AR NA SAOLTA SEO
Ar do rothar!
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

In ainneoin go bhfuil plódú tráchta ag dul chun donais in Éirinn, bíonn drogall ar Éireannaigh úsáid a bhaint as a rothair, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.

Íomhá
Tá rothair níos tábhachtaí ná gluaisteáin i measc ghnáthphobal na Síne
Íomhá
Is féidir le linntreoga a bheith an-chontúirteach do rothaithe
Íomhá
Is bête noire ar leith é an SUV a bhfuil túsbharra cosanta ar a bhoinéad
Íomhá
Rothaithe ar a mbealach chun na hoibre thar Dhroichead Portland

íomhánna de phríomhchathracha na Síne, a bhíonn dubh le rothair de shíor, feicthe ag beagnach gach duine. Is cathracha iad ina bhfuil rothair níos tábhachtaí ná gluaisteáin i measc an ghnáthphobail. Ach ní gá dul chun na Síne lena leithéid a fheiceáil. Bíonn sráideanna cathracha Eorpacha ar nós Amstardam agus Chóbánhávan plódaithe le rothair freisin. Bíonn gach duine – idir fhir, mhná agus pháistí – ag baint úsáide astu agus iad amuigh ag siopadóireacht agus ag dul chun na hoibre nó ar scoil. Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.

Ach tá líon na rothaithe in Éirinn ag laghdú de réir a chéile. De réir Dhaonáireamh na bliana 1991, bhí 4.4 faoin gcéad den daonra fostaithe ag baint úsáide as rothar le dul go dtí a n-áit oibre go laethúil. De réir Dhaonáireamh na bliana 2006, tá laghdú 2.5% tagtha ar an bhfigiúr sin. I rith na tréimhse céanna, tá méadú 18 faoin gcéad tagtha ar líon na ndaoine a bhaineann úsáid as carr le dul chuig an obair go laethúil – i 1991, bhí 39 faoin gcéad ag tiomáint chun na hoifige i gcomparáid le 57 faoin gcéad in 2006. Agus cad faoi dhaltaí scoile, arb iad an grúpa is mó iad a shamhlaítear mar rothaithe de ghnáth? Ó thaobh meánscoileanna de, níor bhain ach 2.4 faoin gcéad de dhaltaí scoile úsáid as rothar le dul ar scoil go laethúil anuraidh.

Cén fáth a bhfuil nós na rothaíochta ag dul i léig? An é gur comhartha eile den Tíogar Ceilteach é?

SuirbhéIn 2004, rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath suirbhé inar cuireadh ceist ar 300 comaitéir arbh iad a ngluaisteáin a bpríomh-mhodh iompair. Ba í an cheist a cuireadh orthu ná: “Céard is cúis le do chinneadh gan úsáid a bhaint as rothar le dul chuig an obair?”. Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.

An bhfuil bunús ar bith leis na hargóintí seo?

Má tá rogha le déanamh ag duine idir deich nóiméad a chaitheamh i ngluaisteán deas nua, nó leathuair a chaitheamh ag déanamh aclaíochta ar rothar – gan cithfholcadán a bheith aige ina oifig – thuigfeá a chinneadh gan úsáid a bhaint as a rothar. Ach más rud é go bhfuil tú ag caitheamh tréimhsí fada sa trácht gach maidin agus gach tráthnóna – agus de réir Dhaonáireamh na bliana 2006, tá 187,000 duine ag caitheamh breis is uair an chloig ag taisteal chun na hoifige gach maidin – cad chuige nach bhfuil an rothaíocht níos tarraingtí dó mar rogha?

Maidir le trácht contúirteach, áfach, is dócha go raibh an ceart ag na daoine a ghlac páirt sa suirbhé. Níl caighdeán ár mbóithre sách maith, agus d’fhéadfadh linntreoga – nach mbaineann ach croitheadh as gluaisteáin bheaga agus iad ag dul tharstu – a bheith an-chontúirteach do rothaithe agus tarlaíonn neart timpistí mar thoradh orthu. Le cois dhrochstaid na mbóithre, cuireann leoraithe móra agus tiománaithe ionsaitheacha go mór le cinneadh comaitéirí gan úsáid a bhaint as a rothair.

Ach nach bhfuil raonta deasa rothar ar na bóithre anois? Bhuel tá, ach d’fhéadfaí feabhas a chur orthu. Murab ionann agus an tír seo,ceart slí ag rothaithe ar raonta rothar i neart tíortha eile. Tá na rialacha a bhaineann leis na raonta rothar sa tír seo casta in amanna, agus ní bhíonn sé soiléir cé aige a bhfuil an ceart slí

Ní hamháin go gcuireann leagan amach na raonta rothar mearbhall ar dhaoine, ach bíonn sé doiléir freisin cad iad na hamanna ar féidir úsáid a bhaint astu. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid de na raonta rothar ag feidhmiú ar bhonn “páirtaimseartha” amháin. Is féidir rothaíocht orthu ag amanna áirithe, ach bíonn cead ag tiománaithe a ngluaisteáin a pháirceáil orthu ag amanna eile. Samhlaigh é – duine bocht ag rothaíocht go sona sásta agus go tobann, páirceálann tiománaí éigin a ghluaisteán i lár an raoin!

