AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Athair, mac agus an mob Éireannach
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

gur drongadóir a bhí ina athair, Joe McBratney an-bhródúil as, mar a mhínigh do Tom Deignan.

Íomhá

Joe McBratney tar éis bheith ag féachaint ar an triail is déanaí de chuid an *Mafia *i Nua-Eabhrac ar dhóigh nach dtuigfeadh mórán daoine eile.

Don chuid is againn, níl i dtriail John Gotti Jr. – mac anteflon DonJohn Gotti, nach maireannach scéal eile tablóideach. Ach i gcás McBratney, spreagann aon tagairt do mhuintir Gotti tromluí ina intinn.

Mar ba é John Gotti a mharaigh athair McBratney, Jimmy, breis is tríocha bliain ó shin. Chaith Gotti bliana sa phríosún as Jimmy McBratney a mharú, ach deir roinnt daoine gur mharaigh é chun a cháil mar choirpeach a chothú, agus gur seo an dúnmharú a chuir tús le blianta de dhoirteadh fola a chinntigh sa deireadh gur bhain ceannasaíocht amach sa domhan faoi choim.

Goillfidh orm i gcónaí mar gheall ar an stair atá taobh thiar den rud go léir,” a dúirt Joe McBratney, nuair a fiafraíodh de ar chuir isteach air bheith ag breathnú ar thriail eile de chuid mhuintir Gotti, atá go mór i mbéal an phobail. “Bhí m’athair ag déanamh na nithe a bhí á ndéanamh aige, ach bhí a Dhia féin aige, a thabharfadh breithiúnas air sa deireadh, le bheith buartha faoi.”

Leoga, bheadh McBratney ar dhuine de na chéad daoine a d’admhódh nach scéal simplí a bhí i gceist, ina raibh ciontacht agus neamhchiontacht. Tar éis an tsaoil, mar a dúirt a mhac, bafreelance Irish guyé Jimmy McBratney, a raibh amuigh air go raibh tugtha don choireacht.

Déanta na fírinne, bhí téarma príosúnachta curtha isteach ag Jimmy as róbáil nuair a chuir féin agus drong beag coirpeach neamhspleách Gael-Mheiricéanach agus Iodálach plean le chéile a bhí an-bhrabúsach ach thar a bheith dainséarach. An plean a bhí acu drongadóirí éagsúla a fhuadach agus na mílte dollar d’airgead fuascailte a éileamh. D’éirigh leo é seo a chur i gcrích cúpla babhta; sciob siad an coirpeach ón tsráid gan choinne, chuir siad dallóg air, ghlaoigh siad ar na daoine cuí agus d’fhan siad leo leis an airgead a chur in áit shábháilte.

Bhíodh an beart déanta, bhíodh a fhios ag na híospartaigh a d’fhuadaigh iad agus bhíodh carn mór airgid faighte ag McBratney agus a chomhpháirtithe.

Snatching mafiosi or Mafia-connected criminals...had become a cottage-industry for a certain type of Irish gangster,” a deir T.J. English ina leabhar faoi stair dhomhan faoin choim na nGael-Mheiriceánach, Paddy Whacked.

Ach ansin, rinne McBratney, a bhíodh ag feidhmiú ina bhuirg dúchais, Staten Island, den chuid is , caimiléir iasachtaí a raibh ceangal aige le muintir Gambino a fhuadach. Bhíothas tar éis roinnt daoine a raibh baint acu leis an teaghlach áirithe seo a fhuadach cheana féin. Nuair a maraíodh duine eile de chuid mhuintir Gambino tar éis a fhuadaithe, cuireadh hit amach ar McBratney.

Fear teaghlaigh

Bhí Joe McBratney deich mbliana d’aois nuair a maraíodh a athair.

In ainneoin a chuid lochtanna go léir, deir Joe go raibh iomrá ar a athair mar fhear teaghlaigha thabharfadh an dollar deireanach ina phóca duit. Is é m’athair go fóill é. Níor chuir na rudaí a tharla isteach ar mo ghrá mar athair,” arsa Joe, ar úinéir bialainne é anois atá ag cur faoi ar Staten Island chomh maith.

D’fhéadfaí a go bhfuil cuimhne a athair ag tiomáint an mhic go fóill. Le cois a chuid oibre mar fhear gnó, ag cur le chéile clár faisnéise don teilifís mar gheall ar an choireacht eagraithe Éireannach, clár ina ndíreofar ar an dream mícháiliúil sin, na Westies, i Hell’s Kitchen, ach a dhéanfaidh iniúchadh fosta ar iarmhairtí na drongadóireachta i measc na nÉireannach i Meiriceá ar fad.

ag súil go gcuirfidh an clár faisnéise seo an leagan ceart de scéal na ndrongadóirí ar fáil, scéal nach bhfuil le fáil i scannáin agus i leabhair faoin ábhar.

Is é an chúis go meallann saol na drongadóireachta aos óg an lae inniu go ndéantar é a ghlórú,” a dúirt McBratney.

Deir go bhféadfadh féindul ceachtar den bhealachagus é ag éirí aníos.

Bhí tionchar ag an airgead gasta orm,” a deir , “ag na mná agus an saol corraitheach. Bhí daoine ag cur geall nach mairfinn go mbeinn bliain is fiche. Ach chas an bealach eile. Teastaíonn uaim fáil amach cad é an cineál saoil a bhí ag daoine eile a raibh baill dteaghlach bainteach le coireacht eagraithe, cad é a tharla dóibh.”

an paisean atá ag McBratney d’oidhreacht a athar á thabhairt céim níos faide aige i dtionscadal eile a bhfuil baint aige leis. McBratney tar éis bualadh leis an aisteoir cáiliúil Matt Dillon, atá ag forbairt scannáin faoi Ed Maloney, Gael-Mheiriceánach eile agus comhpháirtí de chuid McBratney.

Teastaíonn ó McBratney, an mac, bheith i ról McBratney, an t-athair, ar an scáileán mhór.

Bhraith i gcónaí gur seo an rud a bhí fágtha ag m’athair agam, gur mise eisean,” a deir agus tocht air.

Deir go bhfuil in éad le haithreacha agus mic a raibh deis acu scileanna, caitheamh aimsire agus paisin eile a roinnt. éiríonn leis bheith i ról an athar, b’fhéidir go gcuideodh leisclosurea bhaint amach agusómós”, fiú, a chur ar fáil athair, a deir McBratney.

McBratney ag lorg scéalta faoi theaghlaigh Éireannacha agus an *mob *Éireannach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag: joemcbratney@aol.com

Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish *Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, *Coming to America: Irish Americans *(Barron’s), in 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.