TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh
Deirdre Ní Loingsigh Deirdre Ní Loingsigh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Deirdre Ní Loingsigh, Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh.

Íomhá
Deirdre Ní Loingsigh (ar chlé) ar ar an mbád farantóireachta go hInis Mór, ceann de na turais Ghaeltachta a d'eagraigh Aonad na Gaeilge
Íomhá
Clann a ghlac páirt i Scéim Ghaeilge an tSamhraidh, Baile na nGall, Ciarraí
Íomhá
Tuairisc ó pháiste, Cian, a ghlac páirt i Scéim Ghaeilge an tSamhraidh, Baile na nGall, Ciarraí
  1. Cén ról atá agat féin in Aonad na Gaeilge agus cén fhad atá tú sa phost? Táimse i mo stiúrthóir ar Aonad na Gaeilge agus táim sa ról le beagnach dhá bhliain anuas. Tá an tAonad féin lonnaithe i Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir, Ollscoil Luimnigh ach tá freagracht orm maidir le forbairt na Gaeilge agus sheirbhísí Gaeilge san Ollscoil go léir.
  2. Cén uair a bunaíodh Aonad na Gaeilge agus cé a bhunaigh é? Aonad de chuid na hOllscoile is ea é. Bunaíodh é i mí Feabhra 2001.
  3. Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh é chun tacaíocht a thabhairt don nGaeilge mar ábhar léinn, mar mheán caidrimh, mar mheán teagaisc agus mar mheán taighde ar champas Ollscoil Luimnigh. Tá freagracht ar Aonad na Gaeilge i dtaca le beartais taighde ar an nGaeilge san oideachas agus ar an nGaeilge mar mheán teagaisc agus taighde a thionscnamh agus a stiúradh i gcomhar le comhghleacaithe san Ollscoil.
  4. Cén obair a dhéanann Aonad na Gaeilge anois? Cúrsaí: Tá clár cuimsitheach de chúrsaí teanga ag leibhéil éagsúla á stiúradh ag Aonad na Gaeilge (ab initio, bunrang, meánrang 1, meánrang 2, ardrang agus cruinneas sa Ghaeilge). Tá obair mhór déanta ar dhearadh ábhair d’fhoghlaimeoirí fásta agus tá ceithre chúrsa shainiúla ag an Aonad faoin am seo. Tá cúrsa ar an nGaeilge do thuismitheoirí ar fáil chomh maith. Eagraítear cúrsa Gaeilge do riarthóirí Ollscoile agus cúrsa oiliúna do mhúinteoirí uair sa bhliain. Imeachtaí Gaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge ar an gcampas: Eagraítear ócáidí sóisialta go rialta; fáiltithe, spórt trí Ghaeilge, lónta, etc. do rannpháirtithe na ranganna, do bhaill foirne agus do mhic léinn. Ar na himeachtaí ar an bhféilire i láthair na huaire tá oíche le John Spillane (amhránaí) agus Louis de Paor (file), oíche leis an dioscmharcach Cian Ó Cíobháin agus cuairt an chlub Sult go Luimneach. Eagraítear turais Ghaeltachta gach seimeastar, tugtar tacaíocht don *Spraoi Soc *(an Cumann Gaelach) agus fógraítear duaiseanna aitheantais. Ar na scéimeanna a eagraítear, tá Scéim Chónaithe Aonad na Gaeilge do mhic léinn na chéad bhliana agus Scéim Ghaeilge an tSamhraidh don bhfoireann. Tugann Aonad na Gaeilge tacaíocht riaracháin do Chumann Merriman don scoil samhraidh agus scoil gheimhridh gach bliain. Cuirtear seirbhís aistriúcháin ar fáil agus scaiptear stáiseanóireacht, cártaí gnó, féilirí Gaeilge, etc. ar fud na hOllscoile chun timpeallacht fhisiciúil na Gaeilge a neartú. Tá obair tosaithe ar pholasaí a bhaineann leis an gcomharthaíocht dhátheangach san Ollscoil. Táimse i mo rúnaí feidhmiúcháin ar Choiste na Gaeilge. Cuirtear aighneacht chuig an Údarás um Ard-Oideachas faoi Scéim na Spriocthionscnamh le haghaidh maoinithe gach bliain. Tacaíocht don taighde agus teagasc trí Ghaeilge: Ar na tionscadail mhaoinithe ag an Údarás um Ard-Oideachas i mbliana tá obair thaighde ar an litríocht taistil i nGaeilge, scríobh ilmheáin, Gaeilge ghairmiúil do mhic léinn an oideachais agus sochtheangeolaíocht.
  5. Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón gcoláiste agus ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Tá conradh léachtóra agam féin agus tagann leath de mo thuarastal as láracmhainní na hOllscoile agus an leath eile ó Choláiste na nDaonnachtaí (allúntas foirne Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir). Cuireadh iarratas chuig An Údarás um Ard-Oideachas anuraidh agus arú anuraidh agus fuarthas maoiniú chun na tionscadail go léir a chur ar an bhfód. Bíonn urraíocht agus maoiniú sa bhreis ag teastáil le haghaidh cuid de na tionscadail, an MA nua sa tSochtheangeolaíocht, mar shampla.
  6. Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Aonad na Gaeilge? Tá dualgas reachtúil ar Ollscoil Luimnigh, mar aon le hollscoileanna eile, i leith chur chun cinn na Gaeilge (Acht na nOllscoileanna 1997 agus Acht Ollscoil Luimnigh (Díscor Choláiste Thuamhumhan) 1991). Is léir an-fhorbairt ar stádas na Gaeilge san Ollscoil ó bunaíodh Aonad na Gaeilge. Leagtar amach plean oibre faoi thrí cheannteideal ag An Údarás um Ard-Oideachas: (a) múineadh ábhar eile seachas Gaeilge trí mheán na Gaeilge; (b) cur chun cinn na Gaeilge i measc na mac léinn agus i measc na foirne; (c) athchló a chur ar sheantéacsanna. Is léir toradh ar an obair seo mar fuarthas ardú maoinithe 22.5% don bhliain acadúil 2002/03.
  7. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá an-chuid acu mar a léiríodh thuas. Tá teist ar Aonad na Gaeilge mar aonad forbartha san Ollscoil féin agus sa cheantar. Níl aon dabht ach go bhfuil pobal na Gaeilge ag neartú de réir a chéile ach caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo.
  8. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Aonad? Laigí

