Chuir sé an-olc ar Bhalor go raibh tús áite tugtha don Ultais ag Oireachtas na Samhna i nDoire.
Bhí Oireachtas na Gaeilge i nDoire Cholm Doire ag tús na míosa seo, agus is ann a chuaigh Balor an Bhéil Bhinn ar oilithreacht. “B’éigean dom sin a dhéanamh,” a mhíníonn Balor an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach. “Ní raibh an dara suí sa bhuaile agam ach dul ar oilithreacht chuig an áit ar rugadh Nelly Bheag McCafferty, Phil the Fluther Coulter agus John Human, gan trácht ar Mháirtín Beag Catach McGnéas agus go leor eile a d’fhág a rian ar stair na hÉireann ag deireadh na haoise seo caite, agus i lár na haoise seo caite, agus i gcás Nelly – tús na haoise seo caite. Seo an áit a ndóitear Lundy arís agus arís eile (agus an dó céanna tuillte go maith ag an bhrathadóir bhroghach) agus áit a mbíonn Roaring Meg fós ag béicigh.
“Doire Cholm Cille a thugann roinnt daoine ar an chathair seo, nó Doire, nó Derry go díreach. Londonderry a thugann ár gcairde dílse ar an áit, agus iad ag iarraidh a bheith dílis do na daoine nach bhfuil ag iarraidh a bheith dílis dóibh, ach atá ag iarraidh na dílseoirí dílse a fhágáil sa chac. Ach in aois seo an chomh-mheasa agus an chomhghéillte agus na comhthuisceana agus an chomh-gach-aon-rud, sílimse gur fearr, mar chomhréiteach comhchuí (agus in ómós do mo sheanchara, Aire na Galltachta Éamon Ó Caoimhnis) Londondoire a bhaisteadh ar an áit – bíodh an logainm sin ag teastáil ó na cónaitheoirí nó ná bíodh.”
“Ar scor ar bith,” a mhaíonn Balor an Clamhsánaí Cantalach, “ar scor ar bith, bhí Erectus na Gaeilge ina cock-up arís. Agus coiste an Erectus ag iarraidh a bheith comhbhách, comh-mheasach, chomh hamaideach agus a thiocfadh leo a bheith, chuir siad na fógraí poiblí in Ultais! Anois, a léitheoirí, an dtuigeann sibh cad é an rud é Ultais? Ní thuigeann? Go maith! Nó ní thuigeann duine ar bith eile. Ach de réir Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta agus Chomhaontú St Andrew’s/The Royal and Ancient, ní miste an Ghaeilge agus an Ultais a bheith ar comhchéim chomh-mheasach. Agus níl rud ar bith contráilte leis sin... sílim. Ach, ní dhéanfadh sé a dhath gnaithe do Choiste an Oireachtais ach na fógraí a chur in Ultais amháin. Cé a fuair siad le hUltais a chur ar na fógraí? An Tiarna Laird é féin – nó i nGaeilge bhinn bhlasta An Tiarna Tiarna. Mar fhógra ag Coiste an Erectus don amhránaíocht ar an sean-nós bhí: Auld Screechie; don damhsa ar an sean-nós bhí: Auld Hoppie; do chomórtas na lúibíní bhí The Twa Dafties”; agus do chomórtas na lúibíní faoi ocht mbliana déag bhí The Twa Wee Dafties.”
Ba é seo an chéad difríocht shuntasach a thug Balor an Bromaire Bomannach faoi deara, ach níorbh fhada go bhfacthas dó go raibh an tErectus seo ní hamháin ina cock-up ach ina cock-up aisteach fosta. (Ceist ar an eagarthóir: An bhfuil muid cinnte go bhfuil an focal *erectus firinscneach?)* Ar a ghabháil isteach in Óstán na Cathrach do Laoch na Litríochta, baineadh siar as nuair a thug sé faoi deara an easpa gleo. Ní raibh sé mall san oíche – leath i ndiaidh a ceathair go díreach – ach fós bhí an áit iontach ciúin mar oíche Erectus – go maith faoi bhun a sé déag ar an Scála Richter. Isteach le Balor sa bheár, agus iontas na n-iontas, ní raibh ach thart ar naoi míle go leith duine ann! Bhí spás trí troithe cearnach den urlár nach raibh duine ar bith ina sheasamh nó ina luí air! Níos amhrasaí fós, chonaic sé tábla nach raibh leathamadán inteacht in airde air, ag pocléimnigh thart ar nós bó ar dáir.
