THALL IS ABHUS
Bás ar na bóithre
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tá PJ Mac Gabhann in ann a insint dúinn nach bhfuil líon na marbh i dtimpístí bóthair chomh millteanach ard agus a bhíodh, sa Fhrainc ná in Éirinn.

Íomhá
Notre Dame Pháras (le MathKnight ar Vicipéid)
Íomhá
An tAire Dominique Bussereau anuraidh (le José Cruz, Agencia Brasil ar Vicipéid)
Íomhá
Ile des Cygnes, Páras (le Arpingstone ar Vicipéid)

Cé go bhfuil carr againn, is annamh a úsáidim féin nó mo bhean chéile é. Tá cónaí orainn i mbaile taobh amuigh den chathair a bhfuil seirbhís mhaith traenach ann agus a scuabann isteach go lár na cathrach sinn – ag an Arc de Triomphe nó ag an Ardeaglais Notre Dame - taobh istigh de leathuair an chloig. Idir easpa pháirceála agus thranglaim thráchta, go háirithe i rith na seachtaine, is é an tseirbhís iompair phoiblí an rogha is éifeachtaí. Ní gá dúinn ach an oiread an carr a úsáid chun an t-aon mhac againn atá fágtha fós sa bhaile linn a thabhairt ar scoil nó a bhailiú ó ranganna ceoil agus ar oile. Agus ní theastaíonn an carr uainn chun gnáthshiopadóireacht na seachtaine a dhéanamh.

Agus ní hé go bhfuil lá aiféala orainn gur mar sin atá cúrsaí mar, i ndeireadh na dála, is fearr linn an tiomáint a fhágáil faoi dhuine éigin eile agus muid chomh cóngarach sin don chathair. Ach a bheith go hiomlán in éagmais cairr, tá sé deacair orm ag an bpointe seo é sin a shamhlú. Is fada fairsing an áit í an Fhrainc agus bóithre den chéad scoth aici, idir mhótarbhealaí agus bhóithre náisiúnta, ag síneadh amach chuig ceithre chearn na tíre. Ach in ainneoin gur beag deis a bheadh ag duine cuairt a thabhairt ar roinnt de na háiteanna is iargúlta ar fad sa tír mura mbeadh carr aige, níl fhios agam féin an fiú an strus é níos mó.Mar chomh fada is a bhaineann sé liomsa, bíonn strus i gceist aon uair a thugaim faoi thuras bóthair sa charr. Is áiteanna contúirteacha iad na bóithre céanna. De réir staidreamh a foilsíodh an mhí seo caite, maraíodh 4,262 duine ar bhóithre na Fraince i 2009. Is mór an méid é, beagnach dhá dhuine dhéag in aghaidh an lae.

Ach má shamhlaítear duit gur líon ollmhór básanna é seo, bíodh ’ fhios agat go raibh 8,253 bás ann sa tír de dheasca ar thionóiscí bóthair i 2001! Tá sé mar sprioc ag rialtas Sarkozy an líon seo a laghdú arís go 3,000 bás (nó níos lú) in aghaidh na bliana idir seo agus deireadh a thréimhse mar uachtarán i 2012.

Tiús Tráchta a Thugann an Slad

Má dhéantar na staidrimh a scrúdú, tugtar faoi deara go bhfuil dlúthbhaint ag an méid tráchta a bhíonn ar na bóithre agus líon na dtimpistí bóthair iad féin. Aisteach go leor, ba léir titim shuntasach i líon na dtimpistí bóthair le linn thréimhse na drochaimsire le déanaí toisc gur fhág daoine a gcuid feithiclí sa bhaile. Feictear freisin gur lucht tiomána gluaisrothair (agus scútair), nó a gcuid cúlóg, 20% díobh siúd a maraíodh ar na bóithre i 2009 in ainneoin nach ionann ach 1% de na feithiclí ar bhóithre na tíre na gluaisrothair chéanna.

Cloistear moltaí ó am go chéile gur ceart ligean do lucht gluaisrothair na lánaí bus a úsáid i gceantair uirbeacha, nó go mbeidh caitheamh ionar cosanta, mar aon le lámhbheart agus coisbheart, chomh héigeantach céanna feasta is atá an clogad gluaisrothair faoi láthair. Is cosúil go bhfuil an tAire Stáit i Roinn an Iompair, Dominique Bussereau, ag iarraidh an ráta cáin bhreisluacha a laghdú ar éadaí dá sórt sa chaoi is go mbeidh daoine in ann an trealamh ceart a bheith acu.

