TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Baile na Finne
Séamas Mac Giollabhuí Séamas Mac Giollabhuí

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Séamas Mac Giollabhuí ar Bhaile na Finne, i nGaeltacht Láir Dhún na nGall.

Íomhá
Loch Finne - an loch is mó sa cheantar
Íomhá
An Mhuc Dhubh
Íomhá
Taobh istigh den mhuc dhubh

Tá paróiste Bhaile na Finne mar chuid de pharóiste Inis Caoil, paróiste a bhfuil a lárionad sna Gleanntaí. Baile beag an-néata é na Gleanntaí, a bhain craobh na hÉireann i gcomórtas na mbailte slachtmhara cúpla uair agus a bhfuil cúpla céad duine ina gcónaí ann. Tá scoil chuimsitheach ar an bhaile, scoil náisiúnta, Óstán Highlands, stáisiún gardaí, siopaí agus suas le deich dteach tábhairne, chomh maith le teach pobail Caitliceach a bhain duaiseanna ailtireachta.

Tá cónaí ar an sagart paróiste, an tAthair Prendergast agus ar an tsagart cúnta, an tAthair Ó Gallchóir as Gaoth Dobhair sa bhaile, agus tá sagart cúnta eile, an tAthair Mac Giolla Easpaig as Gaoth Dobhair fosta, ina chónaí i mBaile na Finne.

Tá Baile na Finne suite i lár na contae, idir Leitir Ceanainn, Bealach Féich, An Clochán Liath agus na Gleanntaí. Tá sé seacht míle dhéag ó Leitir Ceanainn, an fad céanna ó Bhealach Féich, aon mhíle dhéag ón Chlochán Liath agus ocht míle ó na Gleanntaí.

Tá níos lú ná céad duine ina gcónaí sa tsráidbhaile. Tá scoil náisiúnta triúr oidí (ar mná iad triúr) ann, teach pobail, oifig an phoist, dhá shiopa, halla paróiste agus dhá theach tábhairne (bíonn ceol agus craic i gceann acu, Teach an Cheoil, gach deireadh seachtaine). Tá cúpla monarchan ann chomh maith.

Tá an Chomhairle Contae i ndiaidh ocht dteach a thógáil sa cheantar agus tá siad ag lorg cead pleanála do cheithre theach déag eile. Tá tithe úra á dtógáil fríd an pharóiste uilig agus tá méadú ag teacht ar an daonra de réir a chéile. Tá beagnach seachtó dalta sa scoil náisiúnta agus tá seo ag méadú i gcónaí. Roimh 1970, bhí cúig scoil sa pharóiste (ag Ceann Garbh, Loch Muc, Sealagán, Béal an Átha Mhóir agus Droim an Aonaigh) ach tháinig laghdú ar na huimhreacha mar gheall ar an imirce. Druideadh na scoltacha seo uilig agus tógadh ceann lárnach i mBaile na Finne. Tá trí cinn de na scoltacha á n-úsáid go fóill mar thithe cónaithe agus bail mhaith orthu.

Seán Bán

Chuaigh duine de scríbhneoirí móra na háite, Seán Bán Mac Meanman, go scoil an Chinn Ghairbh, cúpla céad slat óna theach cónaithe. Ina dhiaidh sin, cháiligh sé mar mhúinteoir meánscoile agus mhúin sé Gaeilge, Stair agus Tíreolas ar na Gleanntaí. Phós sé Nan Coyle as Leitir Ceanainn agus ní raibh teaghlach ar bith acu. Fuair sé bás i 1964 agus tá sé curtha ar bhruach Loch Finne i mBaile na Finne. Scríobh Seán cúig leabhar déag uilig, ina measc Mám agus mo Mhála, Inné agus Inniu agus Scéalta Goiride Geimhridh. Tá siad uilig i gcló arís i dtrí leabhar.

Cuireadh Éigse Sheáin Bháin ar bun i 1988 in onóir don scríbhneoir agus tá sé ag dul ar aghaidh ó shin. Bíonn sé ar siúl an tríú deireadh seachtaine i mí na Samhna agus bíonn léachtaí, drámaí, comórtas filíochta do pháistí, ceol agus craic i gceist. Cuireann Údarás na Gaeltachta tacaíocht mhaith ar fáil don deireadh seachtaine.

