THALL IS ABHUS
Athchuairt ar an Úll Mhór
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Ní fear siopaí é Breandán de Gallaí, go háirithe nuair nach mbíonn fanta ar an tseilf sa chuid is mó acu, ach iarmhar na lascainí. Is breá leis mí-iompar mar dhea mhuintir Nua-Eabhrac agus tá dúil mhór ar fad aige in Óstán iomráiteach Chelsea ar Shráid 23.

Íomhá
Nua-Eabhrac (le Vishvas)
Íomhá
Nua-Eabhrac (le hIreneJ ar Picasa)
Íomhá
As an Óstán Chelsea (le hAdam ar Picasa)

Caithfidh mé a admháil liom féin ag an phointe seo i mo shaol, sa deireadh thiar thall, nach bhfuil suim ar bith agam sa siopadóireacht. Olc go leor agus atá sé é a dhéanamh duit féin, nuair a bhíonn páirtí eile i gceist, .i. nuair a chaithfeas tú cuidiú a thabhairt do dhaoine eile duds a roghnú, níl doghrainn ar bith ar an domhan mhór ann atá níos measa domhsa. Tá rud ’inteacht le bheith ráite mar sin féin, fá dtaobh de a bheith ciallmhar nuair atá rud éigin de dhíobháil ort a bhfuil fiúntas ann i do shaol, agus do chuid obair baile a dhéanamh sa dóigh agus deal a fháil má bhíonn ceann a gha’il. Mar shampla – má tá an dollar íseal ... tá Mac uait ... níl tú millteanach tírghrách ... ’s cuma leat fá a bheith ag feckáil thart le cuibheoir ... tá tú i Meiriceá cibé ... agus tá muineál maith righin ort ag dul fríd an chustam ... tá chomh maith agat ceann a bheith sciobtha leat ’na’ bhaile (pacáilte go domhain i do mhála agus é bainte amach as an bhosca), nó, níl ansin ach ciall mhaith tíosaíochta. (Ní ag caint ormsa atá mé DÁLA an scéil, ach ar lucht na gcásanna folmha ag imeacht amach as Cé B in aerphort Bhaile Átha Cliath, agus na cásanna seo ag cur tharstu ar pilleadh daofa ’na’ bhaile.)Ach a bheith ag dul ó Macy’s go Sachs of 5th Avenue, agus as sin go Barney’s ag cuardach Angebots, nuair nach bhfuil fágtha insna díolacháin Eanáir ach junk atá i bhfad rómhór nó i bhfad róbheag fá d’choinne, dá má rud é go ligfeadh náire duit dul amach ar an doras agus é ar do dhroim! Cinnte, bíonn rudaí deasa sna háiteanna seo, ach bí cinnte fá seo - rud ar bith a thugann do chroí taitneamh dó, bíodh geall nach bhfuil sé sa díolachán!

Ansin tá na “outlet stores” seo ann nach bhfuair mise riamh a dhath iontu gur fiú trácht air, ach taom scaoill b’fheidir. Ó ‘Filene’s Basement’ síos go ball sprice ag ‘Century 21’ sa dóigh is go dtabharfaí cor coise duit ag gach casadh/coirnéal/ráille éadaí. Na céadta eachtrannach cosúil leat féin, a chuala an scéal céanna leat féin - sladmhargaí fad d’amhairc – ag ‘ul ar mire ag stoitheadh fríd ráillí éadaigh. Éadaí atá, i mo bharúilse (má tá muid ionraic linn féin), cinéal caite ag amharc agus chomh ‘last season’ iontu féin, gur masla don lipéad é féin, an lipéad a chrochadh orthu ar chor ar bith. Tá an stuif cosúil le rud inteacht a tháinig as Meiriceá fada ó shin i mbosca sa phost, nach dtiocfadh leat do shoc a chur amach ar an doras á gcaitheamh. Dáiríre – níl a dhath maith sna háiteanna seo. Fiú na brístí beaga (an ‘must have’ do stócaigh) – leath agus tríú a bpraghas?! Cinnte. Ach ní bhíonn aon cheann de na rudaí maithe fágtha cibé (má bhí a leithéid ann sa chéad áit). Tá na brandaí cearta le fáil, Calvin Klein agus a mhacasamhail, ach an leagan is déanaí i mbloomers a bheadh níos fóirsteanaí) do do mháthair mhór.Ar scor ar bith – an tsiopadóireacht seo - bíonn mo dhroim thíos liom. Is maith liom a bheith ag siúl, agus siúlaim an t-am ar fad nuair a bhím thall (diomaite de chúpla tacsaí nuair a bhím ró-ólta le mo bhealach féin a dhéanamh go dtí an t-óstán), ach an chrágáil fánach seo thart ar shiopaí gan sprioc ná aidhm – bheir sé cráphian mhillteannach in íochtair mo dhroma – síceasómatach, gan amhras, ach fós do mo chraplú.