Agus is iomaí rothaí nach leanann rialacha an bhóthair ach an oiread. Bíonn scéalta ag beagnach gach tiománaí faoi dhaoine ag rothaíocht in aghaidh an tráchta agus iad amuigh ar shráid aontreo. Agus bíonn coisithe ag gearán faoi dhaoine a úsáideann a rothair ar chosáin. Is iomaí rothaí nach bhfuil pioc stuaime ag baint leis, gan amhras, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil gach rothaí ciontach as botúin an mhionlaigh.

Brúghrúpaíbrúghrúpaí éagsúla anois ar an bhfód a bhfuil sé mar aidhm acu saol an rothaí a fheabhsú, rud a chuideoidh go mór leis an gcomhshaol freisin. Sampla amháin dá leithéid ná Feachtas Rothaíochta Átha Cliath, a bunaíodh i dtosach sna nóchaidí le dul i mbun feachtais ar son an rothaí. Tá saol an rothaí dulta in olcas, dar leis an mbrúghrúpa seo, in ainneoin go bhfuil na raonta rothar anois curtha i bhfeidhm. Agus tá cruthúnas na tuairime sin le feiceáil ar fud chathair Bhaile Átha Cliath. Tá lucht tiomána na SUVanna ar cheann de na grúpaí is mó a ndéantar gearán fúthu mar is minic nach féidir leo rothaithe a fheiceáil, fiú agus iad díreach in aice leo. Mar a déarfaí sa Fhraincis, is bête noire ar leith é an SUV a bhfuil túsbharra

cosanta ar a bhoinéad aige. Thuigfeá cén fáth a mbeadh na túsbharraí cosanta seo de dhíth san Astráil nó i Meiriceá mar gheall ar go mbíonn cosaint ó ainmhithe móra ag teastáil go minic. Ach i gcathracha níl iontu ach núis, arb iad is cúis le cuid mhór coisithe agus rothaithe a ghortú.

Éileamh eile atá ag Feachtas Rothaíochta Átha Cliath – beartas a bhfuil an Comhaontas Glas i bhfách leis freisin – ná luaisteorainn de thríocha ciliméadar san uair a chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath. Rachadh an beartas seo chun sochair do choisithe, do rothaithe agus don chomhshaol, dar leo. Tá sé níos dóchúla go n-éireodh lena leithéid d’éileamh ná go n-éireodh le feachtas chun SUVanna a dhíbirt ó na bóithre – cé go mbeadh go leor daoine i bhfabhar an bheartais sin freisin.

TaighdeAgus cad faoin drochaimsir arb í is cúis le leisce daoine úsáid a bhaint as a rothair – de réir an tsuirbhé, ar aon nós?Ar Oileán na Naomh is na nOllamh, ní haon ionadh é go ndearna duine éigin staidéar ar an ábhar áirithe seo. Ba é sprioc an taighde ar tugadh faoi ná meastachán a dhéanamh maidir le cé chomh minic is a bhíonn duine fliuch báite má théann sé chun a oifige gach lá ar rothar. Léiríonn staitisticí ó Met Éireann an méid seo: má chaitheann duine 22 nóiméad ag rothaíocht chun na hoibre gach lá, ní bheidh sé fliuch báite ach uair amháin as gach céad lá. Tá droch-cháil ar aimsir na tíre seo, dar le húdar na taighde, nach bhfuil tuillte aici i ndáiríre. Ach b’fhéidir go mbeadh malairt tuairime aige dá ndéanfadh sé a thaighde i nGaillimh!

Ar an meán, bíonn 74 ceintiméadar báistí i mBaile Átha Cliath gach bliain. In Amstardam, arb í príomhchathair Eorpach na rothaíochta í, titeann 81 ceintiméadar báistí sa bhliain ar an meán. Dealraíonn sé nach féidir linn an bháisteach a úsáid mar leithscéal, mar sin!

Sampla eile ná Portland, ar cathair sna Stáit Aontaithe Mheiriceá é ina bhfuil tábhacht mhór ag baint leis an rothaíocht. Is amhlaidh go dtugtar Bike City ar an gcathair seo mar leasainm.gréasán mór de raonta rothar in Portland, agus rothaíonn 3.5% den daonra fostaithe chuig an obair. Is ionann sin agus dhá oiread an mhéid a rothaíonn chuig an obair in Éirinn, a bhféadfaí Tír na nGluaisteán a bhaisteadh uirthi mar leasainm!

tionscal nua ag teacht chun cinn in Portland – gnóthaí beaga a dhéanann agus a dheisíonn rothair agus comhlachtaí comhairleachta arb é a ngnó ná cuidiú agus comhairle a chur ar fáil do chathracha eile ar mian leo eiseamláir inbhuanaithe na cathrach seo a leanúint. Agus an rud a thugann dóchas dom? Gach bliain in Portland titeann 95 ceintiméadar báistí, ar an meán. Más féidir leosan a bheith ag rothaíocht i dtreo saoil atá glan agus inbhuanaithe, cén fáth nach féidir linne?Tá Pádraig Mac Éamoinn ag obair i gcomhlacht aerlíne Éireannach. Tá sé ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.