AR NA SAOLTA SEO
Bertie Ahern - polaiteoir thar a bheith glic
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar an tslí ar éirigh le Bertie Ahern na cosa a thabhairt leis arís in 2004 mar cheannaire ar Fhianna Fáil, in ainneoin torthaí tubaisteacha sna toghcháin áitiúla.

Íomhá
An Taoiseach, Bertie Ahern - glic, dar le Cathal Ó hEochaidh
Íomhá
Dermot Ahern: ag cur tuairimí in iúl maidir leis an Pháirtí Daonlathach
Íomhá
An t-iarAire Airgeadais, Charlie McCreevy

*"The most skillful, the most devious,the most cunning of them all”. *

B’in mar a thagair an t-iarThaoiseach, Cathal Ó hEochaidh, do Bertie Ahern blianta fada ó shin, agus nach aige a bhí an ceart. Anuraidh rinneadh a thuar in eagrán mhí Eanáir de *Beo! *go mbuailfí buille tubaisteach ar an Uasal Ahern in 2004 agus go raibh gach seans ann ar deireadh thiar go dtitfeadh fear Dhroim Conrach ar a chlaíomh.

Buaileadh an buille tubaisteach ceart go leor air, i mí an Mheithimh, nuair a fógraíodh torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach, ach níor thit sé ar a chlaíomh. Ar nós Lazarus, d’éirigh sé ó na mairbh agus tá gach cosúlacht air, muna dtarlaíonn rud éigin as an ngnách - agus, dár ndóigh, sa pholaitíocht níl sin féin neamhghnách - go bhfuil blianta eile faoi thaoiseacht Bertie Ahern roimh phobal an stáit seo.

Ní bhfuair Fianna Fáil vóta chomh híseal ó bhí 1922 ann is a fuaireadar sna toghcháin áitiúla i Meitheamh 2004. Titim 9% a bhí sa vóta 32% a fuair an páirtí. Maidir leis an bhfreasúra, mhéadaigh vóta Fhine Gael 5%, agus d’fhan an Lucht Oibre agus An Comhaontas Glas thart ar an leibhéal céanna (cé gur chaill na Glasaigh an dá fheisire Eorpacha a bhí acu). Ba iad mórbhuaiteoirí an toghcháin, dar ndóigh, mar a thuar *Beo! *anuraidh, ná Sinn Féin. Ní hamháin gur bhuadar níos mó ná 120 suíochán sna toghcháin áitiúla, ach bhuaigh Mary Lou McDonald i mBaile Átha Cliath agus Bairbre de Brún sa Tuaisceart a gcéad suíocháin Eorpacha don pháirtí.

Níl aon amhras ach go raibh taoiseacht Ahern faoi bhrú an-mhór i Meitheamh 2004 de dheasca thorthaí na dtoghchán. Ba é an cheist mhór ná cad a dhéanfadh sé. An dtitfeadh sé ar a chlaíomh, an ligfeadh sé do Brian Cowen a áit a ghlacadh agus an dteithfeadh sé féin chun na hEorpa le post compordach, a dúradh a bhí á thairsicint dó, a ghlacadh, nó an seasfadh sé an fód agus an dtroidfeadh sé a chúinne. Sula n-éireodh leis i dtroid ar bith, thuig sé go mbeadh air duine nó daoine eile a aimsiú leis an milleán maidir leis an titim i líon na vótaí a iompar agus ansin treo an pháirtí a athrú.

Is ar éigean a bhí na torthaí fógartha ná gur thosaigh cúlbhinseoirí i bhFianna Fáil ag rá go raibh súil caillte ag Fianna Fáil ar an chúis a bunaíodh an páirtí, sin le rá le fealsúnacht náisiúnta phoblachtánach ar an eite chlé a chur chun cinn. Ba é an comhrialtas leis an Pháirtí Daonlathach, a dúradar, ba chúis le Fianna Fáil dul amú.

Níorbh iad na cúlbhinseoirí amháin a bhí le cloisint ag rá a leithéid. Chualathas leithéidí an aire Dermot Ahern ag rá go raibh Fianna Fáil rómhór faoi scáth a gcomhpháirtí rialtais. Níl aon amhras ach nach ndéarfadh aire ar nós Dermot Ahern a leithéid gan cead an Taoisigh bheith faighte aige.

Ba é an t-aon ghuth aonair i bhFianna Fáil a chosain na PDs ná an tAire Seamus Brennan, duine nach raibh tuairim ar bith aige ag an am go raibh a phost féin i mbaol.

Ráflaí faoi chainteanna

Le linn an tsamhraidh scaip ráflaí go raibh Fianna Fáil i mbun cainteanna leis na Teachtaí Dála neamhspleácha agus fiú chualathas Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil ag tagairt do Shinn Féin amach anseo mar chomhpháirtí rialtais. Bhí an tUasal Ahern ag léiriú don phobal agus don Tánaiste Mary Harney nach raibh Fianna Fáil ag brath ar na PDs le fanacht i gcumhacht.

I lár an tsamhraidh ansin nocht an Taoiseach a chéad íospartach nuair a insíodh don phobal go raibh an tAire Airgeadais Charlie McCreevy ag dul chun na hEorpa. Ainneoin gur TD de chuid Fhianna Fáil ab ea McCreevy, níl aon dabht ach gur cheangail an pobal ina n-aigne é le polasaithe na PDs.

