AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Athbhliain faoi Shéan is faoi Mhaise Daoibh (murar tháinig sibh i mbád)
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Dearcann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo ar an dóigh gur mó ag páirtithe móra na hAstráile a sochar polaitíochta féin ná urraim agus ceart a roinnt leis an té atá thíos.

Íomhá
Gafa ar chósta na hIndinéise
(le Amr Elkhooly ar Picasaweb)
Íomhá
Campa Darwin
(le Ken Hodge13 ar Flickr)
Íomhá
Tacaíocht
(le Takver ar Flickr)
Íomhá
I gcuimhne ar 353 duine a fuair bás
(le Hadi Zaher ar Flickr
Íomhá
Oileán Mhánais
(le DIAC images ar Flickr)

Thug Dáithí Ó Colchúin, nach maireann, “bliain na dteifeach” ar an mbliain 2001 agus é ag cur síos ar chúrsaí reatha san Astráil in Eagrán 9 den iris seo i mí Eanáir 2002. Léirigh Ó Colchúin ina scagadh airitheach an dóigh a raibh ceist lucht iarrtha tearmainn a tháinig i dtír i mbáid neamhúdaraithe lárnach san olltoghchán a bhuaigh na páirtithe coimeádacha sa bhliain 2001. Tugtar ‘boat people’, nó muintir na mbád, go forleathan ar na teifigh seo abhus.

Bhíothas ag súil go forleathan roimh an olltoghchán go mbeadh an ceann is fearr ag an bhfreasúra, Páirtí an Lucht Oibre. Tháinig cor gan choinne sa scéal, ámh, nuair a tháinig long lastais as an Iorua, an MV Tampa, i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol agus é ar a bhealach chun na hAstráile plódaithe le teifigh. Bhí John Howard ina Phríomh-Aire um an dtaca sin agus dhiúltaigh sé scun scan cead a thabhairt do chaptaen an Tampa na teifigh a tharrtháil sé a thabhairt chun na hAstráile. Nuair a cháin an freasúra a mhíthrócaire, mhaígh Howard go raibh siadsan lag ó thaobh teorannacha a chosaint de agus go raibh siad ag tabhairt cuiridh oscailte do mhuintir na mbád teacht i dtír.

Scríobh Ó Colchúin san alt thuasluaite go raibh sé soiléir don rialtas gur “mhúscail an scéal féith an chiníochais sa bpobal agus bhí siad breá sásta an deis a thapú don toghchán”. Bhí an chiall ceannaithe ag Páirtí an Lucht Oibre tar éis a threascartha san olltoghchán agus is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois le muintir na mbád ó shin i leith. Tá coimhlint ghéar ar siúl de shíor idir na páirtithe móra le cur ina luí ar an lucht vótála go bhfuil siadsan níos déine ar mhuintir na mbád ná an taobh eile (Eagrán 89, Meán Fómhair 2008, Eagrán 97 Bealtaine 2009 & Eagrán 123, Iúil 2011).

Dúnghaois an Doichill

Bhí an rialtas i sáinn le linn 2012 nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach chun na hAstráile agus bhunaigh siad coiste saineolaithe le comhairle a chur orthu. Mhol an coiste dóibh go gcuirfí i bhfeidhm cur chuige eile ar ar thug siad an “no advantage principle”. Ciallaíonn an prionsabal (mar dhea) seo nach mbeadh aon bhuntáiste ag muintir na mbád thar na teifigh eile atá ag feitheamh i dtíortha éagsúla san Áise le cead oifigiúil a fháil teacht chun na hAstráile ar imirce. Meastar - agus níl ann ach garmheastachán - go gcaitheann teifigh san Áise tuairim is cúig bliana ar an meán ag feitheamh sula bhfaigheann siad cead dul chuig tír éigin ar imirce.

Mhol an coiste freisin go gcuirfí muintir na mbád, mná agus páistí san áireamh, chuig “ionaid phróiseála” ar Nárú agus ar Manus, dhá oileán san Aigéan Ciúin. Rinne an rialtas amhlaidh, bíodh is go raibh an cur chuige seo cáinte go géar acu arís is arís eile nuair a mhol an freasúra an réiteach seo dóibh. Táthar ag súil go mbeidh ar na teifigh amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid ar na hoileáin bhochta iargúlta seo sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn, agus ní bheidh aon chinnteacht leo go bhfaighidh siad cead teacht chun na hAstráile.

Bhí an rialtas ag súil go mór go gcuirfeadh an cur chuige nua seo deireadh le teacht na mbád, ach bhí na hionaid ar na hoileáin lán go doras taobh istigh de chúpla mí. D’fhógair an tAire Inimirce, Chris Bowen, roimh an Nollaig dúnghaois nua ansin mar leigheas eile ar an scéal. Beidh cead ag muintir na mbád maireachtáil i measc phobal na hAstráile ar víosa “bridging”. Beidh orthu suas le cúig bliana a chaitheamh sula ndéantar meas ar a n-iarratas. Mar bharr ar an donas, ní bheidh cead acu aon obair a dhéanamh agus beidh siad ag brath go hiomlán ar shochar leasa shóisialta dá bhíthin sin. Saol ar an trá fholamh a bheidh i ndán dóibh gan amhras.

Fuarchúis an Phobail

Cé go bhfuil ceist na mbád neamhúdaraithe ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitiúla, léiríonn gach pobalbhreith ar an ábhar go bhfuil bunáite mhuintir na hAstráile patuar faoin gceist. Léiríonn siad freisin, áfach, go bhfuil an cheist ina mórúdar imní sna ceantair ina gcuireann formhór na dteifeach fúthu. Tá na ceantair seo sna cathracha móra, in iarthar Sydney ach go háirithe, na ceantair cheannanna chéanna ina bhfuil toghcheantair imeallacha go leor.

Beidh feachtas olltoghcháin ar siúl níos déanaí i mbliana agus beidh na páirtithe móra ag déanamh a seacht ndícheall tacú ó na luasc-vótóirí sna toghcheantair imeallacha a mhealladh. Léiríonn an díospóireacht naimhdeach idir na páirtithe i dtaca leis na báid neamhúdaraithe nach mbeidh aon leisce orthu an deis a thapú “féith an chiníochais” a mhúscailt arís má tá sochar polaitiúil le baint aisti, beag beann ar fhulaingt na dteifeach bocht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.