AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Anois teacht an earraigh
Balor Balor Balor

Tráchtann Balor ar chuid de na ceisteanna atá i mbéal an phobail faoi láthair sa Stát Seicteach, Aon-Diach, Aon-Chultúrach, Truamhéalach seo ar a dtugtar Éire.

Íomhá
Íomhá

Ar phlandaí an earraigh a chaith Balor a shúil nimhe cúpla lá ó shin. “Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an tsailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos,” a deir Balor an Bhéil Bhinn. “Maidir le lile na Cásca, braitheann sé an mbíonn biorán nó guma ar a cúl.” Nuair a thiocfas an samhradh tabharfaidh sé cur síos ar an mhagairlín meidhreach agus ar an éifeacht a bhí ag an phlanda bhig bhláthaigh sin ar a shaol. Beidh lucht léite Beo Ar Éigean ar fud na cruinne ag fanacht go foighdeach le fáil amach.

Ní fear é Balor a sheachnaíonn an chaint fhileata nuair a fhóireann sí don ócáid. Baineadh siar as i mbliana, áfach. Dar leis gur tháinig an t-earrach gan choinne. Bomaite amháin bhí sé siocaithe. Bomaite eile bhí sé friochta. “Tháinig an t-athrú séasúir aniar aduaidh orainn i mbliana,” a deir sé. “Idir plúirín sneachta agus lus an aisig a tharla sé. Bhuail sé muid idir an dá … idir an dá … idir an dá linn beidh muid ag caint ar rudaí eile a tharla ar na mallaibh.”

“Tá an tír seo ag imeacht le drabhlás agus le díobhlás,” a mhaíonn fear na súile nimhe, “Murab ionann agus na laethanta glórmhara sin nuair a socraíodh aighnis le creach agus sceimhle agus comhrac aonair le breacadh an lae.” Is minic Balor an Bhéil Bhinn ag caitheamh i ndiaidh laethanta a óige: “Tá cuimhne mhaith agamsa ar an tír seo nuair a bhíodh an áit dá rith i gceart: nuair a bhíodh an Chomhairle Ealaíon ann le freastal ar ealaíontóirí, sular bunaíodh an Stát Seicteach, Aon-Diach, Aon-Chultúrach, Truamhéalach sin ó dheas agus an Stát Eile Oscailte, Comhurramach, Ilchultúrtha, Ilchreideamhach, Ileitneach, Flaithiúil, Fiúntach, Fialmhar sin ó thuaidh. Is maith is cuimhin liom na laethanta sin fadó nuair nach raibh i nDaithí Ó Triompalláin ach gnáthphriompallán.

Agus muid ag caint ar phriompallánacht, tá an Bertie Bath seo i mBaile Átha Cliath ag teacht idir Balor bocht agus codladh na hoíche, idir é agus cogaint na círe agus scríobadh thochas na tóna. “Mura dtógtar an Bertie Bath sin go luath, cá háit eile in Éirinn a ndéanfaidh muid ár gcuid níocháin go poiblí?” a cheasnaíonn Balor an Sianaí. “Agus beidh tobán caoga méadar de dhíth leis an níochán a dhéanamh i gceart nó tá cuid mhór salachair ann.” Ní ag tagairt do lábán shuíomh na tógála i mBaile an Aba atá sé, ach do chlábar atá níos cáidhí go mór.

“Cad é atá ag gabháil i gContae Chiarraí ar chor ar bith?” a fhiafraíonn Balor le teann díchreidimh agus amhrais. “An bhfuil muintir dhílis na Ríochta imithe le galldachas ar fad?” Is é is bunús le hiontas seo fhear na súile nimhe ná babhta ólacháin a bhí aige ar na mallaibh le ball sinsearach anaithnid (dar ndóigh) den Gharda Sicíní inar sceith an ball mór roinnt rún oifigiúil leis. Dar le príomhchoileach seo na sicíní i gContae Chiarraí go bhfuil an smíste baseball anois níos coitianta ná an camán faoi Thuaisceart Chiarraí. Agus deirtear go bhfuil Roth Mór Ferris le tógáil go luath. Galldachas amach is amach!

“Agus cad é fá aineolas agus chiúnas damanta an Chliarlathais Chaitlicigh ar na mallaibh i dtaca le mí-úsáid leanaí i Loch Garman?” a cheiseann Balor Ceisteach, Clúmhillteach. Fear aon phoirt é an tEaspag Ó Míchumascaigh: We Will Survive. Tairgeadh a deich in aghaidh a haon do Bhalor ar an easpag bheith fós ann i gceann bliana ach ní raibh an Cearrbhach Cáiréiseach sásta glacadh leis mar gheall. Bhí easpa urlabhra an easpaig seo, a mbíodh go leor le rá aige fá chúrsaí eile, ag goilleadh go mór ar fhear na súile nimhe. Bhí, go dtí gur thuig sé an chúis lena chiúnas: tart! Sin é! Tá an tart i ndiaidh a sceadamán a scarbháil. “Agus cad é faoin Chairdinéal Conán?” a d’fhiafraigh mé de Balor. “Níl rud ar bith le rá aigesean ach oiread nó níl imní rómhór air,” arsa an Seanlaoch Searbhasach. “Níl i gceist anseo ach mí-úsáid leanaí. Scéal níos tromchúisí go mór a bheadh ann dá mbeadh Caitliceach ag iarraidh comaoineach a ghlacadh in Eaglais Phrotastúnach!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.