AR NA SAOLTA SEO
Bhí níos mó ná na poblachtánaigh i mbun círéibe i mBaile Átha Cliath
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Measann Robert McMillen gur léiriú ab ea na círéibeacha a tharla i lár Bhaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo caite ar an mhíshásamh a bhraitheann go leor daoine le sochaí na hÉireann.

Íomhá
Sráid Uí Chonaill le linn na círéibe
Íomhá
Willie Frazer, atá os cionn FAIR
Íomhá

“Oh no, oh no, oh no.” B’in an méid a thiocfadh liom a rá nuair a thosaigh nuacht RTÉ le scéal na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath.

Gabhaigí mo leithscéal, sibhse a bualadh, ar dódh bhur gcarranna, ar briseadh bhur gcuid fuinneog, ar cuireadh sceimhle oraibh, Charlie Bird féin, ach ba é an chéad smaoineamh a bhí agam ná an dochar a dhéanfadh an foréigean do-mhaite don phróiseas polaitiúil ó thuaidh agus an tionchar a d’imreodh na híomhánna uafásacha a chonacthas ar an teilifís ar mheon na n-aontachtach sa tuaisceart.

Ach ar tús, Love Ulster. Má chruthaíonn an t-ainm íomhá i d’intinn de dhaoine a bhfuil bláthanna ina gcuid gruaige, tá dul amú ort. Is éard atá in *Love Ulster *na comhghuaillíocht ina bhfuil Fir Bhuí, dílseoirí paraimíleatacha agus daoine a bhí thíos le foréigean an IRA.

Seo an dream a d’eagraigh an mórshiúl fríd Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn. Is é FAIR (Families Acting for Innocent Relatives) ceann de na grúpaí is callánaí ina measc seo agus Willie Frazer mar cheann feadhna orthu.

Is dream iad FAIR (sic) a chreideann go bhfuil íospartaigh “neamh-chiontachta” ann, i.e. Protastúnaigh, agus íospartaigh eile. Tchí Frazer é féin mar agent provocateur *ar son an fhrith-náisiúnachais agus gair feirge ar son na nglúnta Protastúnacha a maraíodh ó aimsir na Plandála ar aghaidh. Tá an fhearg agus an fonn díoltais go smior ann ach is fear é nach ndamnóidh sceimhlitheoirí dílseacha. Breathnaíonn sé orthu mar *necessary evil.

Mar a d’admhaigh Frazer é féin: “We are seen as the bad boys within the victims sector,” agus ní nach ionadh.

Tá Brian McConnell, ball eile de FAIR, gaolta le Robert McConnell, fear a bhfuil os cionn 30 dúnmharú curtha síos dó, buamáil Bhaile Átha Cliath ina measc.

Seo an dream a bhí ag iarraidh a ngrá do Chúige Uladh (sé chontae) a léiriú i mBaile Átha Cliath an Satharn seo caite.

Ach sin ráite, ní féidir ar tharla Dé Sathairn a mhaitheamh. Tá bunadh an tuaiscirt ag éirí cleachtaithe (go mall agus go fadálach) le hagóidí a dhéanamh ar bhonn síochánta, tostach. D’fhéadfadh na daoine a bhí ag iarraidh agóid a dhéanamh an rud céanna a dhéanamh an Satharn seo caite. Ní bheadh aon duine thíos leis agus bheadh moladh tuillte ag lucht na hagóide.

Ach ba léir go raibh mórshiúl Love Ulster ina leithscéal ag daoine – poblachtánaigh easaontacha agus grúpaí imeallacha eile – an lasóg a chur sa bharrach agus tá gach duine thíos leis.

Íorónta

An dea-scéala – má chreideann tú go bhfuil Sinn Féin i ndáiríre ag bogadh chun tosaigh chuig an pholaitíocht shíochánta amháin - nach raibh baill d’eite Adams/McGuinness den ghluaiseacht páirteach sa scliúchas. Nach raibh sé íorónta go raibh cuid de lucht an racáin ag caitheamh scaifeanna trídhathacha, a raibh dath bán na síochána idir an glas agus an t-oráiste orthu, agus iad i mbun círéibe? (Agus nach iontach an méid de na bithiúnaigh a raibh geansaí de chuid Celtic á gcaitheamh acu? Tionchar Roy Keane, b’fhéidir?)

Tá dul amú ar aontachtaithe fosta nuair a mhaíonn siad nach bhfuil saoirse cainte acu ar an taobh ó dheas den teorainn.

Fuair siad cead an mórshiúl a bheith acu, tugadh cuireadh dóibh dul go Teach Laighean, agus mhol Sinn Féin dá lucht tacaíochta neamhaird a thabhairt orthu.

D’imigh rudaí ó smacht nuair a thosaigh poblachtánaigh an trioblóid agus go tobann – rud nach rabhthas ag dúil leis – chonaic na dreamanna sin a chreideann go bhfuil an Stát, an Tíogar Ceilteach, ag déanamh neamairt iontu, chonaic siad deis le buille fuilteach a bhualadh in éadan na n-údarás.

Dúirt finné súl amháin liom gur lucht na sráideanna a bhí páirteach sa chreachadh a chuaigh ar aghaidh Dé Sathairn.

Cinnte beidh polaiteoirí ó dheas sásta díriú ar phoblachtánaigh ach níor cheart dóibh bheith ró-bhogásach. Léirigh racán an tSathairn éasclínte sa tsochaí ó dheas. Creidfidh Love Ulster gur ionsaí orthu féin a bhí in achan mhíghníomh a tharla an deireadh seachtaine seo caite, ach bhí i bhfad Éireann níos mó taobh thiar de chlampar an tSathairn seo caite, rud nár thuig na polaiteoirí agus, ach go háirithe, b’fhéidir, na Gardaí.

Tá poblachtánaigh easaontacha mar dhream amháin i measc an oiread sin aicmí ó dheas, ach tá na poblachtánaigh so-aitheanta. Cad é mar a d’aithneofá na daoine óga sin a chreideann gurb é an lámh láidir an dóigh amháin lena luach a fháil ón Stát? Cad é mar a mheasann tú neart an mhíshuaimhnis a mhothaíonn na daoine is boichte sa tír agus an fonn chun troda a chruthóidh sé?

Bhí muid ar fad thíos leis an chíréib an tseachtain seo caite, ach má thógtar ceisteanna fá na cúiseanna a spreag daoine – má bhí cúiseanna ar bith acu – le dul i mbun an fhoréigin, beidh gar déanta. Ar dhóigh, ba chuma Love Ulster ann nó as.

Anois, cá huair atá an Bhanríon Eilís ag teacht?

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.