Dream eile a bhíonn go minic i mbaol ar bhóithre na tíre ná coisithe, de gach déanamh. Ar na daoine ar fad a maraíodh ar bhóithre na príomhchathrach i 2008, ba choisithe 50% díobh. Seandaoine agus gasúir faoi bhun cúig bliana déag is mó a bhíonn i mbaol. Cén fáth gasúir, a deir tú? In alt a foilsíodh sa nuachtán Libération i mí na Nollag seo caite, mínítear nach dtugtar go minic faoi deara an páiste ar an mbóthar toisc é a bheith ceilte ag feithiclí eile nó go dteipeann ar an bpáiste dealú a dhéanamh idir ‘carr a fheiceáil’ agus ‘a bheith feicthe ag tiománaí cairr’. Anuas air sin, ní bhíonn an páiste chomh haireach céanna i gceantair a thaithíonn sé go rialta, bíodh sé sin gar dá áit chónaithe, ar a bhealach chuig an siopa áitiúil nó i ngiorracht dá scoil. Glacann sé leis, mar a ghlacann go leor againn is dócha, nach bhféadfadh aon ní baint dó in áit a bhfuil a oiread sin eolais aige air. Bíonn a mhalairt fíor go minic.

Is é an Bóthar Mór an tAicearra!

Ó thaobh na staitisticí de, tuigtear sa Fhrainc gur sábháilte ar fad é an mótarbhealach le hais bhóithre eile na tíre. Ar go leor cúiseanna, ach áirítear ina measc iad seo: an trácht a bheith ag dul in aon treo amháin; cosc iomlán ar fheithiclí áirithe an mótarbhealach a úsáid, móipéidí, scútair agus tarracóirí; cosc ar fheithiclí earraí troma ag tráthanna faoi leith den lá nó den tseachtain; agus comharthaí bóthair leictreonacha a bheith ann atá soléite agus uasdátaithe go rialta chun an tiománaí a choimeád ar an eolas faoin mbóthar roimhe.

Ach é sin ráite, bíonn costas ard ar bhreosla, idir 10% agus 20% sa bhreis, ar na mótarbhealaí agus dola le híoc freisin ag an tiománaí. Cosnaíonn turas Páras-Lyon-Páras thart ar €60 mar shampla. Nár cheart, a deirtear go minic, daoine a spreagadh chun an mótarbhealach a úsáid in ionad táillí a ghearradh orthu agus cuid den trácht a bhaint de na bóithre náisiúnta atá níos contúirtí?

I dtíortha eile na hEorpa, feictear an titim chéanna i líon na ndaoine a mharaítear ar na bóithre gach uile bhliain: beagáinín faoi bhun 2,000 duine a maraíodh ar bhóithre na Spáinne le linn na bliana seo caite, 13% níos lú ná uimhir 2008 agus 50% níos lú ná líon na marbh i 2003; 4,080 duine a maraíodh i dtimpistí bóthair sa Ghearmáin, laghdú 9% ar fhigiúr 2008 agus an líon is lú bás ar na bóithre le caoga bliain anuas.

Is í Éire an séú tír is fearr san Eoraip ó thaobh an dul chun cinn atá déanta aici maidir le sábháilteacht ar bhóithre. Fógraíodh an mhí seo caite gur maraíodh 240 duine ar bhóithre na Poblachta le linn 2009, titim de 30% taobh istigh de dhá bhliain. Dea-scéal amháin, b’fhéidir, a mhisneofas sinn don bhliain amach romhainn.

Naisc: http://lci.tf1.fr/france/faits-divers/2010-01/4262-tues-sur-les-routes-en-2009-soit-13-de-moins-qu-en-2008-5627417.htmlhttp://www.leparisien.fr/automobile/securite-routiere/le-nombre-de-morts-sur-la-route-repart-a-la-hausse-07-01-2010-767875.phphttp://www.rtl.fr/fiche/5931882802/le-nombre-des-morts-sur-la-route-a-stagne-en-2009.html

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.