile ach ghabhfainn as mo bhealach le n-éisteacht le Frank Harte, Seán Ó Gairbhí, Áine Uí Cheallaigh nó Finola Ó Siochrú, mar shampla.
AÓF: Chuir tú leabar eile amach ansin cúpla bliain ó shin, The Age of Revolution in the Irish Song Tradition 1776 - 1815. Inis dom faoi sin.
TM: Mar a dúirt mé roimhe, bhíodh sé de nós againn a bheith ag canadh ag ócáidí teaghlaigh. Is ansin a chuala mé leithéidí “Boolavogue” agus “The Rising of the Moon”. Rug an ceann deireanach sin go speisialta greim orm agus chuir mé dubhspéis dá bharr sa tréimhse staire sin thart ar 1798 agus sna hamhráin a bhain leis.
AÓF: Ach céard a spreag thú leis an leabhar a chur le chéile?
TM: Nuair bhí comóradh 200 bliain Éirí Amach 1798 ag teannadh linn, mhol mé do Tommy Munnelly (atá ag obair i Roinn Bhéaloideas Éireann) leabhar d’amhráin ón tréimhse sin a chur i dtoll a chéile. Is é an freagra a thug sé orm ná “Cén fáth nach ndéanann tú féin é!?” Chuaigh mé abhaile, mar sin, agus chuir mé liosta le chéile de na hamhráin a raibh mé in ann smaoineamh orthu a raibh baint acu leis an tréimhse sin. Bhí 50 nó 60 amhrán agam ar an liosta gan mórán stró. Bunús réasúnta maith, a shíl mé, do bhailiúchán mar é, agus mar sin lean mé leis.
AÓF: Ar thóg sé mórán ama ort?
TM: Thosaigh mé i 1997 agus mé ag ceapadh nach mbeadh stró ar bith orm a bheith réidh don bhliain ina dhiaidh sin, ach gach áit a bhreathnaigh mé tháinig mé ar a thuilleadh ábhair! Níor éirigh liom é a chríochnú faoi dheireadh go dtí an bhliain dhá mhíle!
AÓF: Dhá n-iarrfainn ort rud amháin a phiocadh amach nach dtaitníonn leat faoi staid an cheoil thraidisiúnta in Éirinn faoi láthair, céard a déarfá?
TM: An rud is mó a chuireann isteach orm ná an bealach go bhfuil deighiltí tar éis teacht isteach sa traidisiún. Tá ceoltóirí ann nach gcaitheann aon am i gcomhluadar amhránaithe. Tá amhránaithe ann a bhfuil faitíos orthu ceol a ligean isteach ina gcuid seisiún amhránaíochta, agus tá damhsóirí ann nach gcuireann spéis ar bith in aon rud nach bhfuil rithim ann a ligeann dóibh batráil mhire a dhéanamh. Is iad na ceoltóirí is fearr liomsa ná iad siúd a chleachtaigh agus a raibh grá acu do gach gné den traidisiún - daoine mar Shéamus Ennis, Willie Clancy, Breanndán Ó Beaglaoigh - agus tú féin, ar ndóigh!
AÓF: Agus cén rud dearfa is mó a phiocfá amach?
TM: Bhuel, ceapaim gur cheart dúinn a thuiscint, má bhí ré órga riamh ann do cheol traidisiúnta na hÉireann, gur anois atá sé ann. Bainimis taitneamh as - tá daoine ar fud an domhain in éad linn!
Craft Recordings: www.iol.ie/~terrym/craft.htm Lilliput Press: www.lilliputpress.ie Brooks Academy: www.setdance.com
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.