TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ar maos sa Ghaeilge agus sa cheol Gaelach (Cuid 2)
Galt Barber Galt Barber

Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge. Luigh sé isteach ar fhoghlaim na teanga ag an am sin agus tá líofacht bainte amach aige, in ainneoin nach raibh sé in Éirinn ach uair amháin. Sa dara cuid seo dá alt, labhraíonn sé faoin turas sin go hÉirinn.

Íomhá

Cuid 1 den alt anseo

Ar deireadh tháinig an lá mór agus chuaigh mé féin agus mo bhean Sinéad go hÉirinn. Chaill an aerlíne ár gcuid málaí, ach thug sé seo deis dúinn cúpla lá eile a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Bhreathnaigh muid ar Leabhar Cheanannais i gColáiste na Tríonóide. Chuaigh muid thart go dtí siopaí leabhar na cathrach. Shiúil muid sráideanna Bharra an Teampaill, agus mar sin de.

Fuair mé fístaifeadán ar cíos mar bhí a fhios agam nach mbeadh deis eile agam go ceann tamaill fhada Teilifís na Gaeilge (mar a bhí air) a thaifeadadh. Bhain mé úsáid as ar feadh an turais. Tá fístaifeadán ag mórán daoine in Éirinn, ach níor bhuail mé riamh le duine a thuig conas taifeadadh a dhéanamh ar an diabhal gléas. Tá an córas in Éirinn difriúil ón cheann atá sna Stáit Aontaithe, ach tháinig mé isteach air ar deireadh. Nuair a d’fhill mé ar ais abhaile, cheannaigh mé fístaifeadán ar leith a bhí ábalta an caighdeán teilifíse PAL a aistriú go dtí NTSC, an córas atá i bhfeidhm i Meiriceá.

Nuair a tháinig na málaí ar deireadh, bhuail muid bóthar. Níorbh fhada go raibh muid i nDún na nGall, áit a raibh na cnoic agus an fharraige go hálainn. Stop muid in áit éicint iargúlta chun cúpla grianghraf a ghlacadh de na caoirigh, mar nach bhfuil siad againn sa bhaile! Stop bus mór ar thaobh an bhóthair agus thuirling seanduine as. Bhí sé cairdiúil go leor mar is cosúil go raibh braon maith ar bord aige de bharr gurbh é an deireadh seachtaine é. Rinne muid spás sa charr dó agus thug muid síob dó cúpla míle chun a thí. Ní raibh fiacail amháin ina dhrandal dearg. Creidim go raibh sé ag iarraidh lóistín a thairiscint dúinn i dteach na comharsan. Is cosúil gur thuig sé gach rud a dúirt muid leis, ach ní raibh mise in ann focal a tháinig óna bhéal siúd a thuiscint. Nílim cinnte fiú anois cén teanga - Gaeilge nó Béarla - a bhí á labhairt aige.

Ar deireadh shroich muid Gleann Cholm Cille, ceantar atá go hálainn ar fad agus a bhfuil seaniarsmaí iontacha ann. Ar ndóigh, bhí mise ansin chun rang Gaeilge a dhéanamh in Oideas Gael. Rinne, agus bhí sé ar dóigh! Bhí Gaeilge ó dhúchas ag an bhean dheas ar fhan muid léi. Ní raibh mórán cleachtadh cainte agamsa ag an am sin, ach bhí mé ag iarraidh an rang ba dheacra a bhí ar fáil a dhéanamh. Bhí cúig leibhéal ar fad ann agus chuaigh mise isteach i leibhéal a ceathair. Bhí an múinteoir thar barr agus bhí deis agam mo chuid Gaeilge a úsáid i rith an lae.

Bhí Sinéad ag iarraidh an siúl sléibhe a dhéanamh ach, faraor géar, tháinig slaghdán uirthi, an cailín bocht, agus ní raibh aon rud le déanamh aici ach an cúrsa Gaeilge! Chuaigh sí isteach sa rang, d’fhoghlaim sí neart agus bhain sí sult as.

Deireadh seachtaine Gaeltachta

Ar ais i gCalifornia, bhí pleananna á ndéanamh ag Nikki Ragsdale. Chuir sí “Deireadh Seachtaine Gaeltachta” (DSG) ar bun den chéad uair agus chuaigh mé féin ann. Is duine deas éirimiúil í Nikki agus is cara maith liom í anois. Oibríonn sí mar dhearthóir ina comhlacht féin, One Source Graphics, ach is í an Ghaeilge a príomhghrá. Chuir sí an DSG ar bun chun go mbeadh deis aici féin an Ghaeilge a labhairt le daoine. Táimid ar fad an-bhuíoch di. Reáchtáiltear an DSG san United Irish Cultural Centre (UICC) i San Francisco uair sa bhliain. Bíonn trí leibhéal ann agus bíonn daoine ansin ó gach cearn de Chalifornia agus mórán áiteanna níos faide ar shiúl fós, mar Washington.

Tágann múinteoirí Gaeilge den chéad scoth anseo. An chéad bhliain, bhí Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, mar mhúinteoir againn. Is duine é Liam a bhfuil tuiscint mhaith aige ar a cheird. I mbliana, an tríú bliain, tháinig Éamonn Ó Dónaill chugainn. Is fear deas éirimiúil é féin nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh ar son na cúise. Bainim sult as an DSG gach bliain, agus gach bliain is féidir liom mo chuid Ghaeilge a úsáid níos mó agus níos fearr dá bharr.

