AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Bashar al-Assad vs. Barack Obama
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Ní haon ribín réidh fáil réidh leis al-Assad. Beidh lá eile ag al-Assad a deir Brian Ó Broin, rud a fhágann Obama faoi smúid agus aoibh na ndaoine ar Phutin.

Íomhá
Ceacht le foghlaim ag beirt i dteach na scoile cois Éirne
(gov.uk ar Flickr)
Íomhá
Schiitischer Halbmond nó Corrán na Siach
(ag an CIA ar Vicipéid)
Íomhá
Basher al-Assad
(le Fabio Rodrigues Pozzebom ar Vicipéi)
Íomhá
Go tobann, bhí Obama ina aonar
(le David Iliff CC BY SA 3.0 ar Vicipéid)

Tá sé ina chíor thuathail sa Mheán-Oirthear arís. Agus buamaí marfacha ag pléascadh gach lá san Íaráic, tá an Íaráin ag tabhairt leideanna beaga gach cúpla mí go bhfuil siad céim bheag eile ar aghaidh ina bhfeachtas chun buamaí eithneacha a thógáil. Tá an Liobáin fós ag stámhailleach faoi bhrú ollmhór ó na tíortha timpeall uirthi. Ní fios in aon chor céard a tharlóidh san Éigipt, áit ar ghabh an t-arm ceannas ar an tír le déanaí, ná sa Libia, áit ar maraíodh ambasadóir na Stát Aontaithe i mBengazí cothrom an ama seo anuraidh. Agus tá an cogadh cathartha ag leanacht ar aghaidh sa tSiria le dhá bhliain anuas. Ní fhéadfaimis dearmad a dhéanamh de anois tar éis an áir uafásáigh a tharla le déanaí nuair a úsaideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh. B’é seo an comhartha do thíortha an iarthair gníomhú. Go tapa, fiú, agus beag beann ar na Náisiúin Aontaithe! Thosaigh Meiriceá ag lorg comhghuaillithe láithreach a thabharfadh tacaíocht d’fheachtas buamála ar rialtas an tSiria, díreach mar a rinne ECAT sa tSeirbia i 1999.

Is cloch spideoige sa Mheánoirthear é an tSiria, ó seasann sé i lár corrán torthúil an cheantair (ina gcónaíonn tromlach an phobail), agus i lár corráin pholaitiúil na Moslamach Siacha, a leanann ón Íaráin san oirthear go dtí an Liobáin san iarthar, ar chósta na Meánmhara. Gluaiseacht darb ainm Hezbollah a cheanglaíonn an corrán polaitiúil seo le chéile.

Hezboolah

Bunaíodh Hezbollah sna seachtóidí, le cúnamh mór ón Íaráin, chun Iosrael a bhrú amach as an Liobáin. Tá cuid suntasach den tír sin faoi smacht Hezbollah anois, agus le déanaí tá saighdiúirí Hezbollah ag tabhairt cúnaimh do rialtas Bhashar al-Assad ina chogadh in aghaidh ceannairceach na tíre sin. Dá gcuirfí deireadh le rialtas Assad, ba bhuille mharfach é, nach mór, don chomhghuaillíocht neamhfhoirmeálta Siach seo idir thrí thír. Rud maith ba ea seo gan amhras do na Stáit Aontaithe agus dá gcomhghuaillí sa Mheánoirthear, Iosrael. Ach tá baol mór bainteach leis an titim chéanna – is cosúil gur Ioslamaithe antoisceacha iad cuid de cheannaircigh seo na Siria, agus roinnt acu bainteach le Al Qaeda, fiú. Má thiteann rialtas Bhashar al-Assad, céard a thiocfaidh ina áit?

Ní rún in aon chor é gur deachtóir é Bashar al-Assad, díreach mar a bhí a athair, Hafez al-Assad. Ach tá difríocht suntasach idir an bheirt. Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d’éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh. D’fhás Bashar aníos saibhir i nDamaisc gan mórán foinn seilbh a ghlacadh ar chumhacht. B’é a dheartháir Bassel oidhre beannaithe an athar go dtí a bhás tobann i dtimpiste cairr i 1994. Ag an am seo bhí Bashar, céimí leighis de chuid Ollscoil na Damaisce, ina radharceolaí i Londain, gan taithí ar bith aige ar arm ná ar rialtas. Go tobann, ba léir gurbh eisean oidhre na tíre, agus glaodh ar ais air chun seirbhís mhíleata a dhéanamh agus taithí a fháil ar rialtas.

