AR NA SAOLTA SEO
Ar mhaithe le Síón

iniúchadh déanta ag Maidhc Ó Cathail ar scéal Iosrael agus ar ghné an tSíónachais ó cuireadh Stát Iosrael ar bun. Chaith sé súil ar chuid dá bhfuil ráite agus ar chuid dá bhfuil dearmadta roimh thoghchán na hUachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Íomhá
Israeli Ethnic Cleansing 1948-1999

“When I was a young senator, I used to say, ‘If I were a Jew I’d be a Zionist.’ [But now] I am a Zionist. You don’t have to be a Jew to be a Zionist.” Seo mar a labhair Joseph Biden le gairid agus é ag stocaireacht le bheith ina chéad Leas-Uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe. Ach ní hé gurb é an Caitliceach de shliocht Éireannach seo an t-aon iarrthóir uachtaránachta atá báúil leis an Iosrael. Go bunúsach, is éard is brí le Síónach ná duine a chreideann gur chóir stát a bheith ann ina bhfuil tromlach na ndaoine ina nGiúdaigh. Mar gheall ar ar fhulaing na Giúdaigh san Uileloscadh, luíonn sé le nádúr go leor gur iomaí duine atá báúil le coincheap an tSíónachais.

Ach go praiticiúil, ciallaíonn sé go nglacann siad leis an nglanadh eitneach a tharla sa bhliain 1948 nuair a caitheadh amach 800,000 Pailistínigh as a mbailte, nach ligtear dóibh filleadh orthu; leis an bhforghabháil bhrúdiúil ar an mBruach Thiar agus ar Stráice Gaza ó 1967 i leith; leis an gcoilíniú leanúnach sa Bhruach Thiar, áit a bhfuil thart ar 500,000 lonnaitheoirí Giúdacha faoin am seo; agus glacadh leis na “Bantustans” atá geall le bheith ina gcampaí géibhinn ar na Pailistínigh ó shin.

I mbeagán focal, ní aithníonn an Síónach go bhfuil cearta daonna na bPailistíneach cothrom le cearta na nGiúdach sa tír - agus is ag Dia agus ag Síónaigh amháin atá a fhios cé chomh fada a shíneann teorainneacha na tíre beannaithe sin.

Tráthúil go leor, i rith na díospóireachta idir Biden agus Sarah Palin ar na mallaibh, léirigh an bheirt acu a gcuid tacaíochta láidre do na hIosraelaigh, ach níor luaigh ceachtar acu na Pailistínigh oiread is uair amháin. Is cosúil gur aontaigh siad leis an méid a dúirt iar-Phríomh-Aire na nIosraelach, Golda Meir, faoi na Pailistínigh mar phobal: “They did not exist.”

Mire mhílaoiseach

Ach má tá Palin claonta i leith Iosrael (d’inis sí do Shimon Peres nach raibh ach bratach amháin ina hoifig!), tá a leathbhádóir sinsearach, John McCain, splanctha i ndiaidh na tíre bige sin. Agus é ag labhairt do Chomhairle Náisiúnta den Iosrael Óg i Nua-Eabhrac i 1999, dúirt an seanadóir ó Arizona gur chóir do na Stáit Aontaithe idirghabháil mhíleata a dhéanamh ar son Iosrael “even when vital national interests are not at stake.” Trí bliana roimhe sin, bhí sé ina bhall de ghrúpa darb ainm an Coimisiún um Leas Náisiúnta Mheiriceá a d’eisigh tuarascáil a mhaígh gur fiú “serious treasure and serious blood” a chaitheamh chun Iosrael a chosaint. Seans go mbeadh go leor cáiníocóirí agus tuismitheoirí i Meiriceá ar mhalairt tuairime, áfach.

Níos tromchúisí fós, tá caidreamh láidir idir McCain agus an soiscéalaí teilifíse, an tOirmhinneach John Hagee, fear a bhunaigh an t-eagras Criostaithe Aontaithe ar son Iosrael, ag a bhfuil an mana “Ar mhaithe le Síón.” Nuair a labhair Hagee os comhair AIPAC anuraidh, an brúghrúpa is cumhachtaí ar son Iosrael sna Stáit Aontaithe, sheas an slua agus thug bualadh bos don soiscéalaí conspóideach nuair a chuir sé síos ar Uachtarán na hIaráine, Mahmoud Ahmadinejad, mar “Hitler nua” agus gheall sé nach ligfeadh a ghrúpa uileloscadh eile tarlú.

Ní haon ionadh é nár luaigh Hagee go múineann sé dá lucht leanúna - na Críostaithe Síónacha mar a thugtar orthu - go bhfuil uileloscadh eile dosheachanta, ina marófar an dá thrian den phobal Iosraelach. Ach i dtosach, caithfidh Críostaithe a dtacaíocht a thabhairt do na Giúdaigh le forghabháil iomlán a dhéanamh ar an Talamh Naofa ar fad, ionas go gcomhlíonfar an tairgnreacht apacailipteach seo. Ní bheidh na “Críostaithe” ar nós Hagee ann chun na Giúdaigh a tharrtháil in am a ngátair, áfach, mar beidh siad tugtha suas go Neamh agus iad fós beo sa “rapture” - focal nach bhfuil trácht ar bith air sa Bhíobla.