Déarfainn go bhfuil profíl Aonad na Gaeilge fós lag i measc na mac léinn. Bíonn sé an-deacair iad a mhealladh chuig ranganna agus imeachtaí ar iliomad cúiseanna. Níl oifigeach Gaeilge ag Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Luimnigh fós. Cuireann dualgais riaracháin isteach ar mhórphlean Aonad na Gaeilge uaireanta.

Láidreachtaí

Conradh buan léachtóra agam féin, rud a chinntíonn dílseacht na hOllscoile don teanga. Dea-thoil na foirne agus na mac léinn i leith na Gaeilge. Téarmaí tagartha Choiste na Gaeilge. Tacaíocht Rannóg na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh. Naisc láidre san Ollscoil féin agus lasmuigh. Deiseanna ag Aonad na Gaeilge an teanga a chur chun cinn i mbealaigh nua, tríd an gceol agus na healaíona, tríd an spórt, etc. Nasc le Stiúrthóir Thogra Luimnigh de Chonradh na Gaeilge, rud a chuireann go mór le cothú chomhthéacs na Gaeilge sa cheantar.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Aonad na Gaeilge faoi cheann cúig bliana.

Go mbeadh Aonad na Gaeilge agus *Zón na Gaeilge *mar chuid lárnach den bhfoirgneamh nua do Theangacha agus don Oideachas Idirnáisiúnta agus go mbeadh foireann riaracháin agus foireann aistriúcháin ann. Go mbeadh cáilíocht fhoirmeálta sa Ghaeilge (Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach, b’fhéidir) ar fáil do mhuintir na hOllscoile agus do mhuintir an cheantair. Go mbeadh tionchar éigin ag Aonad na Gaeilge ar gach mac léinn le linn a thréimhse ollscolaíochta i Luimneach.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Go mbreathnófaí ar an nGaeilge mar theanga bheo, go samhlófaí craic agus siamsaíocht léi, go mbeadh deiseanna ag gach aoisghrúpa a rogha rud a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ina gceantar féin. Go mbeadh deis ag gach dalta iar-Ardteiste an caighdeán Gaeilge atá aige a choinneáil. Go mbeadh réimse na bhfoinsí foghlama don Ghaeilge chomh maith leis an réimse áiseanna atá ar fáil d’fhoghlaimeoirí teangacha eile. Go mbeadh coláiste mar Sabhal Mòr Ostaig againn in Éirinn. Go mbeadh níos mó tacaíochta ag múinteoirí Gaeilge na tíre. Go ndéanfaí acht den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002.

Teagmháil

Deirdre Ní Loingsigh, Stiúrthóir na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh. Guthán: 061-213463 Ríomhphost: deirdre.niloingsigh@ul.ie Suíomh gréasáin: www.ul.ie/aonadnagaeilge (Níl an suíomh beo fos)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.