Ní ag sú na gréine a bhí Balor le tamall anuas, mar a tuairiscíodh anseo an mhí seo caite, ach ar mhisean rúnda síochána.
Cúis lúcháire dúinn uilig go bhfuil Balor na Baothchainte ar ais i dtír na mbeo agus ar a sheanléim arís, i ndiaidh dó an domhan a shiúl agus é ar a chuid laethanta saoire ag tóraíocht na gréine agus na gaoise. Ar an drochuair is beag de cheachtar den dá aidhm a bhain sé amach. Ach nach sásta atá muid go bhfuil Balorina, a dheirfiúr dhiabhlaí dheisbhéalach dheargnaimhdeach ar shiúl ar ais go dtí an phluais a dtáinig sí as, agus í i ndiaidh feic saolta a dhéanamh di féin agus dá muintir ar “Beo Ar Éigean” na míosa seo caite. Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo. Ach ní thuigeann an meathchodlatach don mheathfhoghlamtha.
Ar scor ar bith, is le Balor féin an t-alt arís agus tá sé sásta cur síos a thabhairt dúinn ar a shaoire. “Níl ann ach cuid mhór bolscaireachta baothánta gur ar saoire a bhí mé,” a mhaíonn Fear na Súile Nimhe. “Ar chúis i bhfad ní ba thromaí ná sin a bhí mé - misean rúnda síochána a fuair mé ó mo sheanchara, an Pápa EPII. Chuir sé faoi gheasa droma draíochta mé gan rud ar bith a rá fá dtaobh de seo. Nach maith an rud é, mar sin, nach ag caint atá mé ach ag scríobh.
“Ní mise an chéad ghníomhaire rúnda a chuir EPII ag taisteal chlár na cruinne ar son na síochána. Tháinig mé i gcomharbacht ar an bhoc eile sin Leamh Ó Cuinneagáin, alias Crocodile Dungloe, fear maith beartaíochta agus idirbheartaíochta, fear a fheiceann agus a thuigeann an dá thaobh in aighneas ar bith, mar ba léir ón agallamh a rinne sé ar TG4 ar na mallaibh ar ghéarchéim na Gaelscoile i nDún Bóinne. Ní bhfuair a Naofacht ach an t-aon locht amháin air mar ghníomhaire rúnda: an tiomáint ghasta - chomh gasta sin agus nach bhfeiceann sé na comharthaí ná na fógraí ar na bóithre. Ag tús na bliana chuir an Pápa é mar idirghabhálaí go dtí Bali Hi agus cá háit ar ráinigh ár laoch ach i mBaile Thaidhg!
“Ní go Bali Hi a cuireadh mise, ámh, ach go Baghdad, fá choinne cruinnithe le Saddam Ó hOisín. ‘A Bhaloir, a chara mo chléibh,’ arsa fear an chroiméil raithní liom, agus é ag stánadh go drochmhúinte isteach i mo shúil. ‘A Bhaloir a chomrádaí,’ ar seisean arís, díreach le cur in iúl dom nach raibh rian ar bith den chaipitleachas nó den choimeádachas ag baint leis, ‘tá do chomhairle de dhíth go géar anseo. Tá rún agam ceacht a mhúineadh don mhadadh sráide sin i Washington agus dá chuid bithiúnach. Bhí mé ag smaoineamh ar rud inteacht urchóideach a chur isteach sa chóras uisce poiblí thall, ábhar inteacht a dhéanfaidh dímríoch iad, sa dóigh go mbeidh mé ábalta an tír a cheansú gan stró. Do bharúil cad é a úsáidfidh mé?’
Níor ghlac sé ach bomaite orm an fhadhb a réiteach agus an freagra a thabhairt: ‘Poitín!’ arsa mise. ‘Poitín Chonamara! Cuir fríd an chóras uisce é agus fágfaidh sé iad neamhbhríoch, neamhéifeachtach, neamh-infheidhme agus neamh-amhrasach.’
‘Ar nós mhuintir Chonamara féin!’ a scairt Saddam Sleabhcánta. ‘Ba chóir dom féin smaoineamh air sin.’
“As go brách liom ansin go dtí an tOileán Úr fá choinne cruinnithe le Seoirse Mac Sceiche i Washington. ‘A Bhaloir, a chara mo chroí,’ arsa an Sceach Óg liom. ‘A Bhaloir cháidh,’ ar seisean arís, díreach le cur in iúl dom go raibh an tuiseal gairmeach ar a thoil aige agus é i ndiaidh an cúpla focal a fhoghlaim ar chúrsa Oideas Gael an bhliain seo caite. ‘Tá rún agam ceacht a mhúineadh do mhuintir na hIaráice agus don cheirt tóna sin Ó hOisín. Do bharúil cén sórt diúracáin is cóir dom a úsáid?’ Smaoinigh mé ar feadh bomaite nó dhó ‘fhad is a bhí an Sceach Óg ag cur meigeathonnaí faoina chúlfhiacail. ‘Snaoisín!’ a dúirt mé de phreab. ‘Snaoisín déanta i nDún Dealgan! Is cóir duit iad a bhuamáil le cúpla tonna snaoisín. Coinneoidh sin gnaitheach iad. Beidh uisce lena gcuid súl agus smugairlí lena ngaosán. Beidh siad neamhanálaithe, neamh-araíonach, neamh-aireach agus ní fada go mbeidh siad neamh-mhealltach.’
‘Díreach ar nós mhuintir Dhún Dealgan féin!’ a scairt an Sceach Scigiúil. ‘Ba chóir dom féin smaoineamh air sin.’
“Jab déanta agus an domhan i gceart arís. As go brách liom ar ais go Cathair na Seacht gCnoc, ach ní róshásta a bhí cairdinéil na Vatacáine liom nuair a thug mé blaiseadh beag den dá arm rúnda do EPII. Tá a chuid róbaí millte ag an tsraothartach cháidheach ó shin, ach le héifeacht an phoitín, siúr is cuma sa tsioc leis.”
Nach deas go bhfuil Balor s’ againne ar ais inár measc arís!