Le cois a bheith ina amhránaí cumasach, is scoláire é Lillis Ó Laoire a bhfuil staidéar cuimsitheach déanta aige ar an sean-nós. Roinn sé roinnt dá chuid tuairimí ar an ábhar le hAntaine Ó Faracháin le déanaí.
Antaine Ó Faracháin: A Lillis, céard a chiallaíonn “sean-nós” duitse?
Lillis Ó Laoire: An “sean-nós”? Sin ceist an-deacair mar go bhfuil sí leathan go maith. Téann mo chuimhne siar go dtí an t-am a raibh Joe Mulholland as RTÉ ag déanamh scannáin, “Rotha Mór an tSaoil”, don tsraith “Teilifís Scoile” i nGort an Choirce sna seachtóidí luatha agus mé ar an bhunscoil. Bhí radharc sa scannán de shráid Leitir Ceanainn agus Micí ag dul ar a fhostó. Bhí an t-amhránaí Seosamh Mac Eachmharcaigh, a bhfuil a phictiúr ar chlúdach leabhar Hugh Shields, ag ceol mar amhránaí sráide de ghlór ard. Amhrán Gaeilge a bhí aige. Is cuimhin liom fosta i mo pháiste gur fhoghlaim muid “Níl sé ‘na Lá” ar scoil agus gur chuala mé leagan eile de ag céilí gan mhoill ina dhiaidh sin agus nárbh ionann iad agus gur ghoill sé orm. Shíl mé nach raibh an leagan ceart aicise. Cuimhním ar sheanbhean ag ceol bailéad Béarla ag dinnéar bliantúil na seandaoine in Óstán Mhic Pháidín. Is dócha gur teagmhálacha leis an sean-nós ar bhealaí éagsúla a bhí iontu sin ar fad ach nach mar sin a smaoinigh mé orthu. “Ceol” a bhí iontu. Níor shíl mé a bheag nó a mhór díobh, ach gur dóigh nár shíl mé go raibh siad inchurtha leis an rud a bhí ar an raidió. Thaitin amhráin Ghaeilge ariamh liom agus bhí dúil mhór in Clannad, sna déaga luatha. I nGaillimh, ar an ollscoil a chuaigh an téarma “sean-nós” i bhfeidhm orm den chéad uair, is dóigh: i [ranganna an Mhadagánaigh], ag éisteacht le Ó hÉanaí, le Ó Duibheannaigh, le Caitlín Ní Dhomhnaill, le Nioclás Tóibín, le Máire Áine, Tomás Ó Neachtain, agus le hamhráin as Albain. Eisean a mhínigh gur “ealaín” le E mór a bhí i gceist. B’fhíor sin do go leor de mhic léinn na Gaeltachta, nár smaoinigh i ndáiríre ar an cheist. Spreag an Madagánach mo dhúil sa rud “fíor”, mar a déarfá.
AÓF: An bhfuil aon tréithe áirithe sainiúla a bhaineann leis an saghas seo amhránaíochta?
LÓL: Bhuel, dar ndóigh, tá, mar a thuigeann tú féin. Ach bíonn daoine ag easaontú fúthu. Agus ceapaim gur tóraíocht i ndiaidh na hAislinge Bréige cuid mhór de. Ag ceapadh go raibh rud fíor ann fadó agus nach bhfuil againn ach píosaí beaga de anois, agus nach bhfuil an t-iomlán ag duine ar bith. Shlog mé chuile shórt dar scríobhadh faoin sean-nós: Bodley, Ó Riada, Ó Canainn, de Noraidh, agus cuid altanna an Mhadagánaigh (a bhí úr san am) agus chreid mé a raibh á rá acu. Mheasfainn go raibh siad an-docht daingean agus ní thaitníonn sin anois liom, ach san am chéanna aithním fosta go ngéillim dóibh i mo chroí istigh. Scríobh Pádraig Ó Cearbhaill aiste mhaith dar teideal “An Amhránaíocht ar an Sean-Nós” in Oghma *7 (1995) faoi na cúrsaí seo agus bheinn ag teacht cuid mhaith lena chuid tuairimí. Scríobh mé féin aiste ar an *Aimsir Óg *cúpla bliain ó shin, agus tá aiste eile, “An Sean-Nós: Caithréim Chráite nó Íocshláinte Anama?”, ag Peadar Ó Ceannabháin san iris *Deile.
AÓF: An bhfuil tú sásta leis an téarma “sean-nós” nó arbh fhearr leat cur síos air ar bhealach eile?
LÓL: Céard is fiú? Tá an téarma bunaithe agus na míthuiscintí agus na hargóintí ciorclacha i bhfostú ann mar théarma. Dúchas - sin téarma i bhfad níos spéisiúla, ceann a bhfuil Peter McQuillan tar éis leabhar an-suimiúil a scríobh faoi. Ní féidir ach oiread é a ísliú go dtí liosta teoranta ciútaí nó móitífeanna.
AÓF: Cá bhfuair tú do chuid amhrán? Agus cá bhfaigheann tú anois iad?
LÓL: Ceirníní, leabhair ar dtús. Daoine ansin. Muintir Thoraí. Níl mé ag foghlaim mórán amhrán faoi láthair ach tá mé ag éisteacht le hamhráin Ghaeilge na hAlban agus á bhfoghlaim sin. Is breá liom iad.
AÓF: An bhfuil saghsanna áirithe amhrán a thaitníonn leat?
LÓL: Is maith liom na hamhráin fhada bhrónacha thar rud ar bith. Ach tá na hamhráin luaidh anois go mór i gceist agam.
AÓF: An mbíonn íomhánna nó línte nó gnéithe eile a bhaineann le hamhrán a fhaigheann greim ort agus a chuireann iachall ort é a fhoghlaim?
LÓL: Íomhánna na n-amhrán grá, gan amhras. Agus greann agus géarchaint chomh maith. Cuirim i gcás na línte seo as amhrán luaidh Albanach:
D’airigh mé crith agus níor chrith fhuacht é D’airigh mé fear láimhe fuaire Gliogadach na gcrios á bhfuascladh Scaoileadh an bhreacáin ar m’uachtar ‘S ag cur na n-arm an taobh thuas díom D’aithin mé nárbh é mo rún é Thug mé cic dó is lig mé uaim é (aistrithe go Gaeilge Éireannach)
AÓF: An gcasann tú i nGaeilge amháin nó an bhfuil mórán amhrán i mBéarla agat?
LÓL: Casaim i mBéarla. Is breá liom amhráin Bhéarla agus chomh maith leis sin tuigeann daoine iad, rud nach dtuigeann go minic i gcás na n-amhrán Gaeilge.
AÓF: An bhfuil a leithéid de rud ann agus “sean-nós” i mBéarla, an dóigh leat?
LÓL: Tuige nach mbeadh! An féidir a rá go bhfuil sean-nós ag Josie Sheáin Jeaic i nGaeilge agus go bhfuil rud éigin eile aige i mBéarla. Tá an oiread tábhachta leagtha ar an téarma agus go bhfuil sé seafóideach. Is breá le daoine a cheapadh go bhfuil chuile shórt ag imeacht as agus ag fáil bháis. B’fhéidir, mar a dúirt Martin Hayes, go bhfuil an chuid is fearr den dúchas le teacht fós. Mura gcreidimid go bhfuil, táimid réidh. Leathnaímis téarmaí tagartha an tsean-nóis seachas a bheith ag iarraidh muid féin a choinneáil scartha amach ón tsaol mór.
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.