Is breá le Liz Curtis am a chaitheamh ar chladaí Loch Cuan i gContae an Dúin. Ach fiú in áit chomh suaimhneach síochánta sin, ní féidir dearmad a dhéanamh ar stair achrannach na Sé Chontae.
Gan amhras ar bith, is seoid é oileán na hÉireann maidir le tírdhreach, cé go gcaithfidh tú do shúile a dhúnadh ar eastáit nua tithe saoire sna 26 Contae, a chuireann cradhscal ort féachaint orthu, agus iad ag dreapadh na mbeann nó ina suí ar a ngogaide cois trá.
Níl fadhb ar bith agam leis na daoine a chaitheann a gcuid laethanta saoire i dtithe mar sin. Níor mhiste liom an rud céanna a dhéanamh mé féin. Níl siad ag iarraidh ach sos deas réchúiseach a fháil ó chúraimí an ghnáthshaoil. Is ar an Rialtas, ar na húdaráis áitiúla, ar an lucht pleanála, agus ar na comhlachtaí santacha forbartha atá an milleán.
Rud thar a bheith speisialta faoin oileán seo ná go bhfuil sé an-bheag agus tá sé dochreidte an méid éagsúlachta atá ann ó thaobh na timpeallachta de. Mar shampla, má tá cónaí ort i gcathair ar bith ar chósta na hÉireann agus carr agat, is féidir leat a bheith ar bharr cnoic, nó ar thrá órga fhada fholamh, taobh istigh d’am gairid.
In amanna bíonn cumha orm i ndiaidh Londain, nuair a smaoiním ar mo chairde ansin agus ar an tsochaí bhríomhar ilchultúrtha atá ann. Ach nuair a chuirim an chathair i gcomparáid le hÉirinn maidir le timpeallacht, ní shílim go dtiocfadh liom a bheith i mo chónaí ansin arís - an trácht trom gan stad gan staonadh, na traenacha plódaithe faoi thalamh agus an dóigh a nglacann sé uair go leith tiomáint ó lár na cathrach go dtí an t-imeall.
Cúpla lá ó shin, chuaigh mé go dtí An Droichead, ionad cultúrtha breá nua i ndeisceart Bhéal Feirste, le páirt a ghlacadh in oíche chomhrá. Phléigh muid cúrsaí taistil - na modhanna taistil ab fhearr linn, an saghas lóistín a thaitin linn, agus na háiteanna ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orainn.
Dúirt Réamonn: “Is é Baile an Chaistil i gContae Aontroma an áit is fearr liomsa. Cén fáth? Bhuel, théadh muid ansin agus mé i mo ghasúr óg, agus bhíodh cead agam dul go dtí na amusements. Bhíodh am ar dóigh agam i gcónaí ansin.”
Dúirt Róisín: “Tá sé deacair rogha a dhéanamh, mar tá cuid mhór áiteacha deasa ann. Is aoibhinn liom An Clochán agus Mainistir na Coille Móire i gConamara.”
Dúirt Éamonn agus Fraoch gur bhreá leo Tír Chonaill, agus dúirt Áine gur chuala sí go bhfuil Beara i gContae Chorcaí galánta ar fad.
An rud a bhí suntasach faoin mhéid a bhí le rá acu ná gur luaigh achan duine áit in Éirinn agus nár luaigh siad áit ar bith thar sáile.
Loch Cuan
Tá mé féin an-tógtha le Loch Cuan i gContae an Dúin mar áit. Tá sé go hálainn ar fad, i mo bharúilse, lena uisce síodúil lonrach, agus a oileáin chruinne ghlasa, a dtugtar droimníní báite orthu. Ansin tá na rónta ann, a bhfuil cuma madaí fliucha orthu, atá i gcontúirt bás a fháil anois ó víreas, na créatúir bhochta.
Tá an loch chomh suaimhneach aerga gur féidir liom stánadh air ar feadh tamaill fhada. Chonaic mé den chéad uair é sa scannán December Bride, agus thit mé i ngrá leis ar an phointe.
