CAINT AN tSRÁIDBHAILE
B’fhearr bheith ag comhoibriú le Fine Gael maidir leis an Ghaeilge

na heagraíochtaí Gaeilge i gcoinne pholasaí Fhine Gael deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach san Ardteist ach b’fhéidir nach bhfuil an straitéis cheart á leanúint acu.

Íomhá
Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny
Íomhá

Is dócha go dtig a rá go bhfuil íomhá ag Fine Gael mar pháirtí polaitiúil nach raibh riamh láidir ó thaobh na Gaeilge de. Téann seo siar go dtí na seachtóidí ar a laghad, nuair a chuir Aire Oideachais an pháirtí, Dick Burke, deireadh leis an riail go gcaithfeadh daltaí pas a fháil sa Ghaeilge chun an Ardteist a fháil. Bhí an dearcadh diúltach i leith na Gaeilge le feiceáil fosta nuair

a bhí leithéidí Liam Cosgrave agus Garrett Fitzgerald i gceannas – ní fhéadfaí a rá go raibh íomhá ró-Ghaelach ag ceachtar acu. Ach le tamall anuas, tá rudaí difriúil. Bhí Michael Noonan i gceannas ar an pháirtí in 2001 agus 2002 agus is fear é siúd a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus a labhraíonn í go minic. Anois tá Enda Kenny mar cheannaire ar Fhine Gael, fear a bhfuil Gaeilge líofa aige, a bhfuil meas aige ar an teanga agus, arís, atá sásta í a labhairt am ar bith nó áit ar bith.

Is léir, mar sin, go bhfuil daoine atá báúil leis an Ghaeilge i bhFine Gael ach fós tá siad ag iarraidh ceann de na buillí is fealltaí a thabhairt don teanga a tugadh di ó bhí aimsir Reachtanna Chill Chainnigh ann! Céard is fiú do stát ar bith a bheith ag caitheamh airgid ar mhúineadh teanga agus ansin a rá nach mbeidh sí mar ábhar lárnach i gcúrsaí oideachais? Má dhéantar imeallú ar an Ghaeilge sa chóras oideachais, is cinnte nach mbeidh go leor daoine ann i gceann fiche bliain leis an teanga a shlánú mar theanga náisiúnta. Tá sé de nós ag go leor daltaí scoile aicearra a thógáil ó thaobh staidéir de más féidir leo; má chiallaíonn sin teanga nó teangacha a fhágáil ar leataobh, déanfaidh siad amhlaidh. Is cinnte go dtarlódh sé seo i gcás na Gaeilge.

dúshlán curtha faoi lucht na Gaeilge agus faoi na heagrais Ghaeilge ag Fine Gael.

An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.

Táthar ag dul sa seans leis an mhodh oibre seo, áfach. Má éiríonn le Fine Gael bheith sa chéad rialtas eile, ní bheidh an bua acu de bharr a seasamh maidir leis an Ghaeilge ach beidh siad ábalta a mhaíomh go raibh sé ar a gclár oibre agus is cinnte go gcomhlíonfaidh siad a ngealltanas an Ghaeilge a imeallú.

Ar cheart dúinn díriú ar na páirtithe eile a d’fhéadfadh bheith i gcumhacht leo? (Is cinnte go mbeadh sé níos fusa geallúintí a fháil ó Pháirtí an Lucht oibre ná ó Fhine Gael.) Ar cheart do na heagraíochtaí Gaeilge, trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, polasaí forbartha a mholadh i gcás theagasc na Gaeilge, an infheistíocht riachtanach a shonrú agus an cur chuige don am atá romhainn a leagan amach?

Is fiú suí síos le Fine Gael ansin agus cur in iúl dóibh go mbeidh muid uilig sásta má leantar straitéis dhearfach maidir leis an Ghaeilge agus iad i gcumhacht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.