CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Ar thóir gréasáin gan sreang
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus b’éigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.

Rinne mé botún cúpla bliain ó shin nuair a cheannaigh mé mo ríomhaire glúine. Ní minic a dhéanaim botúin agus mar sin is fiú alt a scríobh faoin gceann seo …

Dhearmad mé a chinntiú go raibh an ríomhaire in ann úsáid a bhaint as gréasáin gan sreang. Bhuel, níor dhearmad mé é dáiríre ach níor cheap mé go mbeadh gá agam leis an ghné áirithe sin riamh. Ach le déanaí bhraith mé go raibh go leor deiseanna teicneolaíochta á gcailliúint agam – gach áit a ndeachaigh mé bhí daoine ag brabhsáil ar an idirlíon ar a ríomhaire glúine agus ag seiceáil a ríomhphoist. Agus ní raibh sreangán ar bith le feiceáil – bhí an t-eolas ar fad ag dul tríd an aer ar ghréasáin gan sreang.

An tseachtain seo caite, d’éirigh mé bréan de bheith taobh amuigh den “chlub” áirithe seo agus chuaigh mé amach le cárta speisialta WiFi a cheannach do mo ríomhaire glúine. Chuirfeadh an cárta seo ar chumas mo ríomhaire beag labhairt le haon ghréasáin gan sreang. Ní raibh sé ródheacair an cárta a chur isteach sa ríomhaire, cé nach mbím riamh ar mo shuaimhneas ag baint gléasanna daora leictreonacha as a chéile. Ba chóir an útamáil seo ar fad a dhéanamh sa mhonarcha, dar liom.

Iontas na n-iontas, d’oibrigh an cárta gan mórán stró (níor thóg sé ach trí iarracht chun é a chur isteach i gceart). Ach, faraor, ní raibh mé in ann dul ar an idirlíon. Chun a bheith macánta, ba chóir dom a mhíniú ag an bpointe seo nach bhfuil gréasán gan sreang agam féin sa bhaile go fóill - bhí súil agam go mbeinn in ann úsáid a bhaint as gréasán mo chomharsan (ar bhonn sealadach, trialach ar ndóigh).

Ach ní raibh mo ríomhaire in ann teacht ar ghréasán gan sreang ar bith. Ní róshásta a bhí mé faoi seo. Chuaigh mé ó sheomra go seomra i m’árasán ag súil go n-aimseoinn gréasán éigin, áit éigin. Ar deireadh, sa seomra suite tháinig mé ar ghréasán eile – caithfidh go raibh ríomhaire eile nó tarchuradóir díreach os mo chionn in árasán eile.

Agus sceitimíní orm, chliceáil mé ar ainm an ghréasáin ag súil go mbeadh teacht agam ar leathanbhanda saor in aisce (ar bhonn sealadach, trialach ar ndóigh). Ach briseadh mo chroí nuair a lorg an ríomhaire pasfhocal uaim. Caithfidh go raibh a fhios ag mo chomharsa gur cóir gach gréasán gan sreang a chosaint le pasfhocal (faraor!).

Caife áitiúil

Ní raibh an dara rogha agam ansin ach an baile a fhágáil agus dul sa tóir ar ghréasán gan sreang poiblí, áit éigin. Síos liom sa bháisteach go dtí mo chaife áitiúil, áit a raibh fógra ag cur in iúl go raibh gréasán WiFi ar fáil. Bhíodh éad orm ansin roimhe seo nuair a bhíodh daoine timpeall orm ag brabhsáil leo ar an idirlíon – ach anois bheinn féin ar comhchéim leo. Sular shuigh mé síos d’fhiafraigh mé den fhreastalaí an raibh an gréasán gan sreang ag oibriú. “Ó, no. Bhíodh sé againn ach ní dóigh liom go bhfuil sé againn a thuilleadh.”

An raibh aon dóchas ann dom? Nach raibh aon ghréasán thart timpeall a bhféadfainn mo chárta nua a thástáil air? Ansin chuimhnigh mé go mbíonn gréasáin gan sreang ag óstáin go minic agus trasna an bhóthair liom go dtí m’óstán galánta áitiúil.

Isteach an doras liom, agus suas go dtí an cuntar chun a fháil amach an raibh gréasán acu. “Tá, ar ndóigh,” arsa an bhean chairdiúil a bhí ag obair ann. “Go hiontach!” a dúirt mé. “Cé mhéad a chosnaíonn sé?”. Ní raibh mé ullamh don fhreagra. “Ní chosnaíonn sé ach €10 san uair. Cé mhéad uair an chloig ba mhaith leat?”

€10 san uair! Bhí sé sin níos daoire ná Eircom! Ach theastaigh uaim mo chárta nua a thriail agus tá brón orm a rá gur íoc mé mo dheich euro. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin bhí mé i mo shuí i gcathaoir chompordach, cupán caife latté in aice liom, an ríomhaire os mo chomhair agus nuachtán an lae ón idirlíon ar an scáileán.

Ar deireadh, bhí liom. Bhí mo bhotún ceartaithe agam, agus bhí mé ar comhchéim ó thaobh na teicneolaíochta de le gach duine eile. Ach ansin d’fhéach mé timpeall – ní raibh aon duine eile ag úsáid ríomhaire. Bhí siad ar fad ag léamh nuachtáinrogha i bhfad níos saoire, caithfidh mé a admháil.

An bhfuil mé ródhéanach? An bhfuil daoine tar éis bogadh ar aghaidh go dtí rud éigin nua cheana féin? B’fhéidir gur chóir dom áthas a bheith orm go bhfuil an pasfhocal sin ag mo chomharsa …

Is Léiritheoir/Stiúrthóir sa réimse Eolaíochta agus Oideachais é Diarmaid Mac Mathúna ag an gcomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie). Bíonn sé ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus pacáistí CD-ROM do raon leathan eagraíochtaí in Éirinn agus thar lear. Lena chois sin, foilsíonn sé GaelSpell, an litreoir Gaeilge do Microsoft Word agus Office ar Windows, ar an suíomh www.cruinneog.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.