CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Baile na mBlaincéad
Michelle Nic Pháidín Michelle Nic Pháidín

Bhuaigh an saothar seo le Michelle Nic Pháidín an dara háit i gcomórtas gearrscéalta an Oireachtais anuraidh.

Thiocfadh an oíche agus an mhaidin go tobann san áit seo. Nuair a mhusclóinn ar maidin bheadh grian líomóideach shearbh Van Gogh dá mo dhallú nó báisteach throm Bhleá Cliathach ag stealladh in éadan m’fhuinneoige, do mo mhúscailt ó mo chodladh sócúlach de phreab. An oíche seo thit an dorchadas ní ba throime ná mar ba ghnách ar m’árasán beag. D’fhan mé go diansmaointeach ag tnúth leis an oíche.

Tharraing an dorchadas pictiúir scanrúla ar m’urlár mar is dual dó. Thosódh na scáthanna seo ar m’urlár gach oíche, ag at agus ag at go dtí go gcuirfinn an lampa beag a bhí in aice an chaibinéid ar siúl. Nuair a thiocfadh an solas d’imeodh siad ag cogarnaíl agus ag siotgháire isteach i measc na gciaróg faoi mo leaba, ag feitheamh leis an chéad oíche eile. Ní raibh dabht ar bith fá dtaobh de: ní fhaca mé ariamh seomra a bhí chomh hait leis an cheann seo agus an oíche seo ní raibh sé ach ag gríosú mo chuid samhlaíochta mar a bhí mé ag súil. Bhí an searmanas seo ag tarlú chóir a bheith gach oíche anois agus an geimhreadh ag druidim liom.

Nuair a chluinfeadh Máire, bean an tí, mé i mo shuí go mall bhuailfeadh sí ar an bhalla ag rá go raibh súil aici go raibh mé liom féin agus nach raibh bean ar bith istigh sa tseomra liom. Stop mé dá freagairt i ndiaidh tamaill. Bhí a fhios agam gur mhian léi féin a bheith sa tseomra liom.

Bhí mé tinn tuirseach den dóigh a leag sí amach mo bhricfeasta ar maidin. D’amharcódh sí go drúisiúil orm thar mo chuid uibheacha bruite agus tae. Shuífeadh sí romham, a léine foscailte píosa fada agus í ag teannadh liom. Ba ghnách liom amharc uirthi agus smaoineamh ar mhadra fireann a bhí agam lá den tsaol. Bhí sé i dtólamh ag iarraidh marcaíocht ar rudaí - ar tháblaí, ar chathaoireacha agus ar chosa daoine. Is é an t-amharc céanna a bhí sna súile ag an bhean seo agus a bhí i súile Brandy bocht agus é i mbun gnaithe.

Ní nach raibh mé ag lorg teas mnaoi - bhí, ach ní ón bhean seo. Bhíodh sí i dtólamh ag siúl thart agus toitín ina béal aici, fiú agus í ag cócaireacht dom. Bhíodh éadach gairid uirthi i gcónaí agus bhí a cuid leasracha scanrúla móra ag sileadh síos thar a cuid glúine. Bhíodh sí de shíor dá mo leanstan thart ag cur ceisteanna orm faoi mo chuid scríbhneoireachta, agus rudaí den chineál sin nach raibh eolas ar bith aici féin fúthu. Shíl mé in amanna go raibh sé deas duine a bheith chomh tógtha sin liom ach, oícheanta áirithe, ghoillfeadh sí go dtí an croí orm.

Ní raibh eadrainn ach balla beag éadrom agus nuair a bhí mé i mo luí ar shlat mo dhroma bhí mé ábalta gach rud a rinne sí a chluinstin - í ag análú, análú trom an chodlata, í ag tiontú, í dá tochas féin, í ag casachtáil, í ag rá a cuid paidreacha, í ag guí chuig Dia go bhfaigheadh sí mise isteach ina leaba agus a lán rudaí eile nach bhféadfainn cur i scéal dá mhacasamhail seo.