Bhí dhá choláiste samhraidh anseo sna seachtóidí ach tháinig deireadh leo. Athosclaíodh ceann acu, Coláiste na gCruach, arís cúpla bliain ó shin agus Breandán Ó Dufaí as Muineachán mar phríomhoide air. I mbliana bhí dhá chúrsa ar siúl agus bhí suas le 270 páiste ar fad ag fanacht sna tithe ó Bhaile na Finne go Gleann Fhinne.

Bhí an tUachtarán Máire Nic Giolla Íosa anseo sna seachtóidí mar scoláire agus d’fhan sí ag oifig an phoist, teach Mhic Gaoithín.

Tá an daonra ag méadú ach cá bhfuil na daoine ag obair? Sa pharóiste féin, tá Bacús Uí Bhaoill, áit a bhfuil cúig dhuine dhéag fostaithe. Lena chois sin, tá dhá mhonarchan adhmaid ann: ceann chlann Uí Dhochartaigh i mBéal Átha Mhóir ina bhfuil dáréag ag obair agus ceann Raudon ar an tSealagán a bhfuil an líon céanna fostaithe ann. I mBaile na Finne féin tá monarchan cloch agus adhmaid agus tuairim is ar scór ag obair ann. Tá cúpla monarchan eile tógtha sa cheantar ach níl duine ar bith ag obair iontu go fóill. Tá cuid de na daoine ag obair sna bailte móra mar go bhfuil siad gar go maith dóibh. Roimh 1980, is beag fostaíocht a bhí sa pharóiste ach tháinig píosa beag den Tíogar Ceilteach an bealach seo agus tá muid sásta go leor anois ó thaobh oibre de.

Siúlóidí sléibhe

Seo ceantar álainn ina bhfuil locha agus aibhneacha, mar aon le trí shliabh mhóra: Acla (1961 troigh), Scrig Mhór (1550 troigh) agus Scrig Bheag (1450 troigh). Tá siúlóidí éagsúla, Bealach na Gaeltachta, marcáilte ag Údarás na Gaeltachta, siúlóidí a leag bean áitiúil, Fionnuala Ní Cheallabhuí, amach agus meallann sé seo siúlóirí chun an cheantair. Gach mí Iúil, cuir i gcás, bíonn cúrsa siúil ann do mhúinteoirí bunscoile agus tig siad as gach páirt den tír anseo. Tugann siad cuairt ar na Cruacha Gorma agus ar Ghleann Bheatha chomh maith.

Is é Loch Finne, atá trí mhíle ar fhad agus leathmhíle ar leithead, an loch is mó sa cheantar. Tá locha eile ann chomh maith: dhá Loch Muc, Loch na mBradán, Loch Eirig agus Loch Ghleann na mBuachaill. Tá bric sna locha seo uilig agus bíonn comórtaisí iascaireachta orthu i rith an tsamhraidh.

Is í An Fhinn an abhainn is fearr iascaireachta sa cheantar. Tá bric le fáil uirthi agus in aice le Gleann Fhinne tá an-rud bradán. Tig cuid mhór cuairteoirí anseo le bheith ag iascaireacht gach bliain. Rinne na foraoiseacha dochar mór do na locha agus na haibhneacha le fiche bliain anuas ach anois tá rialacha níos déine ann, rud a chuideoidh leis an cheantar.

An rud deiridh ba mhaith liom a lua ná an tseantraein, An Mhuc Dhubh. Rith an chéad traein ó Bhealach Féich go dtí na Gleanntaí ar an 3 Meitheamh, 1895 agus druideadh an líne sa bhliain 1952. Tuairim is ar dheich mbliana ó shin, cuireadh an Cumann Traenach ar bun agus agus ar an 3 Meitheamh, 1995 fosclaíodh leathmhíle den tseanlíne. Tá cúpla míle eile curtha leis ó shin agus daoine ag teacht as gach tír sa domhan ag amharc air. Is fiú go mór an turas a dhéanamh.

Dúirt Colm Cille go rithfeadh muc dhubh fríd na sléibhte agus nach mbeadh síocháin sa tír go mbeadh sí ar ais. Tá síocháin sa tír anois agus tá an mhuc dhubh ar ais ar bhruach Loch Finne. Dúirt Brian Friel faoi: “What will be on offer is a unique railway journey through landscape that is simultaneously gentle and austere, along the shores of a lake that is as grand as anything in Switzerland or Minnesota”.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cumann Traenach na Gaeltachta Láir ag an uimhir (075) 46280. Eolas breise faoin Mhuc Dhubh: http://homepage.tinet.ie/~leslie/railway/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.