AR NA SAOLTA SEO
Béasa ar Bith ar Líne
Niamh Ní Shúilleabháin Niamh Ní Shúilleabháin Niamh Ní Shúilleabháin

Bíonn bagairtí báis le feiceáil níos minice sa chomhrá ar líne ar an saolta seo. Breathnaíonn Niamh Ní Shúilleabháin ar an nós agus ar na deacrachtaí a bhaineann leis an iompar frithshóisialta ar líne.

Íomhá
Laura Bates ag TEDx
(le Fabrizia E ar Flickr)
Íomhá
Laura Bates ag TEDx
(Le Jason Wen ar Flickr)
Íomhá
Laura Bates & Emma Round ag TEDx
(Ag UK Feminists Summer School 13 ar Flickr)

Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an mblagadóir Laura Bates agus ag an tionscadal ar líne ‘Everyday Sexism’ [féach sna naisc ar dheis], tionscadal nua-aoiseach ina dtugtar aird ar scéalta mná atá céasta ag an ngnéasachas. Ar an mblag, sonraítear na heachtraí is measa agus is gránna agus bíonn foréigean agus imeaglú luaite go minic sna 60,000 scéalta atá foilsithe ar an suíomh gréasáin ó bunaíodh é in 2012.

Ó ainmníodh í mar dhuine de na mná is cumhachtaí ar líne sa Bhreatain, tá an foréigean sin ag leathnú amach go dtí na gréasáin shóisialta ar líne agus admhaíonn Bates go bhfuil bagairtí báis á bhfáil aici go rialta. Tá tuairiscí ann go mbeidh uirthi gníomhaíochtaí slándála a chur i bhfeidhm ag a bainis níos déanaí sa samhradh mar go bhfuil bagairtí tromchúiseacha déanta arís ag lucht a cáinte. Cinnte, tá roinnt mhaith daoine nach n-aontaíonn le crosáid Bates agus níl bac ar bith orthu é sin a chur in iúl, mar is ceart, ar líne. Ar an drochuair, áfach, tá an díospóireacht ag dul ó mhaith mar gheall ar an nimh agus an drochíde a bhíonn á bagairt ar Bates agus ar a leathbhádóirí.

Na Fo-Ghiolcairí

Níl i scéal Bates ach blaisín amháin den gclaonadh chun comhraic atá ag borradh ar líne agus go minic ní bhíonn ach maslaí suaracha le feiceáil sna hargóintí is teasaí. De réir a chéile, táimid ag dul i gcleachtadh ar nósanna cumarsáide úrnua atá saor ó rialacha agus ó chaighdeáin. Tá trolláil tugtha faoi ndeara ag beagnach gach aon duine faoin am seo agus tá an dream óg ag glacadh le nósanna mar fho-ghiolcaireacht nó ‘subtweeting’ ina gcáintear duine ar Twitter gan ainm úsáideora an duine a lua; mar an gcéanna, tarlaíonn a leithéid ar Facebook le ‘vaguebooking’ ina ndéantar nuashonrú ar an sruth nuachta trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar úsáideoir eile.

Luaitear a leithéid mar shamplaí den iompar is mó a chuireann as don bpobal ar líne ach ní bhíonn an géarcháineadh agus an fuath le sonrú sna cleachtais sin. In ainneoin iarrachtaí gach dlíodóra ar domhan, déantar neamhaird ar rialacha na bhfóram plé agus leantar leis an gcur agus leis an gcúiteamh.

Tá an fhadhb ina crá croí d’Éireannaigh a bhíonn ag labhairt amach ar cheisteanna poiblí ar an idirlíon freisin. I gCaisleán Átha Cliath, ag an gcomhdháil ‘Women ón Air’ i mí na Bealtaine, nocht an t-iriseoir agus láithreoir TG4, Una Mullally, go raibh bagairtí éignithe faighte aici ar na meáin shóisialta agus ar fhóraim chainte bunaithe ar a bpíosaí tuairimíochta. Gan amhras, tá cleachtadh ag colúnaithe ar bhagairtí a fháil sa phost, ach tá na bagairtí ag éirí níos líonmhaire agus níos gáirsiúla. Is í an fhadhb anois ná an t-idirdhealú a dhéanamh idir bagairtí cruthanta agus bagairtí atá fógartha ag daoine nach bhfuil mar chlaíomh acu ach méarchlár agus racht feirge as cuimse dá gcéasadh.

Saoirse Cainte is Cáinte á Treascairt ag an Iompar Bagarthach

Is léir go bhfuil éiginnteacht fós ann maidir leis an réiteach atá ann do bhagairtí den chineál seo. Tá saoirse cainte ar cheann de bhunchlocha an idirlín, ach ag am céanna, tá an baol ann go múchfadh an t-imeaglú seo aon iarracht díospóireacht a chur ar bun ar aon ábhar, rud a chiallódh go n-éireodh leis an té is mó atá ag béiceach agus ag búireach.

Tá iompar frithshóisialta ar líne anois ag déanamh buartha do phóilíní sa Bhreatain, agus ag deireadh mhí an Mheithimh, nocht Ceann an Choláiste Póilíneachta, an tArd-Chonstábla Alex Marshall, an tuairim gur bhain ar a laghad caoga faoin gcéad de na gearáin faoi dhrochiompar frithshóisialta le gníomhaíochtaí sna meáin shóisialta.

Tá an fhadhb ag cur isteach ar obair na bpóilíní agus tá acmhainní á gcur amú le gearáin fhánacha a fhiosrú ó dhaoine a cheapann gur imríodh leithcheal orthu ar líne. Is í an cheist is mó atá ag dó na geirbe do na húdaráis ná teacht ar thuiscint ar an difríocht atá ann idir gearáin gan fhiúntas agus bagairtí tromchúiseacha, cinniúnacha. Ar an mbonn sin, tá oideachas á gcur ar 6,000 póilíní sa Bhreatain ar an ábhar. Is cinnte go mbeidh a leithéid riachtanach anseo chomh maith.

Idir an dá linn, tá Laura Bates ag seasamh an fhóid in éadan lucht a cáinte agus tá ráite aici go leanfaidh sí lena cuid oibre in ainneoin na mbagairtí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.