San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Peadar Mac Fhlannchadha, Áras na nGael, Gaillimh.
- Cén ról atá agat féin san Áras agus cén fhad atá tú sa phost?
Táimse mar rúnaí ar an gcomhlacht atá i gceannas ar Áras na nGael agus ag feidhmiú mar bhainisteoir ginearálta an Árais. Tá an obair seo ar siúl agam mar chuid de mo chuid cúraimí mar Thimire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge.
Seo cuid den obair a bhíonn ar bun agam: ag plé le húsáid, riar agus cúrsaí airgid an Árais; ag stiúradh an Tionscadail Ghaeilge (atá á mhaoiniú ag Foras na nGaeilge); bainisteoireacht scéim FÁS; ag plé le Club Áras na nGael; agus ag plé le pleananna forbartha an Árais. Táim bainteach leis an Áras anois le thart ar scór bliain.
- Cathain a bunaíodh an tÁras agus cé a bhunaigh é?
Bunaíodh an tÁras i 1938, nuair a chuir craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge comhlacht teoranta ar bun chun airgead a bhailiú le hÁras a cheannach sa chathair do phobal na Gaeilge.
Ó 1938 ar aghaidh bhí imeachtaí ar siúl san Áras go rialta, go dtí deireadh na seascaidí, nuair a bhí cúrsaí Gaeilge in ísle brí agus droch-chuma ar an Áras féin. Cuireadh leis na deacrachtaí seo nuair a rinne stoirm dochar don díon agus bhí tréimhse ann ina raibh an tÁras dúnta ar fad.
Rinneadh an-obair ó lár na seachtóidí chun an tÁras a athchóiriú agus osclaíodh don phobal arís é. Le hathbhunú chraobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge ag tús na n-ochtóidí, áfach, cuireadh dlús mór le cúrsaí agus thosaigh glúin úr ag plé leis an Áras. Cuireadh go mór leis an úsáid seo le hoscailt Chlub Áras na nGael i 1986, agus le hoscailt Oifig Eolais lánaimseartha ann i 1990.
- Cén fáth ar bunaíodh an tÁras?
Bunaíodh Áras na nGael i dtús ama chun ionad a chur ar fáil i gCathair na Gaillimhe do phobal na Gaeilge. Tá an fheidhm chéanna ag an Áras anois agus tá réimse leathan imeachtaí ar siúl ann ar bhonn lánaimseartha, agus tá breis agus tríocha grúpa difriúil ag baint úsáide as na háiseanna. Mar aon leis seo, tá seirbhísí gairmiúla á gcur ar fáil do gach duine ar spéis leis an Ghaeilge nó atá ag iarraidh í a fhoghlaim.
- Cé mhéad duine atá fostaithe sa Chonradh i nGaillimh faoi láthair?
Táim féin lonnaithe i gCathair na Gaillimhe, cé go bhfuil dualgais eile orm i mo phost mar Thimire Náisiúnta an Chonartha. Tá beirt fostaithe go lánaimseartha ar an tionscadal atá á mhaoiniú ag Foras na nGaeilge, agus tá seachtar fostaithe go páirtaimseartha ar scéim FÁS. Chomh maith leis sin tá foireann pháirtaimseartha beáir fostaithe ag Club Áras na nGael. Ó am go chéile, bíonn daoine fostaithe againn ar conradh chun obair shonrach a dhéanamh.
- Cén obair a dhéantar san Áras ó lá go lá?
Tá réimsí éagsúla oibre i gceist in Áras na nGael, ina measc: ranganna Gaeilge do dhaoine fásta agus déagóirí; seirbhísí Gaeilge (aistriúchán, etc.); seirbhísí oifige; reáchtáil imeachtaí sa Chlub, mar aon bainisteoireacht an Árais agus an Chlub.
Chomh maith le himeachtaí san Áras féin, bíonn plé againn le hobair atá ar siúl ar fud Chontae na Gaillimhe. Cuirtear cúnamh ar fáil do chraobhacha an Chonartha i 22 ionad éagsúil agus bíonn Seachtain na Gaeilge á stiúradh ag foireann an Árais chomh maith. Bíonn plé againn freisin le gníomhaireachtaí stáit agus le dreamanna mar Fhoras na Gaeilge, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Coiste Gairmoideachais an Chontae, etc. Bíonn plé leanúnach againn freisin leis na heagraíochtaí Gaeilge eile sa chontae ar nós Gaillimh le Gaeilge agus Glór na nGael, ar mhaithe le cur chun cinn ár bpleananna oibre.