Is beag scríobh a rinne mé na laethanta sin. Is doiligh scríobh nuair atá rudaí ag goillstean ort sa tslí seo. Ba ghnách liom cuid mhór caife a ól agus cuid mhór toitíní a chaitheamh agus mé ag amharc amach ar mhuintir Bhaile Átha Cliath ag siúl síos agus aníos lasmuigh de m’fhuinneog. Bhí mé ábalta iad a chluinstin ag caint agus iad ag teacht i dtreo m’fhuinneoige agus nuair a d’fhágfadh a gcuid glórtha mé, ar chúl na gcuirtíní, thiocfadh drochspionn orm, nuair nach bhféadfainn iad a chluinstin níos mó.

Bhí a fhios agam iad. Gach duine ariamh acu na laethanta sin. Ní raibh strainséirí ar bith fán bhaile san am sin. Bhí cuid mhór seandaoine ann agus bhí sé deas iad a fheiceáil ag déanamh a mbealach go dtí an siopa fá choinne pionta bainne nó bulóige. Chífinn iad corruair agus mé ag dul go dtí an siopa mé féin agus is beag a bhí fhios acu go raibh an oiread sin aithne agus measa agam orthu. Bhí mise i mo strainséir acu agus bhí siad sin ina mbuanchairde agamsa le linn mo bhlianta ar an bhealach sin.

Ba é an rud ab fhearr liom a dhéanamh san am sin ná bheith i mo chodladh. Thiocfadh gliondar agus áthas orm nuair a thitfeadh an geal dorchadais ar mo sheomra. Bhí a fhios agam nach mbeadh i bhfad ann go mbeinn i saol eile. Go n-imeoinn mar a bheadh taibhse ann go Baile na mBlaincéad.

Bhí a fhios agam ó bhí mé óg go raibh mé ábalta slí mo chuid brionglóidí a chur faoi smacht. Tarlaíonn sé do chuid mhaith daoine nuair a éiríonn siad aosta ach tharla sé domsa agus mé i mo bhuachaill óg.

Nuair a bhí mé seacht mbliana d’aois, tharla sé go raibh brionglóid agam agus sa bhrionglóid sin bhí traein agam. D’éirigh mé an lá arna mhárach agus chuardaigh mé bosca na mbréagán. Ní raibh mé ábalta an traein seo a fháil thuas ná thíos. Chaoin mé agus chaoin mé go dtí gur ghéill m’athair agus gur cheannaigh sé traein dom. Is é an fhadhb a bhí leis seo nó gur cheannaigh sé ceann glas dom. Chuir seo isteach go mór orm agus nuair a a thiocfadh an oíche rachainn isteach go bosca na mbréagán i mBaile na mBlaincéad i mo chuid brionglóidí agus bhéarfainn amach mo thraein bheag dhearg a raibh an chlog uirthi.

Gach oíche ansin ag dul a chodladh dom bhíodh brionglóid agam faoi bhréagan úr agus bhíodh áthas orm i dtólamh a dhul suas na staighre sin agus isteach a luí nó bhí a fhios agam cad é a d’fhéadfadh a bheith romham. Bhí mo chuid tuismitheoirí ag rá gur mé an gasúr ab fhearr ann Éirinn gach oíche. Anois, d’fhéadfadh sé nach mbeinn ábalta na brionglóidí a choinneáil faoi smacht an t-am ar fad ach ar a laghad bhí seans ann go mbeadh brionglóid ar dóigh agam corroíche.

Maidin amháin mhúscail mé le grian nimhe Van Gogh, a ghoill go mór ar mo chuid súl. Chuaigh mé síos chuig mo bhricfeasta agus léigh mé an páipéar, ag amharc os a chionn anois agus arís ar bhean an tí a bhí ag tógáil smúite den urlár. Ní raibh mé ábalta m’intinn a choinneáil ar an pháipéar agus chaith mé uaim é.

