TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Áras Chrónáin
Damian Mac Gabhann Damian Mac Gabhann

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Damian Mac Gabhann, Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.

Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin san ionad agus cén fhad atá tú sa phost?

Tá mé ar dhuine de stiúrthóirí Mhuintir Chrónáin le beagnach bliain anuas. Ní “post” é seo ach obair dheonach. Is iad na stiúrthóirí atá i mbun bhainistiú Áras agus Mhuintir Chrónáin agus phleanáil fhadtéarmach na heagraíochta. Tá mé i mo chathaoirleach ar Choiste Ghlór na nGael Mhuintir Chrónáin le cúig bliana anuas freisin.

  1. Cathain a bunaíodh Áras Chrónáin agus cé a bhunaigh é?

Bhunaigh grúpa beag daoine Muintir Chrónáin i 1972, ina measc Séamas agus Máirín Uí Chathasaigh, Mícheál agus Proinséas Uí Mhuineacháin, Proinsias agus Kate Uí Ailín agus Máire agus Aindrias Uí Dhubhghaill. Tá Séamas, Mícheál agus Proinséas imithe ar shlí na fírinne. Cheannaigh Muintir Chrónain an teach, Orchard House, i 1989 agus osclaíodh don phobal é i 1990. Is é Áras Chrónáin lárionad Mhuintir Chrónáin. Is teach iontach ón 19ú haois é atá suite ar 3.5 acra i gceartlár Chluain Dolcáin.

  1. Cén fáth ar bunaíodh Muintir Chrónáin?

Bunaíodh an eagraíocht toisc go raibh spéis ag na bunaitheoirí an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gCluain Dolcáin agus sa cheantar máguaird. Ina dhiaidh sin i -

1975 Bunaíodh Scoil Chrónáin i Rath Cúil (bunscoil). 1976 Bunaíodh Naíonra Chrónáin. 1977 Bhuaigh Muintir Chrónáin an chéad áit i gcomórtas Ghlór na nGael. 1979 Bunaíodh Naíonra Chluain Dolcáin. 1981 Bunaíodh Coláiste Chilliain i gCluain Dolcáin (meánscoil). 1984 Bunaíodh Gaelscoil Chluain Dolcáin (bunscoil). 1989 Bhuaigh Muintir Chrónáin an chéad áit arís i gcomórtas Glór na nGael. 1989 Ceannaíodh Orchard House (Áras Chrónáin). 1991 Bhí Oireachtas na Gaeilge i gCluain Dolcáin. 1993 Bunaíodh Gaelscoil na Camóige i gCluain Dolcáin (bunscoil eile). 1997 Seoladh an Naomh Crónán (bád mór nó púcán) ar an bhfarraige. 1998 Críochnaíodh Halla Nua Áras Chrónáin. 1998 Fostaíodh Oifigeach Forbartha. 1998 Sheol an Tanáiste Mary Harney TD an plean An Dátheangachas ag Obair. 1999 D’oscail Éamon Ó Cuív TD an Halla Nua go hoifigiúil. 2000 Sheol Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa suíomh gréasáin an Árais (www.araschronain.com) go hoifigiúil. 2001 Bhain Muintir Chrónáin amach suíocháin ar SPC Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, coiste a bhaineann le hoideachas, an Ghaeilge, an cultúr, leabharlanna agus na healaíona. 2002 Osclaíodh foirgneamh nua do Naíonra Chluain Dolcáin ar thalamh Áras Chrónáin.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe san ionad faoi láthair?

Triúr go lánaimseartha. Is eagraíocht dheonach í Muintir Chrónáin agus déanann na baill an chuid is mó d’obair na heagraíochta go deonach trí na coistí éagsúla.

  1. Cén obair a dhéantar san Áras anois ó lá go lá?

Cosúil le heagraíochtaí eile, déanaimid an ghnáthobair thábhachtach chun muid féin a choimeád ar an mbóthar! Taobh amuigh de sin, freastalaíonn idir 450 agus 500 daoine ar ranganna Gaeilge, ceoil, ealaíne etc. in Áras Chrónáin gach seachtain. Chomh maith leis sin, déanaimid roinnt mhaith oibre forbartha ar son na Gaeilge. Ó fostaíodh Brian Ó Gáibhín mar Oifigeach Forbartha i 1998, táimid in ann níos mó béime a chur ar leathnú amach na Gaeilge i measc phobal Chluain Dolcáin, iad siúd atá ina gcónaí agus atá ag obair sa cheantar. Le cúpla bliain anuas, tá nasc láidir againn le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas maidir le cúrsaí Gaeilge agus cultúrtha agus ghlacamar lánpháirt in eagrú agus cur i láthair imeachtaí i rith chomóradh Sheachtain na Gaeilge na Comhairle i mbliana.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?