- Céard iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?
Tá foinsí éagsúla maoinithe againn, ina measc: spás san Áras a ligean amach ar cíos; teacht isteach ó imeachtaí an Chlub; Foras na Gaeilge; FÁS; urraíocht a bhaineann le Seachtain na Gaeilge; agus imeachtaí a reáchtáiltear go sonrach chun airgead a bhailiú.
Ní leor na foinsí atá againn, ach is dócha gur beag dream atá sásta leis an leibhéal maoinithe atá acu. Faoi láthair, is easpa maoinithe do na pleananna atá againn do Sheachtain na Gaeilge is mó atá ag cur as dúinn.
- An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?
Ceapaim go bhféadfaí a rá go bhfuil na bunspriocanna a leagadh amach don Áras ar fad bainte amach. Le cúpla bliain anuas cuireadh críoch leis an bhforbairt ar an bhfoirgneamh féin agus anois, den chéad uair ó 1938, tá úsáid á baint as gach cuid den Áras. Is fíor a rá freisin go bhfuil an tÁras ag feidhmiú mar lárionad do phobal na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe. Is ábhar sásaimh é go mbíonn cuid éigin den Áras ar oscailt don phobal ó 9.00 r.n. go 11.00 i.n. gach lá.
Ag an am céanna, caithfear spriocanna a leagan síos an t-am ar fad agus caithfear iad a chur in oiriúint don saol comhaimseartha.
- Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Áras?
Gan amhras ar bith, i gcás cúrsaí maoinithe is laige é go bhfuil an tÁras ag brath ar mhaoiniú sa bhreis ar an méid gur féidir linn féin a ghiniúint. Ag an am céanna, táimid ag cur leis an teacht isteach ó úsáid an Árais agus imeachtaí an Chlub, agus táimid ag dul i bhfeidhm ar ghrúpaí ar nós Fhoras na Gaeilge agus FÁS chun a léiriú dóibh gur fiú tacaíocht a thabhairt dúinn. Ní mór a rá, áfach, gur ábhar buartha faoi leith é an gearradh siar atá á dhéanamh ar scéimeanna fostaíochta pobail de chuid FÁS, agus go bhféadfadh sé seo dochar mór a dhéanamh do riar an Árais.
Ó thaobh rannpháirtíocht an phobail in imeachtaí an Árais, tá an t-ionchur deonach an-tábhachtach ach, arís, is gné é seo nach bhfuil aon smacht againn air, agus tá laghdú mór go ginearálta i líon na ndaoine atá sásta obair dheonach a dhéanamh. Tá sé mar láidreacht againn, áfach, go bhfuil pobal Gaeilge láidir go leor i gcathair agus contae na Gaillimhe atá mar fhoinse tacaíochta againn.
Ar ndóigh, is é an láidreacht is mó atá againn ná go bhfuil Áras na nGael ann, agus go gcuireann an tÁras lenár gcumas an teanga a fhorbairt sa chathair.
- Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag an Áras faoi cheann cúig bliana.
Struchtúr maoinithe an Árais a bhuanú; maoiniú caipitil a bheith faighte d’fhorbairt an chlóis ar chúl an Árais; agus glúin úr a bheith ag plé le himeachtaí agus riar an Árais.
- Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?
Ag leibhéal simplí, bunúsach is é an fhís atá agam ná go mairfidh an teanga, leis an saibhreas atá aici faoi láthair, agus go mbeidh mo pháistí féin in ann tarraingt ar an saibhreas sin, agus go gcuirfidh sé lena saol, sa chaoi chéanna is atá an Ghaeilge tar éis cur le mo shaol féin.
Ag leibhéal eile, is é an fhís atá agam ná go mbeadh eagar níos fearr ar fhorbairt na Gaeilge:
le gur féidir linn an teanga a chur ar fáil don réimse mór den phobal atá á hiarraidh;
le nach gcuirfear amú aon chuid den obair atá á déanamh, ag aon leibhéal, don teanga;
le go mbeidh comhtháthú iomlán ann i gcás gníomhaíochtaí Gaeilge, idir chinn dheonacha, chinn stáit agus chinn Ghaeltachta, ó cheann ceann na tíre.
Eolas breise faoin Áras: (091) 567824; www.cnag.ie/gaillimh; conradh@bradan.iol.ie