Beidh cur síos sa tsraith nua seo ag an dinnseanchaí iomráiteach Mearbhall Ua Piacháin ar áit-ainmneacha i gcéin is i gcóngar.
Tráth dá raibh baile nua á bhunú in iarthar nua na Stát leathan Aontaithe, am éigin sa chéad roimh an gcéad seo caite, bhí dhá champa daoine ag maireachtáil le chéile. Dream amháin, thángadar ó thuaisceart oileán na Breataine, tír inti féin darbh ainm di Alba, agus an dream eile, ba de bhunadh Éireannach iad, ó chathair bheag i ndeisceart na tíre, cathair Chorcaí.
Toisc teanga, stair, traidisiúin, agus nósanna ólacháin na ndaoine seo bheith mórán mar an gcéanna, réitíodar le chéile den chuid is mó agus níor éirigh eatarthu riamh. Lá amháin, áfach, d’éirigh.
Bhí an baile geall le bheith tógtha, na striapacha fostaithe, geallghlacadóirí ag tairiscint luachanna maithe ar na rásaí áitiúla capall agus caimiléireacht ar siúl le fada an lá ó thaobh phleanáil tithíochta de. Ach bhí rud tábhachtach in easnamh: bhí ainm in easnamh ar an gcathair agus bhí an t-easnamh seo ag déanamh buartha do dhaoine.
“In ainm an easnaimh, agus ár mac, agus ár dtaobhsparán,” a dúirt duine d’aithreacha na cathrach, “caithfimid réiteach a fháil air seo agus ainm a roghnú.”
Cathair na gCeilteach a bhí mar theideal oibre ag aithreacha na cathrach ar an mbaile fad is a bhí an áit dá tógáil, ach bhí sé beartaithe chomh maith acu gan cloí leis seo go fadtéarmach toisc é a bheith steiréitipiciúil. B’fhuath leo steiréitíopaí.
“Nílimid ag iarraidh go mbeadh leithscéal ag éinne steiréitíopa a shamhlú linn,” a dúirt Éireannach fir amháin a bhí caochta ar meisce, sail éille ina lámh chlé aige, fidil sa lámh dheas agus leipreachán ina phóca aige.
D’aontaigh dream Albanach leis, iad gléasta i bhfilltí beaga, *tam-o’shanter *ar gach duine acu agus iad ag screadaíl “Freedom” an lá go léir.
Níor aontaigh an dá champa lena chéile maidir le hainm na háite, áfach, agus thosaigh an troid láithreach go moch ar maidin agus lean go luí na gréine.
“Tugaimis Little Inverness air, óir is as sin do mo shin-seanathair!” a dúirt leaid amháin as Dún Éideann, ag tabhairt sonc sa bhéal do bhuachaill Éireannach.
“Seafóid! Little-Two-Mile-Anner a thabhairfimid air, óir is as sin do mo chara is fearr,” a dúirt an buachaill Éireannach ag iarraidh cluas a namhad Albanaigh a chogaint.
Tar éis trí lá inar imir muintir Chorcaí slad ar mhuintir na hAlban, agus a mhalairt ar feadh trí lá eile, bhí sos comhraic ann. Bhí sluaite an dá champa bailithe sa láthair aonaigh i gcroílár na cathrach, áit a raibh cainteanna síochána ar siúl.
“Tugaimis Corcaigh ar an gcathair seo, agus Sráid Alban ar an bpríomhshráid,” a dúirt Seán Ó Ceallaigh Mhic Rois Mac Tuatha Dé Crann Tógála, urlabhraí na nÉireannach.
“Tugaimis Alba ar an mbaile álainn seo agus Plásóg Chorcaí ar an bpríomhchearnóg ann,” a dúirt Iain MacElastoplast ‘a’ Kirkintilloch, urlabhraí na nAlbanach.
“Corcaigh a thabharfaimid ar an gcathair,” arsa na hÉireannaigh go láidir.
“Alba a bheas mar ainm uirthi,” a scread na hAlbanaigh.
“Corcaigh!” a bhéic muintir na hÉireann.
“Alba!” a scread na hAlbanaigh.
“Fan nóiméad,” a dúirt buachaill óg, ag teacht aníos go barr an tslua. “Tá réiteach na faidhbe agamsa.”
Chan sé siúd an rud a bhí le rá aige agus ba mar sin a fuair Albachorcaí, Nua-Mheicsiceo, a ainm.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)