Naisc:
An bhean nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin, rinne sí a dícheall an bhean óg aoibhinn álainn a mhealladh ó bhruach na habhann a fhad leis an ghuthán ar thaobh eile na sráide mar a raibh na Samaritans sásta labhairt léi. Bhí fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin ag fanacht liom ar an chosán abhus nuair a leag mé síos an guthán. Choinnigh muid beirt, súil ar an bheirt bhan taobh eile na sráide ag caint, an bhean aibí ag labhairt go cneasta leis an mbean óg fíorálainn seo. Scaradar.
Shiúil an bheirt againn anonn. Mhínigh bean na haibíochta dúinn nach raibh sí in ann tathaint ar an bhean óg fanacht agus tuilleadh cainte a dhéanamh léi, gur dhúirt sí go labhródh sí faoina cuid deacrachtaí lena cairde. Chuala mé faoina bás ar Raidió na Gaeltachta an mhaidin dár gcionn. Is é an dóigh gur stad sí an carr, rith sí thar na daoine ar barr na haille agus léim sí amach i bhfarraige, beannacht Dé léi.
D’fhéadfaí í a leanacht timpeall an chúinne, i ngan fhios di b’fhéidir, sa chaoi go dtiocfaí aníos léi agus dúshlán cainte a thabhairt di, in áit a bheith ag tathaint uirthi, rud ar bith le teacht thart uirthi. B’fhéidir nach leanfadh sí den chonair a bhí leagtha amach aici ina hintinn ag an am. Is doiligh intinn duine a athrú nuair a bhíos an dóchas caillte ina chroí.
Is fíorthábhachtach go mbeadh spórt, ceol, agus gach ní eile a chothaíonn spéis, misneach agus fiúntas i saol an duine, ar fáil go furasta ag an dream óg go háirithe. Má chothaítear spraoi agus greann sa saol, b’fhéidir go gcuideodh sé leis an duine nuair a iompaíonn cúrsaí an tsaoil ina éadan. Cibé cén gaol atá ag spórt, ceol agus caithimh aimsire le sásamh, agus ní beag an méid é, chaithfeadh sé go mbaineann siad le misniú an duine nuair a theagmhaíos sé le drochscéala nó nuair a bhuailfear mír den mhí-ádh anuas air.
Íseal Grian, Gearr a Rith
Má ba dhona an samhradh a fuair Éire, is doirche, is fliche agus is fuaire a bheas an aimsir in íochtar domhain go ceann ráithe. Tá an duilliúr ag imeacht go tiubh den chraoibh cheana féin. Beidh coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá anois agus sinn ag tarraingt buataisí geimhridh orainn féin le siúl faoi shioc is faoi shneachta. Is mó an baol dá réir go dtitfidh daoine thart orainn in isle brí le heaspa gréine amach i ndúluachair na bliana. Ba cheart dúinn daoine a mhisniú más féidir linn. Is mór an gar an focal misnigh i gcluais do chomharsan. Abair amach é nuair a chasfar duine leat agus ná fanaimis i dtaobh leis an drochscéala i dtólamh. Más féidir linn spreacadh a chothú sa duine eile, nach bhfuil sé chomh maith againn a dhéanamh amhlaidh agus amharc amach don duine nach bhfuil an spreacadh agus fuinneamh ann mar ba cheart.
Ní mé an bhfuil aon staidreamh ar fáil faoi líon na ndaoine a chuir lámh ina mbás féin sa Ghaeltacht, sa Ghalltacht, nó cén líon daoine a raibh an aon teanga amháin, dhá theanga, trí theanga acu? Ba cheart go mbeadh. Is intuigthe gur cuid fíorlárnach den duine teanga, an chuid a bhainfeadh le croí, le misneach agus le féiniúlacht gach duine a bhfuil caint nó teanga chomharthaíochta aige. Bheadh eagla orm nach bhfuiltear ag leagan oiread béime is ba chóir ar ghnóthaí teanga, cailleadh teanga nó ar easpa teanga agus an cailleadh dúchais dá réir, i dtaighde sna réimsí seo, mar nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann.