CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Bánú na Tuaithe – Buillí Marfacha Eile
Íomhá
Néalríomhairí faoin tuaith, bíonn néal orthu de cheal freastail
Íomhá
An Dr. Jessica Ernst le caint ar an domhainscoilteadh
Íomhá
Fág an mhóin sa talamh agus ceannaigh earghual is ola isteach

daonra de thart fá sé mhilliún in Éirinn faoi láthair, sin méadú ollmhór le tríocha bliain anuas. Is dea-chomhartha i gcónaí do thír nuair a thagann fás faoin daonra, cé i gcás na hÉireann, bhí an inimirice comhdhéanta d’Éireannaigh a d’fhill abhaile agus iad siúd as Oirthear na hEorpa a tháinig chugainn ar lorg oibre.

Tharla rud eile suntasach i dtréimhse an Tíogair Cheiltigh agus ba é sin go raibh beagnach iomlán na ndaoine a bhog chun na tíre, a lonnú ins na cathracha agus na bailte móra. Ní rud maith a bhí anseo, cé go mbíonn leithéidí beartais=policies">="gloss" title="journalist">iriseoirí áirithe san Irish Times ag maíomh gurbh ea.

Éinne a chaith tréimhse i gcathair mhór ar bith, tuigeann sé chomh neamhfháiltiúil agus frithshóisialta gur féidir le cathracha móra a bheith. Bíonn gach cathair lán de choimhthíos, gan eisceacht, lán de fhadhbanna sóisialta idir dhrugaí, dhroch-chaighdean tithíochta agus bhrú tráchta. Ach leanann rialtas i ndiaidh rialtais mar sin féin le beartais a chuireann brú ar dhaoine lonnú sna cathracha ar mhaithe le buntáisti buiséid gearrthréimhseacha mar go gcosnaíonn na haonaid chónaithe agus an bonneagar i bhfad níos lú airgid ar chistí an stáit.

Is sampla maith é an dearcadh=opinion">="gloss" title="rumpus">raic atá ar siúl faoi cá háit a lonnófaí otharlann mhór nua na leanaí. Tá cinneadh déanta é a bhrú isteach i gclós stroighne i lár thuaisceart chathair Átha Cliatha - ceantair atá plódaithe le daoine agus an t-aer millte agus scriosta leis na mílte carr gach uile lá. Tá an suíomh lárchathrach seo a mholadh in áit suíomh leathan tuaithe lasmuigh den chathair agus den tranglam tráchta.

Sceanairt san Áit is Gainne Vótaí

Téann na polasaithe frith-tuaithe níos faide arís leis an chinneadh atá déanta cónascadh a bhrú ar scoileanna beaga tuaithe agus líon na múinteoiri a ghearradh sna scoileanna sin. Tá cinneadh rialtais ann táille clárúcháin a ghearradh ar dhabhcha séarachais i dtithe ar fud na tuaithe agus tá cosc á chur ar dhaoine a gcuid móna a bhaint i bportaigh atá in úsáid leis na cianta. Tá plé ar siúl sna meáin faoi cead a thabhairt do lucht cuardaithe gáis an proiséas domhainscoilteadh, nó ‘fracking’ a úsáid i gcondaethe Liatroma, Dún na nGall agus An Clár, imeacht driléala atá ina chontúirt ollmhór d’uisce agus do thimpeallacht tuaithe faoin dromchla agus os cionn talaimh mar atá léirithe i dtíortha eile.

Tá bánú na tuaithe ar siúl go leanúnach agus tugann an ghéarchéim gheilleagair an deis dóibh siúd a shíleann gur rud maith é, leithéidí an iriseoir ardphróifil Frank McDonald, an dearcadh a bhrú ar aghaidh mar phríomhchlár nó ‘agenda’ s’acu.

Sinne atá inár gcónaí nó a tógadh faoin tír, tuigeann muid chomh daonna agus atá sé a bheith gar don dúlra. Níor chóir dúinn glacadh le beartais stáit nó le dearcadh aon scríbhneoir ailt san Irish Times atá dírithe ar muid a bhrú isteach i dtimpeallacht urbach. Is iad na glúnta inár ndiaidh a bheas thíos leis.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.