TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Áras Mháirtín Uí Chadhain
Treasa Uí Lorcáin Treasa Uí Lorcáin Treasa Uí Lorcáin

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Treasa Uí Lorcáin, Áras Mháirtín Uí Chadhain, An Cheathrú Rua, Conamara.

Íomhá
Treasa Uí Lorcáin
Íomhá
Rannpháirtithe ar chúrsa coicíse Gaeilge san Áras, Samhradh 2003
Íomhá
Eachtrannaigh a d'fhreastail ar chúrsa de chuid an Árais, Samhradh 2003
  1. Cén ról atá agat féin san ionad agus cén fhad atá tú sa phost?

Is mise Riarthóir an Árais agus tá mé sa phost sin le naoi mí. Bhí mé ag obair mar Fheidhmeannach Teanga san Áras ó 1992.

  1. Cathain a bunaíodh Áras Mháirtín Uí Chadhain agus cé a bhunaigh é?

D’oscail Coláiste na hOllscoile Gaillimh go páirtaimseartha é i 1977 agus go lánaimseartha i 1985, faoi scáth Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha sa choláiste, Peadar Mac an Iomaire.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bunaíodh é ar dtús le cúrsaí Gaeilge a reáchtáil do mhic léinn na hOllscoile faoi Cháisc agus i gcaitheamh mhíonna an tsamhraidh. Beartaíodh i 1985 é a oscailt go lánaimseartha mar Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo, trí daoine a spreagadh le hiompar agus buanú Gaeilge a neartú in abhantrach an Árais agus i measc na ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe san ionad faoi láthair?

Tá deichniúr fostaithe go lánaimseartha agus tá suas le fiche múinteoir a fhostaíonn muid go páirtaimseartha. Beidh trí phost nua á bhfógairt againn go luath.

  1. Cén obair a dhéantar san Áras anois ó lá go lá?

Tá an obair shealbhaithe Gaeilge ar bun againn anois ar feadh na bliana ar fad - bíonn cúrsaí seachtaine, cúrsaí coicíse agus cúrsaí deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil againn do ghrúpaí éagsúla (mar shampla, mic léinn ó institiúidí éagsúla ar fud na tíre, daoine fásta as gach cearn den domhan, cigirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, múinteoirí a oileadh thar lear, oibrithe ón bPost, foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, éascaitheoirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, etc.), chomh maith le ranganna oíche Gaeilge don phobal i gceantair éagsúla ar fud Chonamara.

Tá dhá rang oíche Dioplóma sa Ghaeilge á reáchtáil againn. Tá muid ag soláthar scéimeanna / cláracha stáit atá múnlaithe do phobail labhartha Gaeilge agus a neartaíonn scileanna teanga agus fostaíochta na bpobal sin. Tá dhá chlár á reáchtáil againn i láthair na huaire, ceann amháin acu clár fostaíochta pobail atá ag déanamh digitiú ar chartlann fuaime Raidió na Gaeltachta agus, chomh maith leis an obair a dhéanann na rannpháirtithe, cuirtear cúrsaí oiliúna ar fáil dóibh atá dírithe ar na riachtanais fhostaíochta agus shóisialta atá acu. An clár eile atá á reáchtáil againn ná cúrsa Físe agus Ríomhaireachta. Is cúrsa lánaimseartha seacht mí é, i gcomhar le FÁS, do dhaoine dífhostaithe atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna le go mbeidh ar a gcumas filleadh ar an margadh fostaíochta. Feidhmíonn sé freisin mar chéad chéim san oideachas den dara seans do dhaoine a thit amach as an gcóras agus atá anois ag iarraidh filleadh ar an oideachas.

Tá ranganna oíche ríomhaireachta (ranganna do thosaitheoirí, ECDL, EqualSkills, an tIdirlíon) á reáchtáil againn anseo ar an gCeathrú Rua agus i Seanscoil Sailearna in Indreabhán.