Bhrúigh Balor an Biatach Blonagach a bhealach fríd na sluaite, bhailigh sé cúig bhairille pórtair leis ón bheár, agus ar aghaidh leis amach go dtí forhalla an óstáin, áit a raibh rudaí ní ba shéimhe, ní ba chiúine, ní ba chosúla leis an seanam, agus áit a raibh cuid mhór de sheanchairde Bhaloir cruinnithe le bheith ag ól agus ag ceol go maidin.
Bhí baicle bheag ceithre chéad cloigeann cruinnithe thart ar bhoc a raibh bosca ceoil suite go gingideach ar a bholg beag longadánach agus bóna bán thart ar a mhuineál scrutach. An tUrramach Willie McRay, MP, FP, VIP, DUP, agus P mór fada a bhí ann, seanchara dílis d’Erectus na Gaeilge, a bhí ag ceol an naoú véarsa déag dá leagan féin de “Tantum Ergo Sacramentum”, é á cheol sa Laidin bhinn a d’fhoghlaim sé in Ollscoil Bob Jones Mheiriceá. In aice leis an scaifte seo bhí amhránaíocht ní ba bhinne fós ag teacht ó bheirt seanchairde a bhí suite gualainn le gualainn, glúin le glúin, lámh ar lámh, iad ag windeáil a chéile agus ag misniú a chéile. Cé eile a bheadh ann ach Sóisear Paisley ón DUP agus Daithí Ó Sé ón WKUP (West Kerry Unionist Party), agus iad ag ceol véarsa trí chéad nócha is a ceathair de “I’ll Tell My Da If I Get Home”.
Chroch Balor an dá bhairille pórtair a bhí fágtha aige faoina dhá ascaill agus anonn leis go dtí an taobh eile den fhorhalla, áit a raibh scaifte eile dá sheanchairde ag ceol agus ag ól. Bhí Marky Beag Ó Durcáin agus Séimí Mór Ó Mealláin ón SDLP (Still Doing Less Party) cuachta isteach i gcoirnéal ag dul fríd charn mór d’eolaithe fóin agus iad ag iarraidh teacht ar dhuine inteacht leis an locht a chur air nó uirthi nach raibh siad i lár an aonaigh ní ba mhó. Is é an t-amhrán a bhí á cheol acu seo i rith an ama, dar ndóigh, “We Moved Through the Fair”. Thóg sé trí lá agus trí oíche orthu teacht ar an tuiscint go bhfuil an saol níos compordaí ar fad i bhfad ó lár an aonaigh.
Níor fhan Balor rófhada ag éisteacht leo ach ar aghaidh leis chuig an áit a raibh an t-aicsean ar fad. Bhí Cathal Beag Álainn Ó Searcaigh ag crúsáil leis agus é i ndiaidh a shúil a chaochadh leis An Buachaill Caol Dubh. Bhí Bean Dubh an Ghleanna ag éirí dubh sa ghnúis nó bhí súil s’aicise ar an leaid céanna ach ní raibh sí in inmhe an tsúil chéanna a chaochadh. Bhí Róisín Dubh agus Cáit Ní Dhuibhir *ag insint don saol mór gach a raibh ar eolas acu faoina raibh ar siúl le cúpla oíche idir *Éamonn an Cnoic agus Úna Bhán. Bhí Jimmy Mo Mhíle Stór ar deargbhuile nó bhí seisean á chloisteáil aige seo den chéad uair, agus lámh agus focal idir é agus Úna. Ní raibh Neansaí ’Mhíle Grá ná Buachaill an Chúil Dualaigh ag tabhairt airde ar bith ar a raibh ar siúl thart orthu, ach iad ag stánadh isteach i súile a chéile, mar a bhíonn gach bliain, nó is é an t-aon seans a bhíonn acu dul ar an téar ná ag an Erectus.
“Is iomaí duine eile atá sa riocht céanna,” a mhaíonn Balor, “daoine a chaitheann mórchuid na bliana ag dréim leis an chéad tseachtain i mí na Samhna gach bliain, bíodh an tErectus ina cock-up nó ná bíodh. Is maith atá a fhios sin ag Coiste an Erectus agus sin an tuige go bhfuil siad sásta muid a mhaslú lena gcuid fógraí in Ultais.”