Ach tá rud inteacht truamhéileach faoin loch: tá sé scoilte idir an dá phobal, cosúil le hachan áit eile sna Sé Chontae. Tá an chuid is mó den cheantar i seilbh Protastúnach, ach nuair a shroichtear Dún Pádraig agus an tír máguaird, is Caitlicigh formhór na ndaoine ansin.
Mar shampla, tá dhá bhaile bheaga ann, Port an Pheire ar thaobh amháin agus Baile Loch Cuan ar an taobh eile, agus tá bád farantóireachta ag dul eatarthu. Mhínigh duine dom go bhfuil Port an Pheire Protastúnach agus Baile Loch Cuan Caitliceach.
Tá cara agam - tabharfaidh mé Cristín uirthi - atá an-tógtha leis an loch fosta. Téann muid ansin le chéile ó am go ham. Is bean láidir chainteach í, ach nuair a théann muid go dtí áit ina bhfuil cuid mhór Protastúnach, éiríonn sí ciúin neirbhíseach. Má labhraím cúpla focal Gaeilge, buaileann imní í, ansin tugann sí íde béil dom níos moille.
Tá Cristín buartha go gcuirfear an ruaig uirthi. Tagann an mothúchán sin as a taithí féin, is dócha. D’fhás sí aníos i gceantar beag Caitliceach i dtuaisceart Bhéal Feirste, agus bhí teannas idir bunadh na háite agus na dílseoirí sa chéad cheantar eile. An áit a bhfuil cónaí uirthi anois, ionsaíonn dílseoirí tithe Caitliceacha lá i ndiaidh lae. Ní dhéanann sí idirdhealú ina hintinn, is cosúil, idir na dílseoirí sin as na ceantair bhochta den chathair, agus na Protastúnaigh chluthara chaoinbhéasacha a bhíonn le feiceáil amuigh faoin spéir thart ar Loch Cuan.
Tá an stair freagrach as na deacrachtaí sin, ar ndóigh. Chuaigh mise agus Cristín ar thuras staire báid a d’eagraigh an National Trust, a thugann aire do chladach an locha. Le linn an turais sin, a thaitin go mór linn, mhínigh [staraí] scéal phobal an locha.
Bealach uisce an-tábhachtach ab ea Loch Cuan sa tseanam. Tháinig achan saghas inimircigh agus creachadóra agus coilínigh an treo. Bhí taistealaithe ansin ceithre mhíle bliain ó shin. Tháinig Críostaithe sa chúigiú haois, Naomh Pádraig ina measc. Thóg seisean eaglais bheag bhídeach ag Sabhall, gar don loch.
Deirtear gur bhunaigh Naomh Mochaoi an mhainistir darbh ainm Naondroim sa chúigiú haois, agus é faoi thionchar Naomh Pádraig. Bhí rath ar an mhainistir, agus tá na hiarsmaí ann go fóill. Tá sé ar oileán atá ainmnithe as Mochaoi agus tá cabhsa ann anois go dtí an mórthír.
Ansin tháinig na Lochlannaigh, agus b’fhéidir gur iadsan a dhóigh oifigeach de chuid na mainistreach sin chun báis ina theach ag Naondroim. Tharla sé sin sa bhliain 976, de réir na nAnnála. Ba iad na Lochlannaigh a thug an t-ainm Strangford ar an loch - *strang fjord *atá i gceist, a chiallaíonn gaoth agus sruthanna láidre ann.
Tháinig na Normannaigh ina dhiaidh sin, ansin dream cumhachtach coilíneach eile ag tús an 17ú haois. Fuair siadsan greim láidir ar an áit, agus tá cuid dá sloinnte ag teaghlaigh áitiúla go fóill. Is mór an trua nár tharla cumasc idir iad féin agus na daoine a bhí ann cheana, mar a tharla i gcás na gcoilíneach uilig a tháinig rompu.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.