Cuireann Ruth Nic Giolla Iasachta síos ar Pháras, cathair a bhfuil sí ag cur fúithi inti anois le cúpla seachtain anuas.
Táim tar éis bogadh go Páras. Cathair na soilse, an Túir Eiffel, croissants, cáise agus fíona. Cheana féin, tá blaiseadh faighte agam de shaol na cathrach, trí thurais laethúla ag lorg árasáin, poist agus bia den scoth.
Níos mó ná céad bliain ó shin a cuireadh tús leis an gcóras métro *i bPáras, agus tá sé fós chomh háisiúil is a bhí riamh. Córas iontach soiléir atá ann, ina bhfuil chuile rud scríofa agus comharthaí i ngach áit. Measaim féin gurb é seo an córas is fearr dá leithéid ar domhan. Anois tá córas nua, *Navigo, á láinseáil acu. In ionad pas taistil a chur isteach sa mheaisín, ní gá anois ach an pas nua a chur thairis. Léitear an t-eolas go digiteach agus ligtear tríd thú, fad is atá lucht na dticéad “traidisiúnta” fós sa scuaine.
Agus bí ag caint ar scuainí. Cheap mé gur fadhb a bhí iontu in Éirinn (smaoinigh ar Stáisiún Heuston tráthnóna De hAoine), ach fágann scuainí Phárais muid in áit na leath*centime. *Anseo i bpríomhchathair na Fraince, bíonn ar dhaoine fanacht uair an chloig in amanna chun stampa a cheannach. Fanann daoine go béasach, agus tógann siad a gcuid ama nuair a thagann siad chomh fada leis an gcuntar. Cineál fáinne fí atá i gceist, mar ní theastaíonn ó éinne fanacht níos faide sa scuaine ná mar a thógann sé orthu a ngnó a dhéanamh. Tógann siad a n-am, mar sin, chun a chinntiú go mbraitheann siad gurbh fhiú fanacht chomh fada sin sa scuaine.
Is cuma cá dtéann tú - La Poste, France Telecom, nó fiú na boulangeries - beidh ort fanacht. Mise an duine is mífhoighdí ar domhan, nach féidir léi aghaidh a thabhairt ar shluaite Shráid Ghrafton gan fonn dúnmharaithe teacht uirthi. Táthar do mo mhúineadh anseo, ach is deacair an ceacht é.
Is deas liom an taistealeach nua rí-thapa atá á thriail i stáisiún Montparnasse, mar sin, a théann ag luas 9 gciliméadar (thart ar 5 mhíle) san uair. B’fhéidir nach gceapfá é, ach tá sé sin an-sciobtha go deo - baineann sé sála na mbróg díot, ach bíonn tú ag do cheann scríbe i bhfad roimh lucht na gceann nach dtéann ach 3 chiliméadar san uair!
Chaith mé cúpla seachtain ag lorg obair bhreise, gan mórán dul chun cinn a dhéanamh. Ar an idirlíon den chuid is mó a rinne mé an taighde, agus ní bhfuair mé ach cúpla freagra ar ais. Agallamh anseo is ansiúd, scrúdú Fraincise, tástáil ar mo chumas ríomhaireachta, ranganna samplacha chun TEFL a dhéanamh agus mar sin de. Chaith mé roinnt mhaith ama ag fanacht in oifigí Stáit chun cáipéisí cearta a fháil chomh maith. Fuair mé léargas an-suimiúil ansin ar shaol an inimircigh - agus mise ó thír atá mar bhall den Aontas Eorpach! Níor mhaith liom a shamhlú cén crá a bhíonn i gceist i gcás lucht lorgtha oibre ó thíortha eile.
Ainmneacha na dtraenacha
Ach ní bhuaileann *mal de pays *(cumha i ndiaidh an bhaile) mé, dáiríre, agus ainmneacha mar Nora, John, agus Sara (gan trácht ar Zeus, Vick, agus Nemo!) ar na traenacha RER. Iad ag dul thar bráid ag ardluas, agus píosa de mhála láimhe nó de chóta rocach i bhfastó sna doirse go minic. Mar is cuma go dtagann siad chuile chúig nóiméad (nó níos minicí, fiú) - is mian leis an duine daonna rith obann a dhéanamh agus léim isteach ag an soicind deireanach, díreach sula ndúntar na doirse.
Ag tús agus ag deireadh an lae, bíonn na *métros *agus na RERs cosúil le hollphéisteanna fada a bhfuil go leor daoine - idir oibrithe, mhic léinn, lucht déirce agus cheoltóirí - alptha acu. Ní féidir bogadh istigh i bputóga na n-ollphéisteanna seo, ach ní bhíonn ach cúpla nóiméad le fulaingt agat de ghnáth, mar gheall ar an luas ag a dtéann siad. Uaireanta, nuair a fheicim scuaine fhada oibrithe ag fanacht lena gcuid ticéad a stampáil ar an mbealach isteach, tagann líne Mháirtín Uí Chadhain, “mise sa lár, i mo chime mar chách”, isteach i m’aigne. Mar a tharlaíonn sé, tá traein de chuid RER darb ainm Cime ...
Bíonn fidléirí, amhránaithe, seinnteoirí bosca ceoil agus eile ag dul suas síos ar na línte traenacha an lá ar fad ag lorg airgid. Chuile chineál stíle, agus cuid acu gan stíl ar bith. Amhrán a fhanfaidh liom go deo ná leagan faoi leith de “Maia Hi”, amhrán an tsamhraidh le *boyband *ón Rúmáin - beirt fhear meánaosta á chanadh in ard a ngutha agus canúint bhreá Fhrancach acu.