Cuireann an tÁras réimse leathan seirbhísí ar fáil don phobal - seirbhís chomhairleach in úsáid na Gaeilge, seomraí cruinnithe, seirbhísí rúnaíochta, dearadh póstaer, leabhrán, ticéad, etc. Is ón Áras a eagraítear imeachtaí Chumann Béaloidis Chonamara. Ní a rá gur trí Ghaeilge a reáchtáiltear na cúrsaí agus obair uile an Árais.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?

Faigheann Áras Mháirtín Uí Chadhain deontas reáchtála bliantúil ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, chomh maith leis an maoiniú atá ag teacht ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá cabhair faighte againn ó FÁS, Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge do thionscadail éagsúla.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Baineadh amach na spriocanna gearrthéarmacha a bhí leagtha síos i dtús ama ach, de réir mar a bhí fás agus forbairt ag teacht ar ghníomhaíochtaí an Árais, bhí an fás agus an fhorbairt chéanna ag teacht ar na spriocanna. Tá an éabhlóid nádúrtha seo tarlaithe de bharr gur ag plé le cumasú pobail agus buanú teanga atá muid. De bharr na forbartha suntasaí seo atá déanta ag Áras Mháirtín Uí Chadhain agus ag Oifig na Gaeilge Labhartha i dtaca le forbairt na hollscolaíochta Gaeilge, tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tar éis Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhunú mar gur aithin sé go raibh gá le tabhairt faoin réimse seo ar bhonn straitéiseach. Is faoin Acadamh a bheas an tÁras ag feidhmiú as seo amach agus ar an mbealach sin beifear ag cumasú daoine agus pobal le fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach a chur chun cinn.

  1. Cad iad an laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Áras?

Láidreachtaí:

Tá foireann againn atá díograiseach, dúthrachtach i mbun a gcuid oibre agus iad bródúil as an Áras agus an obair atá idir lámha acu. Tá an tÁras lonnaithe i gceantar láidir Gaeltachta. Is ceann d’ionaid Ghaeltachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh muid. Tá solúbthacht in ár gcur chuige maidir le freastal ar rannpháirtithe ár gcláracha agus ár gcúrsaí, is é sin, tá cúrsaí á dtairiscint againn ag amanna agus le hábhar a oireann do na rannpháirtithe seo. Tá raon leathan teagmhálacha againn le heagraíochtaí agus institiúidí eile sa phobal, rud a fhágann go bhfuil tacaíocht againn don obair atá ar siúl againn i measc na n-eagraíochtaí agus i measc an phobail.

Laigí:

easpa spáis san Áras i láthair na huaire, cé go mbeidh beagán faoisimh againn ón bhfadhb seo go luath de bhrí go bhfuil muid ag athchóiriú Choláiste Cholumba, foirgneamh atá in aice an Árais, a ceannaíodh cúpla bliain ó shin, agus tá súil againn aistriú ann tar éis na Nollag. Níl duine ar leith fostaithe againn le déileáil le cúrsaí margaíochta agus poiblíochta. Bíonn orainn a lán cáipéisí / ábhar ranga a aistriú ón mBéarla de bharr nach bhfuil siad ar fáil i nGaeilge (m.sh. ábhar ECDL, taighde múinteoireachta, etc.)

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Áras Mháirtín Uí Chadhain faoi cheann cúig bliana.

Cúrsaí Dioplóma, Ard-Dioplóma, Céime, Iarchéime a bheith á reáchtáil ag an Áras faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ionad a bheith tógtha ar an gCeathrú Rua ina mbeidh áiseanna den chéad scoth le freastal ar na mic léinn - m.sh. seomraí teagaisc, ríomharlanna, teanglann, leabharlann agus cartlann, amharclann, áiseanna spóirt, seomraí cluichí agus caidrimh, bialann, ionaid staidéir, etc. Aonad taighde a bheith bunaithe a bheas dírithe ar na sainriachtanais atá ag pobal labhartha na Gaeilge.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Go ndaingneofaí an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh, oibre, sóisialta agus i ngach gné de shaol na Gaeltachta. Go bhfeicfeadh daoine go seasann an Ghaeilge aisti féin mar mhodh cumarsáide atá chomh maith le haon teanga eile ar domhan. Go mbeidh tionchar dearfach praiticiúil ag an Acht Teanga ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.