Ghlac bean an tí leis go dtug seo cuireadh di suí romham, agus a brollach mór ag scaipeadh amach as a léine, agus a toitín a chaitheamh i mo chuideachta. Thóg sí a cuid gruaige óna haghaidh agus tharla sé, leis an ghníomh seo, go dtáinig an bhrionglóid a bhí agam an oíche roimhe sin ar ais chugam mar a bheadh rachtanna na fírinneachta ann i ndiaidh oíche óil.

Dhruid mé mo dhá shúil sa chisteanach agus leag mé mo cheann siar ar an chathaoir. Bhí an áilleacht a bhí i mo cheann ag baint an dá shúil asam; bean óg dhóighiúil ina seasamh romham agus a cúl liom. Bhí gach cineál toradh dá bhfaca tú ariamh ar an chrann ar sheas sí faoi. Iad go léir aibí, ag dúil le bheith ite. Nocht faoina culaith a cuid murnán beag bán. Bhí gruaig fhada, chatach dhearg uirthi a thit síos go dtí a tóin agus í ard, bródúil agus fial.

D’fhág mé an chisteanach le hosna. Bhí orm dul ar ais go dtí mo sheomra agus an bhean óg mhilis seo a cheapadh ó mo bhrionglóid ina hiomláine. Rith mé isteach sa tseomra, shuigh i mo chathaoir scríbhneoireachta agus bhain iomlán de shúil mo chuimhne as an chailín óg seo.

Sheas sí romham agus a cúl liom. Thiontaigh sí thart mar a dhéanfadh ballerina i mbosca ceoil, píosa ar phíosa, go raibh sí ina seasamh romham. Bhí marc dearg ar a haghaidh a thosaigh ag barr a malaí agus a lean síos a haghaidh go dtína smigead. Bhí sé cosúil le toradh a scoilteadh ina dhá chuid. Bhí taobh amháin de maith agus bhí an taobh eile lofa. Stán mé uirthi ar feadh tamaill agus stán sise ormsa. Chonaic mé mé féin inti. Is é mo chuid lochtannasa a d’fhág í mar a bhí, bhí a fhios agam sin. Bhí sise mar íomhá domsa. Bhí sí ag taispeáint mo chuid lochtanna dom. Thuig mé an oiread sin. Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál. Thuig mé tuilleadh lena chois sin. Bhí a fhios agam go raibh bunús an tráthnóna caite agam ag amharc ar an mhaighdean gheal seo agus go raibh an oíche ag teacht. Bheadh sí agam i mBaile na mBlaincéad. Thiocfadh sí chugam agus dhoirtfeadh sí sú mo choinsiasa orm le deora sú na caointe.

Shuigh mé an lá sin sa chathaoir agus muid ag stánadh ar a cheile. Níor chaith mé agus níor ól mé. Ní dhearna mé faic ach ag amharc isteach sna súile ba ghlaise de bhfaca mé ariamh. Bhí coillte na gcrann laistigh de thobar síoraíochta na súl sin. Tháinig an oíche agus léim mé isteach i mo leaba, b’fhéidir píosa ní ba luaithe ná ba ghnách, ach cé a bheadh ina dhiaidh orm.

D’fhan mé le sráideacha Bhaile na mBlaincéad iad féin a nochtadh chugam go ndéanfainn mo bhealach chuig an chailín galánta seo, ach faraor, ní raibh toradh ar mo shaothar. Ní raibh an dorchadas ach ag magadh fúm agus mé i mo luí ansin agus leaspáin i mo chuid súl.

Thig liom mé féin a shamhailt anois. Mé i mo luí sa leaba sin sa dorchadas agus mo dhá shúil ag foscailt agus ag druid. Iad ag gliosarnach mar a bheadh dhá liathróid mearcair ann ag bogadh anonn agus anall le míshuaimhneas.