Cloisfidh tú Béarlachas uaireanta, ach taobh amuigh d’fhocail mar weekend *agus *stop, bíonn brí eile ar fad go minic ag na focail Bhéarla a úsáidtear. Deirtear people, mar shampla, chun the beautiful people *a chur in iúl. Dar ndóigh, tá an focal *portable *(fón póca) faoi bhrú ag an leagan Béarla, *mobile, faoi láthair. Den chuid is mó, is fearr leis na Francaigh leaganacha giorraithe dá gcuid focal féin a úsáid, mar shampla, *ordi *seachas *ordinateur *(ríomhaire), *asso *seachas *association *(eagras) agus *impec *seachas *impeccable *(togha).
I dtír seo Sartre, de Beauvoir agus Derrida, bíonn síceolaíocht agus fealsúnacht le fáil i ngach áit (bíonn fógraí i ngach páipéar, mar shampla, ag síceolaithe agus ag comhairleoirí fealsúnachta). Is féidir freisin freastal ar cours de séduction, mar, cosúil le haon chathair eile, is léir go bhfuil neart daoine ann ag lorg páirtí. Tá scéim nua darb ainm *dans le noir *(sa dorchadas) ag bialann, áit ar féidir leat “dáta dall” (nó cleamhnas caoch, b’fhéidir) ceart a bheith agat - itear agus óltar i seomra fíordhorcha agus is daoine gan radharc iad na freastalaithe. Is cosúil go mbíonn go leor glanadh le déanamh tar éis chuile bhéile, agus deirtear nach féidir bheith cinnte an fíon geal nó dearg atá á ól agat. Tá buidéal maith fíona le fáil anseo ar níos lú ná cúig euro - mar sin, ní bhíonn mórán imní ort má dhoirteann tú cuid de!
Faoiseamh
Tá go leor leor páirceanna poiblí anseo, áit ar féidir leat do scíth a ligean agus faoiseamh a fháil ó chrá croí la vie quotidienne. Eas uisce agus sliabh bréagach rí-ard (tá an-radharc le fáil uaidh) an Parc des Buttes Chaumont; cruinniú le chéile na gcág istigh sa Jardin des Plantes, áit a bhfuil neart lusanna agus luibheanna le feiceáil; crainn mhaorga an chúigiú arrondissement sa Jardin de Luxembourg (Bhí suas le 38,000 crann i bPáras nuair a rinneadh an chéad chrannáireamh in 1855, agus tá níos mó anseo anois); an crann is seanda sa chathair, an Robinier, a cuireadh sa bhliain 1601; gan trácht ar bhruacha an Seine, áit a mbíonn neart daoine ag siúl, ag rothaíocht agus ag lannrolláil.
Chuile sheachtain, cuirtear cosc ar an trácht chun tuilleadh spáis a chur ar fáil don lucht lannrollála. Is caitheamh aimsire é seo a bhfuil na Parisiens iontach gafa leis. Ag an deireadh seachtaine go háirithe, ní féidir dul cúpla slat gan fear nó bean nó grúpa cairde nó teaghlach iomlán a fheiceáil ag lannrolláil thart go beo. Tógann siad chuile réamhchúram - clogaidí, cosantóirí láimhe agus glúine. Chonaic mé póilíní na cathrach ar lannaí lá amháin chomh maith, i lár an bhóthair in aice leis an Jardin de Luxembourg. Ní éalódh aon ghadaí uathu siúd!
Caithfidh tú súil a choinneáil ar na mbealach amach romhat, áfach, chun na crottes de chien a sheachaint. Toisc go bhfuil líon chomh mór sin madraí sa chathair (púdail den chuid is mó, feictear domsa), bíonn na cosáin breac le cac. Ach ní chuireann sin isteach oiread ort nuair a fheiceann tú na púdailíní beaga sin, a gcuid “gruaige” sínte siar óna n-aghaidh go deas néata le greamáin pháistí, agus iad á n-iompar ar na staighrí beo síos go dtí na métros, i mbaclainn a n-úinéirí.
Le héalú ón gcathair tamall, dhreap mé suas an Túr Eiffel cáiliúil sin, ag clapsholas. Tá radharc aoibhinn ann de shoilse na cathrach, agus ar gach uair an chloig san oíche, lasann soilse glioscarnacha ar an túr é féin, agus bíonn sé ar nós crainn Nollag le tinsil airgid. An-úsáideach mar phointe tagartha agus tú ag teacht abhaile ó chóisir eile… Tá sé scríofa thuas ansin ag an mbarr, le cruinneas Cairtéiseach, go bhfuil cathair Bhaile Átha Cliath go díreach 777 ciliméadar ón Túr.
Ar ndóigh, má dhéanann tú turas sa tslí eile, síos faoin talamh go séaraigh na cathrach, les Egouts de Paris, tuigfidh tú an fáth go bhfuil a leithéid de rud mar ábhar mórtais ag na Parisiens. Cuirtear síos ar an gcóras mar “chathair faoin gcathair": faoi chuile grand boulevard, luíonn a mhacsamhail de thollán séarachais. Rud a fhanann san intinn agus atá tú ag siúl trí Pháras - cathair na soilse arda agus an uisce go domhain faoi thalamh!
Is as Contae na Mí í Ruth Nic Giolla Iasachta. Bhog sí go Páras an fómhar seo, tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.