Fuaireamar deontais trí na blianta chun cabhrú linn ord agus eagar a chur ar Áras Chrónáin nuair a cheannaíomar é agus an Halla Nua agus an Naíonra nua a thógáil. Íocann deontas ó Fhoras na Gaeilge pá an Oifigigh Forbartha. Taobh amuigh de sin, braithimid ar tháillí ranganna, cíos a fhaighimid don Halla Nua agus ó sheomraí an Árais a chur ar fáil do ghrúpaí éagsúla, táillí ballraíochta agus brabús ón mbeár chun ár gcostaisí (iasachtaí ón mbanc san áireamh) a ghlanadh.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Cinnte tá. Tá oideachas lán-Ghaeilge á fháil ag beagnach 1,000 dalta i gCluain Dolcáin faoi láthair. Ciallaíonn sin go bhfuil Gaeilge líofa ag líon mór den óige sa cheantar. Feicimid freisin go bhfuil níos mó measa ag tuistí ar an teanga dá bharr sin agus tá éileamh mór ar na ranganna Gaeilge a eagraímid i rith na bliana. Diaidh ar ndiaidh freisin táimid ag díriú na seirbhísí poiblí agus lucht gnó na háite i dtreo na Gaeilge agus ag cinntiú go bhfuil aitheantas ag Cluain Dolcáin mar ionad Gaeilge agus cultúrtha ar imeall na cathrach.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Áras?

Laigí: Tá a lán oibre le déanamh againn ach cuireann an teorainn atá lenár gcuid acmhainní isteach ar luas an dul chun cinn is féidir linn a dhéanamh. Tá níos mó daoine óga ag teastáil uainn chun a bheith páirteach in imeachtaí Mhuintir Chrónáin agus, níos tábhachtaí, i bpróiseas pleanála na heagraíochta.

Láidreachtaí: Táimid fós ag fás. Tá go leor bainte amach againn le tríocha bliain anuas agus tá bunchloch láidir againn, rud a chuirfidh ar ár gcumas tabhairt faoin dúshlán atá romhainn. Tá an saol ag athrú go tapa, agus leis an spiorad deonach agus fiontrach láidir atá i measc na mball, táimid cinnte go sroichimid ceann scríbe.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Áras Chrónain faoi cheann cúig bliana.

Go gcruthóimis na deiseanna le go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil agus le feiscint i gCluain Dolcáin. Níos mó nasc a bheith againn le lucht gnó na háite maidir le cur chun cinn na Gaeilge. (Faoi láthair táimid ag tabhairt faoi shuirbhé i measc lucht gnó na háite chun a gcuid tuairimí agus dearcadh i leith na Gaeilge a fháil.) Leis an nasc láidir atá againn le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas cheana féin, go láidreofaí plean forbartha na Comhairle chun aitheantas speisialta a thabhairt don Ghaeilge i gcúrsaí pleanála sa chontae.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Tá plé na ceiste maidir le haitheantas don Ghaeilge mar theanga oibre taobh istigh den Aontas Eorpach an-suimiúil agus tairbheach. Is léir, in ainneoin go bhfuil go leor daoine nach bhfuil in ann an Ghaeilge a labhairt, go bhfuil grá ag muintir na tíre don teanga dhúchais agus go bhfuil meas acu uirthi. Ba bhreá liom dá gcaillfeadh daoine an chúthaileacht atá orthu maidir leis an Ghaeilge a labhairt. Caithfimid a bheith oscailte do gach iarracht a dhéantar chun í a labhairt agus caithfimid gach cabhair agus spreagadh a thabhairt do dhaoine úsáid laethúil a bhaint as an mbeagán atá acu; sa tslí sin fásfaidh sí céim ar chéim. Ba bhreá liom bheith ar bharr bus agus, chomh maith le teangacha éagsúla an domhain a chloisteáil, go gcloisfinn abairtí mar “Hey Head, conas atá tú?” mar chuid de ghnáthchomhrá an lae. Caithfidh an Ghaeilge rith go nádúrtha leis an saol ina bhfuilimid, leis an taoide seachas ina coinne.

Eolas breise: www.araschronain.com; info@araschronain.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.