Tá réimse i bhfad níos leithne bia le fáil san Astráil na laethanta seo, a bhuí sin leis na hinimircigh atá tagtha chun na tíre ó bhí aimsir an Dara Cogadh Domhanda ann, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
Ceann de na hathruithe móra atá tarlaithe san Astráil ó lár an chéid seo caite ná an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí bia. Bhí an-tábhacht le talmhaíocht sa tír le 150 bliain roimhe sin agus tóir ar bhia “traidisiúnta” – go minic, feoil dhearg agus cúpla cineál glasraí, fataí agus meacain dhearga, b’fhéidir.
Cé nach mbeadh aon locht ag roinnt mhaith daoine ar a leithéid, ní fhéadfaí a rá go raibh an t-uafás samhlaíochta ag baint leis.
Ach an oiread le hathruithe eile, bhí cúis leis an gceann seo. Bhain sé leis na daoine a tháinig anseo ón Dara Cogadh Domhanda i leith. Cuireadh tús le scéim mhór inimirce i 1948 agus tháinig na sluaite as deisceart, lár agus oirthear na hEorpa agus thug siad leo a gcuid nósanna féin maidir le go leor rudaí ach ba é an bia an ceann ba shuntasaí. Ní raibh sa tír ach 9 milliún duine (le hais 20 milliún anois) agus bhí sé d’aidhm ag an rialtas é sin a mhéadú go mór. Bhí an Ghearmáin fós scriosta agus bhí bochtanas i go leor tíortha eile san Eoraip. Tháinig siad ina mílte as an nGréig agus as an Iodáil agus as chuile thír eile san Eoraip. Bhí ticéad go dtí an Astráil le fáil ar dheich bpunt agus bhí obair le fáil acu siúd a raibh fonn oibre orthu.
Thug siad leo a gcuid bia agus mura raibh na glasraí nó pé rud eile a bhí uathu le fáil anseo, thosaigh siad á bhfás. Ba ghearr go raibh siad le fáil sna margaí agus sna siopaí. D’oscail cuid acu bialanna agus níor thóg sé mórán achair go bhfaca an pobal go raibh bia den scoth le fáil ar phraghas réasúnta, cé nárbh é an bia a raibh taithí acu air é go minic. Bhí “blas eile” ar an saol.
Tharla an cleas céanna sna seachtóidí nuair a tháinig deireadh leis an réabadh in oirdheisceart na hÁise agus thug na sluaite as an gcuid sin den domhan a n-aghaidh ar an Astráil. Bhí deireadh tagtha leis an gcosc ar dhaoine nárbh as an Eoraip iad. Thug siadsan leo a gcuid bia féin freisin agus na scórtha bealach le bia a réiteach agus ba ghearr go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine nach raibh in ann wok a litriú, gan trácht ar a úsáid, tamall beag roimhe sin. Bhí spíosraí dá gcuid féin acu agus cé nach raibh siad le fáil go héasca ar dtús tá sé sin athraithe anois agus bia Áiseach le fáil sna hollmhargaí agus, sna cathracha, siopaí nach bhfuil tada eile iontu ach bia Áiseach.
Is cuimhneach liom féin dul chuig bialann Théalannach i 1980 in Bondi, in oirthear Sydney. An t-am sin ba í an t-aon cheann sa gcathair í. Anois tá siad le fáil chuile áit. Baineann sé sin freisin le bialanna Indiacha. Tá bia as Vítneam, an Chambóid agus an Mhalaeisia le fáil go héasca freisin. Tá roinnt daoine san Astráil nach bhfuil róthógtha le heachtrannaigh de bhunadh na hÁise, ach is cinnte go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí bia anseo mar gur tháinig siad, díreach mar a tharla i gcás na ndaoine as an Eoraip blianta roimhe sin.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.