CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ba cheart dúinn fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh na hinimircigh

Cuirfidh na hinimircigh atá ag triall ar Éirinn go mór leis an tír, ní hamháin go geilleagrach ach ar dhóigheanna eile chomh maith.

Íomhá
Éireannaigh ag sroicheadh Eillis Island sa naoú haois déag
Íomhá
Páiste scoile i mBaile Átha Cliath

Níl sé rófhada siar i stair na tíre seo ó bhí pictiúir le feiceáil ar an teilifís go rialta de dhaoine ag caoineadh agus iad ag dul ar eitleáin, ó Aerfort Chnoc Mhuire go Londain, cuir i gcás, agus níos faide i gcéin. Chuaigh an comhfhreagraí sin de chuid RTÉ, Jim Fahy, i bhfeidhm go láidir ar mhothúcháin na ndaoine a bhí fágtha ina ndiaidh nuair a d’fhiafraigh sé tráth cén uair a stopfadh an eisimirce as iarthar na hÉireann. Ní raibh sé ach fiche bliain roimhe sin, sna seascaidí, ó scríobh an t-iriseoir cáiliúil John Healy leabhar faoina chontae féin, Maigh Eo, dar teideal *No One Shouted Stop. *

Tá an saol athraithe ó bhonn anois. Is i Lublin, Riga agus Vilnius atá an cumha agus an gol na laethanta seo agus a gcuid daoine óga siúd ag fágáil ar na heitleáin agus ag tabhairt aghaidhe ar oileán glas na hÉireann. Is minic a fheictear daoine óga as tíortha eile istigh i gcaifí i mBaile Átha Cliath, agus i gcathracha agus bailte eile nach é, agus cuma an uaignis orthu, iad, bí cinnte de, ag smaoineamh ar a muintir i bhfad uathu agus iad ag brath ar an chárta fóin le hiad a choinneáil i dteagmháil leis an bhaile.

Thig le cuimhne na ndaoine a bheith gairid uaireanta. Ní fhéadfaí a rá go gcuimhníonn lucht an rachmais atá ag fostú cuid de mhuintir na dtíortha iasachta seo ar chomh fada siar is a théann an eisimirce in Éirinn. Tá cuid de na fostóirí seo sásta i bhfad níos lú ná an pá íosta a íoc leis na heachtrannaigh; tá siad sásta iad a chaitheamh isteach i dtithe gan teas nó compoird an tsaoil, ceathrar go minic i seomra codlata amháin agus iad ag maireachtáil ar bheagán.

léargas maith ar an Éirinn nua le fáil ar Shráid Parnell i mBaile Átha Cliath. Is ceantar ilchultúrtha amach is amach é seo anois ina bhfuil siopaí agus bialanna de chuile chinéal á reáchtáil ag daoine ón Afraic, ón Áis agus as oirthear na hEorpa. Tá teach tábhairne Polannach ann anois, fiú! Is daoine pléisiúrtha, cairdiúla iad siúd atá i mbun na ngnólachtaí seo agus thig a rá go bhfuil gnáthdhaoine na cathrach breá cairdiúil leo fosta.

daonra na hÉireann tar éis méadú ó chúig mhilliún go dtí 5.5 milliún i dtréimhse iontach gairid. Tharla an chuid is mó den mhéadú mar gheall ar an inimirce. Tá borradh geilleagrach tagtha leis an mhéadú seo agus an margadh baile d’earraí ag fás i gcónaí. Tá líon na ndaoine atá fostaithe sa tír ag chóir a bheith dhá mhilliún anois agus ioncam an stáit ó cháin ag méadú dá bharr.

Tháinig na Ceiltigh, na Lochlannaigh, na Normannaigh agus na Sasanaigh. Níor cuireadh mórán fáilte rompu ar go leor cúiseanna ach ba cheart dúinn fáilte ó chroí a chur roimh na cuairteoirí nua seo. Má dhéanann muid amhlaidh, ní bheidh muid ach ag aisíoc na fáilte a cuireadh romhainn féin nuair a bhí muid i bhfad as baile, dearóil go minic agus gan dóchas.

Tá daonra na hÉireann ag éirí níos sine de réir a chéile – maireann na fir, ar an mheán, go dtí go mbíonn siad 75.1 bliain d’aois agus na mná go mbíonn siad 80.3 bliain. Níl ach timpeall 500,000 duine os cionn cúig bliana is seasca anois ach faoi 2050 beidh an aois sin bainte amach ag breis is 1.25 milliún duine. Faoin bhliain 2050 chomh maith, ní bheidh ach beirt ag aois na hoibre do gach pinsinéir sa tír; faoi láthair, tá seisear oibrithe ann do gach pinsinéir. San am atá romhainn, mar sin, beidh muid ag brath níos mó agus níos mó ar inimircigh chun cuidiú linn íoc as pinsin. Seo cúis mhaith eile gur cheart dúinn fáilte a chur rompu, seachas bheith doicheallach rompu mar atá daoine áirithe in Éirinn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.