Ag Athrú Taoibh

Níor chomharba aiceanta é, ach nuair a thagann an crú ar an tairne . . .! Faoin am seo, bhí ag éirí sách maith leis an tSiria pé scéal é. Tar éis na dtrioblóidí in aghaidh Iosrael sna 1970aí agus 1980aí, bhí síocháin éigin tagtha idir an dá thír. Nuair a rinne Saddam Hussein ionruathar ar an gCuáit i 1990, chuaigh an tSiria isteach i gComhghuaillíocht Mheiriceá in aghaidh na hÍaráice. Bhí an tSiria ina lántacaí do Mheiriceá i ndiaidh ionsaithe an 11ú Mheán Fomhair, 2001, agus b’ann a céasadh cuid mhaith de chimí Mheiriceá in aimsir an “tSeachadaidh Úrghnáigh”.

Ach ní shéideann gaoth chóiriúil i gcónaí. Ní raibh an dara rogha ag an tSiria ach seasamh ina aghaidh ionruathar Mheiriceá san Íaráic sna 2000aí, agus chuir tacaíocht seasta na Siria do Hezbollah olc ar Iosrael. Ní fios go cinnte cé mar a thosaigh an éirí amach sa tSiria, ach go cinnte fuair sé a inspreagadh ón ‘Earrach Arabach’, gluaiseacht frithrialtais a chuir deireadh le rialtais lofa san Éigipt, sa Libia, sa Túinéis, agus i bPoblacht Éimin. Ach má d’eascair éirí amach na Siria as seo, táthar freisin go láidir den tuairim go raibh na ceannaircigh ag fáil cúnaimh fhlaithiúil ó rialtais an Iarthair freisin, rialtais arbh fhearr leo Assad a fheiceáil titithe.

Ní fios cé a chaith na diúracáin cinniúnacha ar an 21ú Lúnasa (is mó is dóichí gurbh é arm Assad é), ach tá a fhios ag an domhan cé a d’fhulaing dá dheasca: fuair 635 bás nuair a phléasc diúracáin lán leis an néarghás Sarin i bhfobhailte thoir na Damaisce ina raibh na ceannaircigh i gceannas. Tháinig freagairtí ó thíortha an Iarthair ar an toirt: ba cheart rialtas Assad a bhuamáil; ba cheart an limistéar a chur faoi chosc eitilte; ba cheart airm breise a thabhairt do na ceannaircigh.

Na hAirm Ollscriosúla

Ach tharla aisfreagra ó phobail an Iarthair nach raibh na rialtais ag súil leis: nárbh é eachtra mar seo a chur tús le cogadh na hÍaráice, nuair a d’inis rialtais Mheiriceá agus Shasana bréaga faoi ‘airm ollscriosúla’ Saddam Hussein? Cuireadh freagairt buamála chun vóta i bParlaimint na Breataine, agus diúltaíodh di. Go tobann bhí an tUachtarán Obama ina aonar, nach mór, agus pobal Mheiriceá ag éileamh air go láidir gan an tSiria a bhuamáil. Níos measa, bhí scéalta ag teacht amach faoi neamhthrócaireacht na gceannarcach agus chomh cóngarach a bhí roinnt acu d’Al Qaeda.

Agus Obama ar a chorrabhuais, go tobann cuireadh ladar eile isteach sa scéal. Bhí Vladimir Putin sásta cigirí Rúiseacha a chur chun na Siria le cinntiú go gcuirfí airm cheimiceacha na Siria ó mhaith. I bhfaiteadh súile, ba é Meiriceá mangaire na troda agus an Rúis an síochánaí. Agus maireann réimeas Bhashar al-Assad.

Tá lá eile ag an bPaorach, mar sin. Ach ní léir chomh fada a mhairfidh ádh Assad. Tá an Íaráin ag tabhairt le fios go láidir le déanaí gur mhaith leo teagmháil níos dlúithe a bheith acu le tíortha an Iarthair. Má tharlaíonn sin, cuirfear an ceangal idir iad agus an tSiria ar fionraí, agus beidh colún tacaíochta eile caillte ag réimeas Assad. Agus má thograíonn Assad airm ceimiceacha a úsáid arís, is beag amhras céard a dhéanfaidh rialtas Mheiriceá faoi. Agus an turas seo, ní thiocfaidh an Rúis i gcabhair air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.