Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil an-lear daoine ar chaon taobh den phobal á saobhadh féin le híomhánna míréadúla faoin ‘treibh’ eile.
Tá sé ag éirí tuirsiúil. Gach aontachtach a nochtann a aghaidh ar an teilifís na laethanta seo, bíonn sé ag caint ar na sluaite Caitliceach (tá a súile siadsan níos cóngaraí dá chéile, tá a fhios agat) atá ag tarraingt orthu, iad uilig réidh le seanualach na hÉireann Aontaithe a chaitheamh uathu, a muinchillí a thiontú suas agus gach díograis dá bhfuil ina gcolainn a chaitheamh ar son Tógra Thuaisceart Éireann mar atá cuid de na meáin ag tabhairt ar athdhearú na Sé Chontae.
Dúirt ceannaire úr an UUP, Mike Nesbitt, an rud céanna ar an raidió oíche Dé hAoine, gur tháinig daoine a fhad leis ag rá gur Caitlicigh iad agus go dtabharfadh siad vótaí dó dá roghnófaí mar cheannaire an Ulster Unionist Party é. “Anecdotal” a thug Nesbitt ar a sceal féin ach “dallamullóg” a thabharfadh daoine eile air. Bhí Nesbitt ag maíomh go dtiocfadh leis na deicheanna míle vótairí a mhealladh, aontachaithe nach bhfuil suim dá laghad acu sa pholaitíocht agus náisiúnaithe atá sásta 800 bliain de dhaorsmacht Gall a chur ar leataobh cionn is go bhfuil “mo dhuine ón teilifis” ar tí domhan úr oscailte a chruthú dóibh mar cheannaire an UUP.
Leis an fhírinne a dhéanamh, tá dallamullóg ar chuid mhór againn faoin treibh eile. Measann náisiúnaithe gur náisiúnaithe atá in aontachtaithe i ngan fhios dóibh - agus measann aontachtaithe gur cuma le náisiúnaithe ina gcroí istigh faoin tír a bheith aontaithe. Mar a dúirt Nesbitt Dé Sathairn: “Ba mhaith liom (an UUP) spréadh amach go dtí gur muid an rogha nádúrtha do gach vótóir atá i bhfách leis an Aontas i dTuaisceart Éireann, ina measc, iad sin a deir go dteastaíonn uathu Éire Aontaithe ach, go príobháideach, a ghlacann leis nach bhfuil fáth amháin fágtha nár cheart dóibh tairbhe a bhaint as an bhallraíocht leanúnach atá againn sa Ríocht Aontaithe.”
An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil?
Ag caint le cara de mo chuid, Gaeilgeoir, Caitliceach, saineolaí CLG, dúirt sé gur ríchuma leis faoi Éire a bheith aontaithe, nárbh é an rud ba mhó ar a phaidrín ach nach smaoineodh sé choíche ar vóta a chaitheamh do pháirtí Aontachtach.
Beag beann ar a tharraingteacht is atá Nesbitt d’aos óg an phairti, ní mheallfaidh sé náisiúnaithe-atá-ina-n-aontachaithe mura mbíonn an dúnghaois chuí aige. An mbeadh sé i bhfách le hAct Gaeilge don Tuaisceart, cuirim i gcás? An dtabharfadh sé tacaíocht do Geraldine Finucane agus í ag iarraidh fiosruchán poiblí faoi dhúnmharú a fir chéile, Pat? Cad é an dúnghaois náisiúnach-chairdiúil a dtiocfadh leis a thabhairt isteach nach dtiocfadh salach ar aontachtaithe Fhear Manach, an dream is mó tionchar sa pháirtí?
Cinnte, beidh rath ar an fhear úr ag an tús, mí na meala, ach go fóill, ní heol dúinn cén cineál dúnghaoise a leanfaidh Nesbitt. Tá a fhios againn nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh an UUP mar fhreasúra, ach is beag eile atá ar eolas againn faoin chur chuige a bheas aige.
Baineadh triall as “Smaointe Mora” roimhe seo - UCUNF, mar shampla - dar leis ach deir sé gur “muid fein” nó “ourselves” an smaoineamh mór atá aige. Ní chreidim gur “Sinn Féin” a bhí i gceist ag iarfhear nuachta UTV ach gur ar bhaill an UUP amháin a bhí an todhchaí ag bráth.
Tabharfaidh sé daoine óga fuinniúla isteach gan olc ar bith a chur ar na seanfhondúirí, earcóidh sé níos mó mná agus ardú céime a thabhairt dóibh sin atá sa pháirtí cheana. Ach dálta bhainisteoir fhoireann spóirt atá gar do bhun na sraithe, ní mheasfar Nesbitt mar is ceart go dtí go bhfeicfidh muid é ag tabhairt aghaidh ar na fáthaigh sa DUP agus i Sinn Féin.