Tugann sé ardú meanman do dhaoine, dar le Colm Mac Séalaigh, agus cuireann sé leis an taitneamh a bhaineann siad as an spórt nuair a bhíonn an bua ag duine atá macánta agus nach mbriseann na rialacha, leithéidí Phádraig Harrington.
Deirtear nach mbíonn an bua ag an duine uasal lách ariamh nó, mar a deirtear sa Bhéarla, “nice guys don’t win"! Tá cuma nath cainte Meiriceánach air sin agus ní chuirfeadh sé ionadh orm má tháinig an ráiteas céanna anall thar aigéan chugainn am éigin sna blianta atá thart. Is dóigh go léiríonn sé meon áirithe i dtaobh cúrsaí spórt a deir gurb é an bua an rud is tábhachtaí agus mura mbíonn tú buacach is “loser” thú! Chloisfeá gasúir go fiú ag glaoch *loser *ar ghasúir eile uaireanta. Ní deas sin.
Mar léiriú ar an meon úd chonaiceamar cúpla bliain ó shin an chaoi inar iompar foireann na Stát Aontaithe iad féin i gcomórtas gailf Chorn Ryder. Ba léir tábhacht an bhua dóibh nuair a rinne siad damhsa timpeall na faiche deiridh (nuair ba chosúil go mbeadh an bua acu) in ainneoin nach raibh foireann na hEorpa réidh leis an imirt. Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
Uaireanta tagann meon an “bhua ar phraghas ar bith” chun cinn sa tír seo. Feicimid uaireanta foirne agus imreoirí ag imirt go mímhacánta agus ag baint úsáide as imirt gharbh chun stop a chur leis an bhfoireann eile i slite nach bhfuil ceadaithe de réir rialacha nó go ndéantar “feall gairmiúil” d’aon turas ar imreoir eile sa chás go bhfuil baol ann go scóralfadh sé cúl. Leis an scéal a dhéanamh níos measa, tá imreoirí ann a chuireann an dallamullóg ar réiteoirí go rialta, na “tumadóirí” sa sacar mar shampla.
Buíochas le Dia ní tharlaíonn an saghas iompar frithspórtúil seo an t-am ar fad agus is breá an rud é imreoirí agus foirne a fheiceáil ag déanamh a seacht míle dícheall chun an bua a fháil agus ag croitheadh láimhe lena chéile ag deireadh an chomhraic. “Páirt a ghlacadh” seachas “bua ar phraghas ar bith” an mana is uaisle agus is sine.
Ómós
Dá bhrí sin go léir is breá linn nuair a bhíonn an bua ag “nice guy” agus go mórmhór nuair is “duine dár gcuid féin” é no í. An duine is déanaí a thuill an t-ómós sin ná Pádraig Harrington, an galfaire. Ar an Domhnach, 18 Bealtaine bhuaigh Pádraig ceann de mhórchomórtais ghailf na hEorpa, sé sin Comórtas Oscailte na Gearmáine. Agus €450,000 ina phóca aige, bhlais Pádraig bua luachmhar ach níos tábhachtaí ná an t-airgead féin ab ea an bealach inar bhuaigh sé.
Má tá duine uasal no “nice guy” i gcúrsaí spórt inniu is é Pádraig Harrington é. Is iomaí uair arbh éigean dó glacadh le cailliúint agus ba mhinic an bua scioptha uaidh ar an lá deiridh nó ag an bpoll deiridh. Fiú amháin sa chomórtas a bhuaigh sé sa Ghearmáin, bhí sé chun tosaigh an chéad dá lá ach chuaigh cúpla imreoir eile thairis agus bhí daoine á rá, agus ní den chéad uair, go raibh laige ina charachtar nó ina intinn agus nach raibh sé in ann an brú agus an teannas a bhaineann le bua i gcúrsaí gailf a láimhseáil. Ach chruthaigh sé a mhalairt sa Ghearmáin agus léirigh sé a charachtar agus a chrógacht.