Tháinig báisteach throm Bhaile Átha Cliath an mhaidin sin ach bhí mé réidh di. Níor mhúscail sí de phreab mé mar ba ghnách léi. Bhí mé múscáilte, ag feitheamh léi.

Shuigh mé an chéad lá eile ag mo chlóscríobhán ag cuardach focla le cur síos uirthi. Bheinn ábalta úsáid inteacht a bhaint aisti. Scríobh mé i sruthanna an lá sin. Litir i ndiaidh litreach, focal i ndiaidh focail, abairt i ndiaidh abairte, alt i ndiaidh ailt agus leathanach i ndiaidh leathanaigh - tap, tap, tap an chlóscríobháin ag briseadh an chiúnais a bhí sa tseomra. An oíche sin, agus mé i mo shuí os coinne mo scéil, ghuigh mé chuig Dia gur cheap mé an mhaighdean seo laistigh de mo chuid scríbhneoireachta. Í a choinneáil mar a bheadh ainmhí fiáin ann taobh istigh de theorainneacha mo chuid leathanach. Bhí mé ag guí gur nocht mé í agus go bhfuair mé greim cúil na háilleachta uirthi agus gur leag mé síos in aibhneacha mo chuid dúigh í. Thosaigh mé ag léamh an scéil le solas an lampa. Chuir sé déistin orm, chuir sé samhnas orm, bhí a fhios agam nárbh fhéidir liom an áilleacht is mó dá bhfaca mé ariamh a cheapeadh le mo pheann. Chaith mé uaim na leathanaigh agus thit siad mar a bheadh sneachta ann ar urlár an tseomra.

Thosaigh sí féin ag bualadh ar an bhalla. Í ag rá go raibh sí ag dul a theacht isteach go bhfeicfeadh sí an raibh bean ar bith istigh sa tseomra liom. “Níl,” a scread mé os ard agus mé ag tarraingt na léine allasaí de mo chorp. “Níl, níl, níl,” a scread mé arís. Tháinig ciúnas ón taobh eile den bhalla. Den chéad uair ariamh níor bhog sí. Bhog mé siar go dtí taobh na leapa agus d’éist mé go ciúin. Chuala mé í ag caoineadh. Chaoin sí mar a bheadh scuab ann. Racht beag caointe agus ansin osna mór, racht beag caointe agus ansin osna mór. Bhí a fhios agam go raibh a croí istigh ag scoilteadh an oiread céanna agus a bhí mo chroí féin agus scairt mé “oíche mhaith” léi. Den chéad uair ariamh, bhí mé buartha fúithi.

An chéad mhaidin eile, agus gan codladh ar bith agam ach an oiread, ní raibh agam ach Cornflakes scallta don bhricfeasta. Bhí siad ina luí fós sa bhosca nuair a tháinig mé anuas an staighre. Bhí sise ina suí agus a cúl liom agus í ag léamh Sweet Savage, leabhar de chuid Mills and Boon. Bhí a corp clúdaithe inniu aici agus ní raibh píosa d’fheoil le feiceáil ag brú amach as coirnéal ar bith. Bhí sí ar nós cuma liom liom agus d’éirigh léi drochspionn a chur orm. D’éirigh mé ón tábla agus mé briste mar gheall ar gach a tharla agus dúirt mé nach raibh ocras ar bith orm. “Mar sin,” a dúirt sí, “ní bheidh lón ná dinneár de dhíth ort.” “Ní bheidh” a bhéic mé agus mhothaigh mé mo ghlór ag briseadh sa bhúireach mar a bheadh glór gasúir óig sé bliana déag ann. Thiontaigh mé ar mo chos agus chuaigh go tiubh géar gasta go dtí mo sheomra, mo chroí ag preabarnaíl. Shuigh mé sa tseomra ar feadh tamaill ag meas go scairteodh sí orm fá choinne rud inteacht le hithe, ach níor scairt. D’amharc mé ar na leathanaigh scaipthe thart fá urlár an tseomra agus an dúch greamaithe dóibh mar a bheadh aicíd ghallda inteacht ann.