Ina theannta sin, tagaimid le chéile san UICC uair sa mhí d’oíche Ghaeltachta, agus bíonn caint, comhrá, ceol, amhránaíocht, bia, deoch agus craic againn le chéile.

Cúpla bliain ó shin bhog bean darbh ainm Clare Connors go Monterey ó Bhostún agus mhol sí dúinn craobh de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunú anseo. Rinne muid sin agus thug muid Clifford-Hoban mar ainm air. Tá sé ag éirí níos láidre de réir a chéile. Bíonn damhsa againn ar an chéad oíche Aoine den mhí, faoi stiúir an mhúinteora damhsa Linda Preston. Tá an-chuid oibre déanta ag Ellen McCarthy agus a fear céile, Tom, ar son an Chomhaltais. I mbliana, tá mo bhean féin, Sinéad, ag obair mar cheannaire ar an eagraíocht agus tá ag éirí léi í á chur chun cinn.

Bhí mé féin ag múineadh bunrang Gaeilge i Santa Clara ar feadh dhá bhliain. Tá rang ar siúl fós ann gach seachtain agus Gearóid Mooney ina bhun. Anseo i Santa Cruz, is í Mary McLaughlin as Tír Eoghain ár múinteoir agus tagaimid le chéile dhá uair sa mhí. Is amhránaí, ceoltóir agus múinteoir an-mhaith í Mary, agus táimid buíoch di as an chabhair a thugann sí dúinn an Ghaeilge a fhoghlaim i gceart. Tá leabhar nua, a bhfuil dlúthdhiosca leis, eisithe aici a bhfuil múineadh amhrán sean-nóis mar chuspóir aige. Is é Mel Bay, comhlacht mór ceoil sna Stáit Aontaithe, a d’fhoilsigh é. (Gach ráth ar an obair!) Canann muid amhrán sean-nóis ag deireadh gach rang Gaeilge. Thug Mary ceardlann amhránaíochta sean-nóis cúpla mí ó shin agus d’éirigh thar barr leis an ócáid. Bhí gach áit sa rang lán agus bhí daoine thar a bheith sásta leis an imeacht. B’fhéidir go mbeidh rang Gaeilge nua do thosaitheoirí ag tosú go luath, má bhíonn spéis go leor ann.

An samhradh seo caite, thug mo dheirfiúr cóip domh de leabhar a raibh stair ár sinsear ann agus fuair mé eolas ann gur tháinig Dennis Byrne, sin-seanathair mo sheanmháthar, go Meiriceá thart fá 1820. Bhuail sé faoi i Wyoming, de réir mar a thuigim, agus phós sé bean óg ón Iodáil. Sin Meiriceá dhuit!

Tá mé féin, Sinéad agus Mike Long ag seinm ceol traidisiúnta na hÉireann i mbanna ceoil darb ainm Dance Around Molly le blianta anois agus seinnimid ag bainiseacha agus ag cóisirí eile. Tá suíomh gréasáin an bhanna ag www.folkplanet.com.

Suíomh gréasáin

Tá suíomh gréasáin agam ag http://www.folkplanet.com/seanchlo/ agus cuirim ábhar i seanchló, nó cló gaelach, ar fáil air. Tá dhá leabhar curtha ar fáil agam ansin: An Barún Munchhausen agus Dréimire an Leighinn IV. Bhain mé úsáid as Bunchló, an cló deas gaelach de chuid Vincent Morley, lena chead cineálta. Tá mo shuíomh ina bhall den Fháinne Órga http://fainne.org/.

Is scéal an-ghreannmhar é An Barún, agus is maith liom go mór é. Is leabhar d’fhoghlaimeoirí an ceann eile, agus rinne mé é mar gur shíl mé go gcuirfeadh daoine suim san ábhar agus gur deis a bheadh ann do thosaitheoirí eolas a chur ar an chló gaelach ar shlí éasca. Chuir mé cúpla rud eile leis: mar shampla, nuair a bhrúnn duine ar fhocal, tugtar é go dtí suíomh ar a bhfuil “An Foclóir Beag” agus déantar an focal a chuardach.

Chomh maith leis sin, tá cúpla scéal eile a fuair mé ó Dennis King ar an suíomh. Bhain mé úsáid as cló gaelach eile a rinne mé féin ó sheanleabhar. Níl sé chomh deas le cuid clónna Vincent, ach oibríonn sé le haonchódáil agus, mar sin, tá na scéalta sin déanta in UTF-8 - an sean agus an nua le chéile.

Agus bhain mé úsáid as an seanchló nua sin le haghaidh áis eile a rinne mé le déanaí. Anois is féidir le duine leathanach Gaeilge ar bith a fheiceáil i bhfoirm cló gaelach. Téigh go http://www.folkplanet.com/cgi-bin/mksc.r agus cuir isteach an URL agus ansin beidh tú ag crochadh deich as cló Gaelach! Oibríonn sé go maith leis an chuid is mó de na suímh. Bainigí sult as!

Chuir mé le chéile é ar an fhreastalaí Linux a thóg mé. Bhain mé úsáid as an teanga ríomhaireachta Rebol, uirlis a bhfuil mé an-cheanúil uirthi.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.