Bhí David Drumm ag gabháil leithscéil as droch-chaint na dtéipeanna. Níor thada an droch-chaint agus an eascainí. I ndáiríre, ba chuma faoi dhaoine a bheith ag déanamh tóin dá mbéal ar na téipeanna. Níl sa leithscéal ar ndóigh ach cleas an philibín. B’shin an fáth gur moladh dó leithscéal a ghabháil faoin eascainí. Bíonn ciúin ciontach agus caithfear rud éicint a rá in am corraíola leis na meáin. Is í aidhm an leithscéil, an ciúnas a sheachaint agus an chiontacht a choinneáil uait, go fóill.
Gné eile a chloistear sách minic nuair a bhíonn polaiteoir, tráchtaire, iarbhaincéir nó a leithéid ag caint ar chliseadh na mbanc, is ea gur ‘a culture of’ seo, siúd nó eile a bhí ann ag an am, amhail is a rá gur cuma anois faoi aon ghníomh as bealach a rinne, polaiteoir, tráchtaire nó baincéir cúig nó sé bliana ó shin.
Cloisim rud amscaí eile á rá faoi chliseadh na mbanc. Maítear gur córas caipitleach a bhí agus atá againn in Éirinn. De réir an chórais chaipitiligh, is éard a dhéanfas tú, do chuid airgid a chur i bhfiontar a bhfuil scil agat ann, seirbhís nó táirge a sholáthar agus biseach éigin an airgid a d’infheistigh tú ar dtús ann a chur i leith na gcostas, tuarastail na bhfostaithe agus i do leith féin. Má bhíonn fios do ghnóthaí agat, beidh rath ar an bhfiontar agus biseach dá réir ar an infheistíocht. Sin rud NÁR tharla i mbaincéireacht agus i ngnónna na tíre seo le linn do Rialaitheoir Airgeadais, Aire Airgeadais agus Rialtas a bheith i mbun na tíre agus bhí tíortha eile in Aontas na hEorpa chomh dona céanna. D’fhóir an ainriail sin don Ghearmáin gan a dhath a rá, agus choinnigh siad an béal druidte.
Coiriúlacht a Tharla
Is é an rud a tharla go fíreannach i mórán tíortha:
Gur airgead daoine eile a infheistíodh i bhfiontair.
Infheistíodh uimhir ar pháipéar .i. tada, go minic, le maoin a cheapadh.
Daoine nár leo an t-airgead in aon chor a fuair an biseach as tríd an chóras bainc.
Chuidigh agus ghníomhaigh an córas polaitíochta leis na bainc sin agus thug tuilleadh airgid dóibh, airgead nár leis na bainc é.
Tá rialtais ar fud an domhain fós ag scríobh uimhir ar pháipéar agus ag maíomh luach leis. Thosaigh an tSeapáin agus clóbhuaileadh dalladh airgead páipéir eile do thíortha eile fosta. (Caith do shúil ar Alan Greenspan sna naisc ar dheis: ní shéanfaidh páipéar dúch) Más san AE atá tú á léamh seo, thug tú faoi deara an nóta úr €5 ar na mallaibh. Má tá an scríobh ar an nóta, b’fhéidir gur thábhachtaí mar a deir an Béarla, a bhfuil ‘scríofa ar an bhalla’.
Leanfaidh scéal ghuagacht chórais airgid an domhain ar aghaidh go ceann cúrsa, ach in Éirinn agus in gach tír, ba cheart an dlí a chur i bhfeidhm gan bheann ar leithscéalta faoi ‘a culture of x nó y’. Ní ‘culture’ amháin ná eile a bhí taobh thiar den iompar baincéireachta in Éirinn agus níor chaipitleachas é ach an oiread. Is éard a bhí ann, coiriúlacht. Má creachadh Peadar le Pól a dhíol, is coir a tharla agus éinne a d’imir cleas, tá sé thar am go n-íocfadh siad as.