Thit an mhaidin siar isteach sa lá agus nuair a tháinig a haon déag a chlog d’ardaigh mo chroí. Bheinn ag dul a luí anocht le mo chailín álainn. Ghlac mé folcadh mór fada. Nigh mé mo ghruaig agus mo chuid fiacla. Chuir mé aftershave orm féin agus shuigh mé arís sa chathaoir ag fanacht leis an chodladh a theacht le comhluadar a choinneáil leis an dorchadas.

Shuigh mé agus shuigh mé agus shuigh mé. Sa deireadh d’éirigh mé agus rinne mé cupa bainne te dom féin. Bhí sé a haon a chlog ar maidin agus rinne mé oiread trup agus a thiocfadh liom. Níor dhúirt bean an tí rud ar bith. Thosaigh mé ag feadaíl, ach ní raibh focal aisti. Shuigh mé liom sa dorchadas ag ól mo chuid bainne te agus mo dhá shúil mar a bheadh tintreacha ifrinn ann ag amharc anseo agus ansiúd, ag cuardach rud inteacht le mé a chur a chodladh.

Lá arna mhárach ní raibh bricfeasta ar bith romham ach litir ag rá gur dhiúltaigh sí tionónta a choinneáil a raibh an oiread sin trup aige san oíche. Ní raibh sé chomh dona sin uilig mar gur dhúirt sí dá n-athróinn mo chuid nósanna go mbeadh seomra i dtólamh sa teach aici dom. Chaith mé uaim an litir. Thiontaigh mé ar mo shál agus amach an doras liom. Bhí mé trom tuirseach faoin am seo agus bhí galar na dúiseachta orm. Ní fhéadfainn dul a chodladh, nós a tháinig liom ó bhí mé óg. Dhruidfinn mo dhá shúil agus d’imeoinn liom isteach go Baile na mBlaincéad. Thug Dia fís dom agus bhain sé díom mo thicéid go Baile na mBlaincéad. Sin an rud. Bhí geaftaí an bhaile seo dúnta romham anois ó chonaic mé an mhaighdean álainn.

Síos an tsráid liom agus siúl fir mire liom. Chonaic mé an teach bándearg ag éirí as an bhealach romham. D’oscail mé doras an tí tábhairne agus isteach liom. “Pionta leann dubh agus Séamaisín” a dúirt mé leis an bhean óg ar chúl an chuntair. Dhoirt sí amach an deoch lena lámh mhór fhada láidir agus smaointigh mé ar mo chailín a bhí fós gafa i mo cheann. Shuigh mé síos sa choirnéal, mé féin, mo chuid toitíní agus mo dheoch. Níor chuir duine ar bith chugam ná uaim nó sílim go mbíonn a fhios ag daoine, fiú lucht an óil, nuair a bhíonn drochspionn ar dhuine. Cé a bheadh ag iarraidh labhairt leo ar scor ar bith, a gcuid méar fada buí ó bheith ag caitheamh tobac, a gcuid seileog ag fliuchadh d’aghaidhe agus iad ag iarraidh a gcuid mioneolais a léiriú duit an oiread agus go bhfuil fhios acu rud ar bith a mbeadh suim ag mo mhacasamhailse ann.

D’ól mé agus d’ól mé go dtí nach raibh leathphingin rua fágtha i mbun mo phóca agus d’éirigh mé le haghaidh a thabhairt ar an bhaile. Ghlac sé seal fada dom mo bhealach a dhéanamh chun an bhaile, cé nach raibh ann ach siúl cúig bhomaite. Ní raibh sé ariamh chomh doiligh agam cos amháin a chur roimh an chos eile. Is iomaí uair a phioc mé mé féin suas ón talamh, mo phluc ag cur fola nó mo chuid brístí stróicthe. B’fhéidir anocht go gcodlóinn, b’fhéidir anocht go ligfí dom mo chodladh a fháil.