Go luath i mí Mheán Fómhair, thug Fianna Fáil uilig aghaidh ar Inse Domhnaigh i gCorcaigh le héisteacht le léacht ón Athair Sean Healy ón eagraíocht CORI.

Ba rialtas é seo a raibh an sotal caillte aige agus rialtas as seo amach a chuirfeadh an-bhéim ar chabhrú leo siúd ba laige sa tsochaí - b’in an teachtaireacht ba mhian leis an Uasal Ahern a thabhairt. Ansin, ag deireadh mhí Mheán Fómhair, rinne sé an rud a dhéanann gach ceannaire polaitiúil agus é i dtrioblóid: d’athraigh sé na haireachtaí.

Níor leor McCreevy a chur chun na Bruiséile le go n-oibreodh an t-athphacáistiú seo - ba ghá smacht a ghlacadh ar na haireachtaí eile a bhí ag tiomáint idéil eacnmaíochta na heite deise.

I dtosach, tugadh an Roinn Airgeadais do Brian Cowen. Ní hamháin go gcabhródh sé seo leis an pháirtí treo nua a aimsiú, ach choimeádfadh sé an tUasal Cowen sona ar feadh tamaill eile agus ó bheith ag santú na ceannaireachta. Baineadh an Roinn Fionachtain agus Fostaíochta den Uasal Harney agus tugadh é do Mhícheál Ó Máirtín. Mar chúiteamh, tugadh an Roinn Sláinte (nó Angola, mar a ghlaoigh an tUasal Cowen air) don Tánaiste Harney.

Ach ba é Seamus Brennan, an fear a chosain na PDs, ba mhó a chaill. Baineadh de an aireacht Iompair agus cuireadh é ag plé le cúrsaí leasa shóisialaigh. Bhí cárta amháin fós le himirt ag Bertie agus i Samhain 2004 d’fhógair an tAire nua Airgeadais cáinaisnéis a ndúirt an Sunday Tribune *faoi: “Carlsberg don’t do budgets but if they did ...” *Agus, iontas na n-iontas, in ainneoin dhrochthorthaí na dtoghchán áitiúil, de réir pobalmheasa a foilsíodh mí ó shin tá sásamh an phobail leis an rialtas seo níos airde ná riamh.

26 suíochán ag teastáil

Léirigh an phobalmheas seo freisin gur beag dul chun cinn atá déanta ag an bhfreasúra. Ainneoin an mhórmheasa atá ag ceannaire an Lucht Oibre Pat Rabbitte air féin, is é an fhírinne gurb é Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael, an t-aon rogha réadúil Taoisigh eile atá ann.

Ach le go n-éireodh le comhrialtas bogha ceatha idir Fine Gael, an Lucht Oibre agus na Glasaigh, agus b’fhéidir roinnt neamhspleách, bheadh orthu i dtosach ar a laghad 26 suíochán breise a bhuachaint eatarthu i dtoghchán 2006. Níl aon dabht ach go dtiocfaidh Fine Gael ar ais le breis suíochán ach ní bhfaighidh siad 26 suíochán breise. Ní léir go mbuafaidh na Glasaigh mórán suíochán breise agus táthar ag tuar leis gur lú neamhspleáigh a bheidh sa chéad Dáil eile. Fágann sin go mbeadh ar an Lucht Oibre líon mór suíochán breise a ghnóthú. Má bhí seans ar bith seo a dhéanamh bliain ó shin, tá sé imithe anois.

Ní rún é go bhfuil an-mhíshástacht i bpáirtí an Lucht Oibre faoi láthair, míshástacht maidir leis an bhealach a stopadh Mícheál D Ó hUigínn ó sheasamh don Uachtaránacht agus míshástacht maidir leis an mbealach a cheangail an tUasal Rabbitte an páirtí le Fine Gael.

De réir tuarascála a d’ullmhaigh rúnaí ginearálta an Lucht Oibre, Mike Allen, dá mba rud é go mbeadh torthaí an olltoghcháin in 2006 ar aon dul le torthaí na dtoghchán áitiúil, ní hamháin nach mbuafadh an páirtí suíocháin bhreise ach tá gach seans ann go gcaillfidís cuid de na suíocháin atá acu. Agus de réir an phobalmheasa is deireanaí, is in olcas atá an scéal ag dul. 13% den phobal faoi láthair a thabharfadh vóta don Lucht Oibre, sin díreach 1% níos mó ná mar a thabharfadh tacaíocht do Shinn Féin.

Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil TD sinsearach an pháirtí, Brendan Howlin, tar éis ceannasaíocht an Uasail Rabbitte a cháineadh go hoscailte. An chéad chéim b’fhéidir sula dtugann sé féin arís faoi cheannasaíocht Pháirtí an Lucht Oibre a bhaint amach.

Níl sárú Pat Rabbitte le fáil i ndíospóireachtaí Dála agus is minic a dhéanann sé an Taoiseach a náiriú lena chlisteacht chainte. Ach is é fhírinne an scéil ná, dá mhéad ama a fhanann Pat Rabbitte i gceannas ar Pháirtí an Lucht Oibre, gur mó seans atá ann gurb é fear Dhroim Conrach a bheidh i gceannas an státchiste sa 30ú Dáil.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.