Suimiúil go leor, déanann Síónaigh sna Stáit Aontaithe agus san Iosrael neamhaird ar theagasc frith-Sheimiteach Hagee, ach glacann siad go fonnmhar lena thacaíocht ríthábhachtach do fhorleathnú coilíneach Iosrael.

Ceaptar go bhfuil thart ar 70 milliún Criostaithe sna Stáit Aontaithe faoi thionchar na seafóide neamhbhíobalta seo ar a dtugtar dispeansáideachas. Cuireadh dlús leis an ngluaiseacht sa bhliain 1909 nuair a d’fhoilsigh Preas Ollscoil Oxford an Bíobla Tagartha Scofield le Cyrus Scofield, “an naomh dispeansáideach” a thréig a bhean chéile agus a chlann agus a ciontaíodh as brionnú sular raibh sé “athbheirthe.”

Chuir Scofield nótaí le Bíobla Rí Séamas a chuireann in iúl go gcaithfeadh Críostaithe tacaíocht neamhchriticiúil a thabhairt do stát Iosraelach, cé nár bunaíodh an stát sin go dtí 1948. De réir criticí áirithe an dispeansáideachais, áfach, fuair Scofield maoiniú ó Shíónaigh mhór le rá a bhí ag iarraidh tacaíocht a chothú don choincheap Iosraelach sna Stáit Aontaithe.

Cibé ar bith, is mar gheall ar thionchar an chaimiléara seo gur thacaigh go leor Críostaithe leis an ionradh ar an Iaráic agus go bhfuil siad anois i bhfabhar ionsaithe ar an Iaráin. Is cuma leo má chuireann sé tús leis an dTríú Cogadh Domhanda, mar tá siad ag súil go mór le hArmageddon. Creideann siad go soineanta nach nótaí Síónacha de chuid Scofield ach briathar Dé atá ann.

Ní móide go gcreideann McCain seafóid chontúirteach a charad Hagee (n’fheadar an gcreideann Hagee féin é), ach fós is cosúil go bhfuil fonn air ionsaí a dhéanamh ar an Iaráin, polasaí atá á bhrú ag nuachoimeádaigh sna Stáit Aontaithe agus ag an eite dheis san Iosrael araon. Is léir, mar sin, go mbeadh John McCain an-chontúirteach mar uachtarán. Ach an mbeadh Barack Obama níos fearr?

Brúghrúpa ar son Iosrael

“I saw him performing before the Jewish lobby [AIPAC], where he broke all records for fawning, and I asked myself: What, is this the man who will bring about the Great Change?” a scríobh gníomhaí Iosraelach ar son na síochána, Uri Avnery, faoi Obama sa nuachtán Ha’aretz (5 Iúil, 2008). Mhínigh an fuirseoir, Jon Stewart, fáth amháin go raibh ar Obama an béal bán a thabhairt don bhrúghrúpa cumhachtach ar son Iosrael nuair a dúirt sé ar The Daily Show le gairid: “You can’t say anything remotely critical of Israel, and still get elected president.”

Ach tá cúis eile le tacaíocht Obama d’Iosrael, is cosúil. Is amhlaidh go bhfuair “an t-iarrthóir frithchogaidhmaoiniú flaithiúil ó mhuintir Crown as Chicago, a rinne cuid mhaith dá chuid $3.6 billiún as General Dynamics, corporáid a tháirgeann airm, agus a bhfuil caidreamh láidir aige le tionscal míleata Iosrael. De réir The Jerusalem Post (27 Feabhra, 2005), tá muintir Crown “well-known for its support of sectarian Jewish causes.” Agus má tá siad i bhfabhar cogaidh leis an Iaráin, an mbeidh Obama in ann a dheontóirí móra a dhiultiú?

Déanta na fírinne, níl mórán de dhifir idir McCain agus Obama ó thaobh polasaithe eachtracha de. Is cuma Poblachtánach nó Daonlathach sa Teach Bán, leanfar den impireacht. Mar a dúirt Tony Judt, ollamh le stair ag Ollscoil Nua-Eabhrac, ina alt dar teideal “Bush’s Useful Idiots” sa London Review of Books (21 Meán Fómhair, 2006):“In today’s America, neo-conservatives generate brutish policies for which liberals provide the ethical fig-leaf. There really is no other difference between them.”

Cé nach mbeadh a fhios agat ó bheith ag breathnú ar na meáin, tá rogha eile ag lucht vótála Mheiriceá, áfach. Is iad Cynthia McKinney agus Rosa Clemente iarrthóirí an Pháirtí Ghlais sa toghchán uachtaránachta. Nach gceapfá go mbeadh suim ag iriseoirí i mbeirt bhan óga Afra-Mheiriceánacha atá ag iarraidh an Teach Bán a bhaint amach? Ach ar nós na bPailistíneach, is cosúil nach ann iad. An féidir go mbaineann ciúnas na meán faoi fheachtas McKinney lena cáineadh ar pholasaithe Iosrael agus lena cur in aghaidh cogadh Mheiriceá sa Mheánoirthear?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.