Faoi dheireadh shroich mé an teach, mé nimhneach agus lán trua dom féin. Thosaigh mé ag cuardach na n-eochracha - ní raibh siad le fáil. Cá háit a raibh siad? I mo phóca b’fhéidir. Chuardaigh mé mo chuid pócaí arís agus arís eile. Ní raibh siad le fáil. Thit mé as mo sheasamh agus shuigh mé ansin ar na céimeanna taobh amuigh. Cad é a dhéanfainn? Cheolfainn amhrán, sin an rud go díreach a dhéanfainn. Cheolfainn “An Cailín Gaelach” nó bhí cuimhne agam é a cheol don mhúinteoir sa tríú rang ar an scoil. Thosaigh mé a cheol ó mo chroí istigh nó is iomaí lá a cheol mé an t-amhrán sin ó shin i mo chloigeann. Is iomaí duine a déarfas leat go bhfuil ceol galánta sa chloigeann ag daoine. Cheolfá gach uile nóta gan botún ar bith agus déarfá leat féin go raibh tú níos fearr ag dul den cheol ná fiú Ó Riada é féin. Thosaigh an bháisteach agus thosaigh mé a cheol níb airde. Bhí mé i mo shuí ansin, báite go craiceann, conáilte agus achan ailleog cheoil asam agus mé i mo chuid samhlaíochta ag gríosadh fhir na hÉireann le dul amach a throid ar son na hÉireann ag an GPO. “Is maith amach mé” a bhí mé ag rá liom féin tríd na creatha fuachta.

Chuala mé trup ar mo chúl agus thiontaigh mé thart. Siúd í ina seasamh i solas an halla ag amharc orm agus a dá shúil ag dul amach as a ceann. Chonaic mé í an dóigh chéanna is a chífeá na Mhaighdean Mhuire - í ina seasamh ansin, an t-éadach oíche bán sin uirthi, a gruaig leagtha síos aici agus blaincéad caite thairsti leis an bháisteach a choinneáil uaithi. Bhí solas an halla ag cur na réaltaí ag damhsa ina cuid súl agus bhí a gnúis lasta suas mar a bheadh teach solais ann ar fharraige fhíochmhar mar threoraí d’iascaire i mbaol.

D’éirigh mé de léim agus rinne mé mo sheacht ndícheall fáil go dtí an doras go bhfaighinn isteach sa teas. Sheas sí ar gcúl, a béal foscailte aici gan toitín ar bith ag crochadh as. Bheir mé greim cúil uirthi agus chaith mé an blaincéad di. Rug mé uirthi agus í ag cuardach anála mar a bheadh goldfish ann i mbabhla, a cuid súl fuar uisciúil ag amharc go fuarbhruite orm, agus tharraing mé trasna an urláir í mar a dhéanfá le cailín crosta.

Bhí a cuid slippers ina luí ar urlár an halla mar a d’fhag sí iad, coiscéim ar choiscéim. Dhruid mé doras an tseomra agus bhí sí ina seasamh romham, í cúthaileach, gan fios aici cá háit le hamharc. Phóg mé a béal agus, leis sin, tharraing mé ar ais na blaincéadaí ar mo leaba agus isteach linn. Bhí a fhios agam nach mbeadh sí ag cur isteach orm anocht nó anocht bhí sí le mo thaobh.

An oíche sin d’éalaigh mé chuig Baile na mBlaincéad agus chonaic mé í. Bhí a cúl liom. An chulaith gheal chéanna uirthi agus í ina seasamh ag taobh locha ghoirm a raibh ealaí ar snámh air. Thiontaigh sí chugam, an dóigh chéanna, píosa ar phíosa gur nocht sí romham. Chonaic mé go raibh an marc imithe óna haghaidh agus go raibh sí ag gáire liom.