Agus é ina sheasamh ar 18ú tí don bhabhta deiridh, chuir sé ceist ar a ghiolla faoin staid ina raibh sé agus céard ba ghá a dhéanamh. An freagra a fuair sé ná go raibh “éinín”, sé sin buille faoi phar, ag teastáil chun an comórtas a bhuachaint. Dóibh siud nach dtuigeann sin bheadh sé inchurtha le poc saor ochtó méadar sa nóiméad deiridh chun Craobh na hÉireann a bhuachaint (ní dodhéanta, ach an-deacair ar fad). Ní bhfuair sé an “t-éinín” agus b’éigean dó an liathróid a chur sa pholl ó 12 troigh thar dromchla aimhréidh le críochnú cothrom le Tomás Bjorn agus imirt bhreise a ghnóthú. B’fhéidir gur chabhraigh taithí Phádraig ar pheil agus iomáint leis, ach ar chaoi ar bith thiomáin sé an liathróid sa pholl gan stró. Poll breise le himirt agus an lámh in uachtar ag Pádraig ar deireadh.
Dar ndóigh níorbh é sin an chéad chomórtas a bhuaigh Pádraig Harrington ach is minic é sa dara nó tríú háit sa chaoi go raibh daoine á rá nach raibh an misneach aige an bua a bhaint amach. De bharr a uaisleachta pearsanta féin agus toisc gur duine deas é teastaíonn ó lucht leanta Phádraig go mbuafadh sé i gcónaí. Ar ghalfchúrsaí ar fud na tíre (ar mo cheannsa ar aon nós!) bhí daoine ag cur agus ag cúiteamh, agus imní orthu go fiú, faoi Phádraig agus faoi na cúiseanna nach raibh sé in ann fanacht chun cinn i gcomórtas gailf agus an bua a fháil. Bhí teoiricí ag daoine faoi seo agus ina measc bhí an tuairim ann go bhfuil sé “ródheas” agus nach bhfuil féith an mharfóra ann!
Dá bhrí sin uilig bhí an-áthas ar a lán daoine anseo in Éirinn nuair a bhuaigh Pádraig an comórtas sin toisc gur Éireannach é agus “fear deas”. Bhí daoine tosaithe ag déanamh trua dhó agus b’fhaoiseamh mór dá lucht leanúna nuair a d’éirigh leis sa Ghearmáin. Seans nach raibh an meon sin ag Pádraig féin mar aon uair a chuirtear agallamh air ní léir go gcuireann mífhortún nó botún as dó go mór. A mhalairt atá fíor. Is cuimhin linn go léir an tubaist a tharla cúpla bliain ó shin nuair a rinne sé dearmad a chárta a shíniú agus é go mór chun tosaigh i gcomórtas i Sasana. Cuireadh as an gcomórtas é dá bharr (tá rialacha aisteacha ag baint le galf ar uairibh) ach in áit an milleán a chur ar a chéile imeartha (a raibh baint aige leis an mbotún ar bhealach nach cuimhin liom anois) nó ar a ghiolla ghlac sé leis gurb é féin a rinne an botún gan chabhair ó éinne. Is duine é a bhíonn an-dearfach i gcónaí agus atá sásta a dhícheall a dhéanamh agus bheith sásta leis sin.
Tréithe dochreidte
Dar ndóigh buann na daoine uaisle ó am go ham agus cuireann siad go mór lenár dtaitneamh as an spórt. Duine eile acu sin ná Ken Doherty, an t-imreoir snúcair. Thaispeáin Ken tréithe dochreidte ina charachtar le linn Chraobhchomórtas Snúcair an Domhain le déanaí. Ce gur bhuaigh sé an Chraobh sin sé bliana ó shin seans maith gur ar chomórtas na bliana seo is mó a chuimhneoidh daoine feasta agus go gcuimhneofar níos mó ar Ken ná ar Mark Williams, an té a bhuaigh air sa bhabhta ceannais.
I mbeagnach gach babhta den chomórtas i mbliana bhí Ken i mbaol a bhuailte ach d’éirigh leis tarraingt ar spiorad agus ar mhisneach go domhain ina chnámha chun an bua a fháil agus an chraobh a bhaint amach. Is beag nach ndearna sé an rud céanna sa chraobh ach bhí air géilleadh don seaimpín ar deireadh. In ainneoin sin is laoch níos mó é ná riamh agus “nice guy” le cois.
Músclaíonn daoine ar nós Pádraig Harrington, Ken Doherty, Sonia O’Sullivan, D.J. Carey, John Treacy agus araile bród ionainn mar Éireannaigh agus táim cinnte go bhfuil an rud céanna fíor i dtíortha eile. Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine. Tá go leor maistíní sa saol seo agus sin fáth go bhfuil ár laochra tábhachtach. Ardaíonn siad an croí ionainn ar bhealach daonna agus tugann siad deis dúinn taitneamh a bhaint as spórt mar cheiliúradh ar an saol seachas aon rud eile.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.