Áilíos an Úill

Tá an challaireacht seo uilig ag teacht mar gheall ar thuras a thug mé i ndiaidh na Nollag (go NY). Chuaigh mé anonn le cara de mo chuid nach raibh riamh thall, agus cé go bhfaca mé an taobh istigh de bharraíocht siopaí (cheannaigh sé lód le bheith cothrom leis), béarfaidh mé maithiúnas dó, nó bhí sé galánta an tÚll Mór a fheiceáil arís frí shúile duine a bhí á fheicéail don chéad uair. An rud a dúirt sé nó gur mhóthaigh sé sa bhaile sa chathair iontach seo. Mothaím féin mar sin i gcónaí fosta (agus tá achan rún agam bliain a chaitheamh thall am ’inteacht i mo shaol). C’acu tá feiceáil sráide nó foirgnimh a chonaic tú ar scannán de chuid Woody Allen, nó in “Sex and the City” nó “Friends”, ní bhíonn sé a choíche coimhthíoch. Tá daoine crua agus tobann sa chathair, ag béicí i rith an ama, nó ag magadh fút, ach níl drochrún ar bith iontu.

Tagann an duine is faití isteach ar seo go gasta, nó is é bua na hoiriúnachta atá i gceist sa chathair seo, dá bhrí sin ciceáil thusa tóin nó do cheannsa a bheas ciceáilte. Éirim féin breá sotalach go luath agus a thagaim isteach go Manhatten. Caithfidh tú plean agus sprioc a bheith agat – sin a bheith amhlaidh ó do chuid iompair agus cosa i bpoll a chur le haon duine a thagann isteach i do chasann. Ach níl ansin ach cur i gcéill le fáil ó áit go háit agus do gnó laethúil a dhéanamh. Nuair atá faill acu craic a bheith acu leat i dteach leanna nó i gcaifé, labhróidh siad leat ionann is gur tógadh sa chomharsain chéanna sibh.

Spéis sa Duine

Sin an rud is fearr fá’n áit domhsa – na daoine, an éagsúlacht, an neamhchlaontacht, an liobrálachas, agus amach as sin, buanna mar fuinneamh agus an leictreachas. Ní hiontas ar bith go dtarlaíonn rudaí iontach ansin.D’fhan muid in óstán atá breá iomráiteach – an ‘Chelsea’ ar 23rd St. Tá a oiread sin gur mhaith liom a rá fá dtaobh de gur chóir domh é a fhágáil mar alt eile ar fad.

Is leor a rá, gan mé a cheistiú nuair a deirim gur chóir do gach duine fanacht ann am ’inteacht ina shaol. Rud amháin a d’aithnigh mé agus mé sa chathair iontach seo le ‘maighdean-Nua-Eabhrac’ – fan ar shiúl ó na ‘nithe is díol spéise do thurasóirí’. Thug mé mo chara suas go Time Square. Cha dtiocfadh linn éalú gasta go leor. Barraíocht daoine, agus barraíocht teanndíola.Amhairc suas leis an ailtireacht a fheiceáil agus téigh sa tóir ar na carachtair a chruthaíonn an spiorad, an bheogacht agus an t-atmaisféar a chuireann an chathair seo ar an léarscáil mar an chathair is spreagúla ar domhan.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.