Maidin lá arna mhárach nuair a mhúscail mé bhí bean an tí imithe fosta. Bhuail faitíos millteanach mé agus mé ag amharc thart ar an tseomra agus an ghrian ag cur dath éadrom donn ar an urlár. Buaileadh cnag ar an doras agus isteach léi féin agus aoibh na hóige ar a haghaidh, tráidire léi agus mo bhricfeasta ina luí go néata air.

An lá sin agus mé ag fágáil, chonaic mé pictiúr nach bhfaca mé roimhe. Pictúir di féin ina seasamh ag taobh locha ghoirm agus ealaí ar snámh air. Dhruid mé an doras i mo dhiaidh.

Is as Gaoth Dobhair í Michelle Nic Pháidín ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois le roinnt mhaith blianta. Is iriseoir í leis an nuachtán Lá.

Gluais • Glossary

grian líomóideach shearbh Van GoghVan Gogh’s bitter lemon sun

dá mo dhallúblinding me

sócúlachcomfortable

go diansmaointeachextremely thoughtful

mar is dual dóas it usually does

scáthannashadows

ag atswelling, expanding

in aice an chaibinéidbeside the cabinet

ag siotgháiresniggering

fá dtaobh deabout it

aitstrange

ag gríosú mo chuid samhlaíochtainciting my imagination

searmanasceremony

chóir a bheithnearly

ag druidim liomapproaching

dá freagairtanswering her

go drúisiúillustfully

ag teannadh liomgoing close up to me

ba ghnách liom amharc uirthiI used to look at her

fireannmale

i dtólamhalways

marcaíocht ar rudaíto ride things

leasrachathighs

de shíor dá mo leanstan thartalways following me around

chomh tógtha sin liomso taken with me

ghoillfeadh sí go dtí an croí ormit would really upset/bother me

dá tochas féinscratching herself

ag casachtáilcoughing

dá mhacasamhail seolike this

ag goillstean ortbothering you

drochspionna bad mood

bulógloaf

corruairsometimes

buanchairdefriends for life

gliondarjoy

faoi smachtunder control

bosca na mbréagánthe toy box

go dtí gur ghéill m’athairuntil my father gave in

brionglóid ar dóigha great dream

corroíchethe odd night

smúitdust

gníomhaction

rachtanna na fírinneachtabouts of truthfulness

dóighiúilgood-looking

aibíripe

a cuid murnán beag bánher little white ankles

osnasigh

ag barr a malaíat the top of her brows

smigeadchin

toradhfruit

a scoilteadhwhich was split

stán mé uirthiI stared at her

mo chuid lochtannasamy faults

íomháimage

Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál.Love me love my dog.

bunúsmost

cé a bheadh ina dhiaidh ormwho would blame me

faraoralas

leaspáindancing, coloured lights before eyes

ag gliosarnachglistening

dhá liathróid mearcairtwo balls of mercury

le míshuaimhneasuneasily

clóscríobhántypewriter

úsáid inteachtsome use

i sruthannain torrents (of words)

ainmhí fiáinwild animal

teorainneacha mo chuid leathanachthe borders of my pages

aibhneacha mo chuid dúighthe rivers of my ink

déistinnausea

samhnasdisgust

ag tarraingt na léine allasaípulling the sweaty shirt

buarthaworried

scalltawretched, puny

sa bhúireachin the roaring

ag preabarnaílthrobbing

aicíd ghallda inteachtsome foreign disease

folcadh mór fadaa very long bath

tintreacha ifrinnthe sparks of hell

i dtólamhalways

galar na dúiseachtathe disease of wakefulness

bándeargpink

níor chuir duine ar bith chugam ná uaimnobody bothered me

seileogaspits

mo mhacasamhailsethe likes of me

doilighdifficult

mo phlucmy cheek

nimhneachsore

conáiltefreezing

ailleog cheoilburst of song

i mo chuid samhlaíochtain my imagination

creathashivers

trupnoise

gnúisface

farraige fhíochmharferocious sea

go fuarbhruitelistlessly

ealaíswans

faitíos millteanacha great fear

tráidiretray

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.