AR NA SAOLTA SEO
Annus horribilis an UUP
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Caitheann Robert McMillen súil siar ar phríomhimeachtaí na bliana 2003 i dTuaisceart Éireann.

Íomhá
Jeffrey Donaldson: d'fhág sé an UUP an mhí seo caite
Íomhá
Ian Paisley, ceannaire an DUP
Íomhá
Freddie Scappaticci: ag séanadh gurb é "Stakeknife"

Beidh cuimhne i gcónaí ar 2003 mar an bhliain ina bhfuair an DUP an lámh in uachtar ar an UUP agus ar cruthaíodh arís gurb é Sinn Féin páirtí náisiúnach na todhchaí.

Ní raibh ciall ar bith ag Tony Blair gan toghchán an Tionóil a ghairm i mí na Bealtaine. Bhí a fhios ag an saol mór cad é an toradh a bheadh air - bíodh sé ann i mí na Bealtaine nó i mí na Nollag, bhí Sinn Féin agus an DUP i gcónaí ag dul a bheith ar bharr liosta a bpobal féin. Ar an 19 Feabhra, foilsíodh tuairisc a léirigh nach dtabharfadh ach trian de na Protastúnaigh tacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta dá mbeadh reifreann eile ann.

Agus seachtain roimh an Nollaig, cuireadh tuilleadh “uisce glan gorm” idir an DUP agus an UUP nuair a d’fhág Jeffrey Donaldson an páirtí a raibh sé ina bhall de ó bhí sé ina dhéagóir. Tá brollach leathan forbhfáilteach Ian Paisley ag fanacht leis. Má bhogann an bheirt eile MLA - Arlene Foster agus Norah Beare - ón UUP go dtí an DUP ciallóidh sé, má bhíonn Tionól choíche ann, go mbeidh 33 MLA ag páirtí Paisley agus 24 ag an UUP. Sin buille a mbeidh sé deacair ag David Trimble beag a dhéanamh de. Ba cheart gur seo an t-am anois leis an UUP a athchruthú mar chaomhnóir an Chomhaontaithe a shínigh siad i 1998, ach le dul chun cinn an DUP - bunaithe ar mhian an phobail aontachtaigh, a léiríodh sa toghchán - agus an t-athbhreithniú ar an Chomhaontú atá le theacht, ní fios cad é an bealach a mbeidh David Trimble ag iarraidh a thréad a threorú.

Agus má dhéanann an DUP cleas Tony Blair, nuair a ghoid sé polasaithe Tóraíocha agus chuir pacáiste New Labour thart orthu, má thagann an DUP ar sprid an iolrachais atá folaithe ina gcroíthe leis na cianta, b’fhéidir gur seo an dé deiridh do pháirtí James Craig agus Basil “I wouldn’t have one about the place” Brookborough.

Ar an taobh amuigh, níl Sinn Féin róbhuartha fán DUP. Deir siad gurb ionann cás an lae inniu agus an cás i 1997 nuair nach labharfadh an UUP leo. Go malltriallach, leáigh an t-oighear go dtí go raibh an chuma ar an scéal go raibh Gerry Adams agus David Trimble in aontíos lena chéile.

Tá na *Shinners *sásta fanacht leis an DUP, ag éisteacht go cúramach agus ag léamh, idir na línte, na ráiteas “deimhneach” atá ag teacht ó chuid den pháirtí. Beidh cuimhne fosta ar 2003 mar an bhliain nuair a chonacthas Ian Paisley ag teacht chun deiridh. Is é an Fuss at the Bus an pictiúr is fadmharthanaí ón bhliain, an seanleon in ísle brí, a choileáin óga thart air á chosaint. Ach beidh tionchar ag an tseanbhiogóid go ceann tamaill eile go fóill.

Gníomh substaintiúil díchoimisiúnaithe

Ó thaobh an IRA de, ní dhéanfaidh siad faic eile go dtí go bhfeicfidh siad na cúinsí a bhogfaidh chun tosaigh iad an chéad chéim eile ar a léarscáil bóthair féin. Bhí gníomh substaintiúil díchoimisiúnaithe ann i mí Dheireadh Fómhair 2003. Tús agus deireadh an scéil.

I measc na ndílseoirí, bhí an scéal mar a bhí agus mar a bheas, is dócha. Bhí 2003 dhá lá d’aois nuair a maraíodh Roy Green, ball den UDA, ar scaoil cuid naimhde Johnny Adair é. Cuireadh Adair sa phríosún in athuair mar go raibh an dochúlacht air an scéal go mbeadh sé páirteach i gcoiriúlacht, mar a deir an téarmaíocht oifigiúil.

Lean na hionsaithe inmheánacha i rith mhí Eanáir go dtí an chéad la de mhí Feabhra, nuair a maraíodh John Gregg agus Robert Carson. Ba é marú Gregg, sceimhlitheoir fíochmhar a bhí ina laoch i measc dílseoirí míleata mar gur scaoil sé Gerry Adams, an dé deiridh do dhrong Adair. Cúig lá ina dhiaidh sin, cuireadh amach as a gcuid tithe ar Bhóthar na Seanchille iad - Gina Adair agus John White ina measc. Tugadh go hAlbain - le cosaint na bpéas - iad ach, an tseachtain seo, cuireadh coireanna drugaí i leith Gina Adair agus a mac Jonathan i mBolton Shasana.

Beidh cuimhne ar 2003 ar go leor cúiseanna eile:

Fuair an spiaire Brian Nelson bás i mí an Aibreáin. Ainmníodh Freddie Scappaticci mar Stakeknife, spiaire de chuid MI5 taobh istigh den IRA, líomain atá á séanadh go láidir aige. Thángthas ar chorp Alan McCullough i mí an Mheithimh. Bhí sé bainteach le marú John Gregg agus Jonathan Stewart, dar leis an PSNI. Ciontaíodh Michael McKevitt as “stiúradh sceimhlitheoireachta” mar cheannaire an Fhíor-IRA. Gearradh téarma príosúin 20 bliain air. An lá ina dhiaidh sin, thug Rialtas na hÉireann £800,000 do ghaolta íospartartaigh Bhuama na hOmaí le cás príobháideach cúirte a leanstan. Fá dheireadh thiar thall, fuarthas corp Jean McConville in aice le Cairlinn i gContae Lú. D’fhuadaigh an tIRA Mrs McConville i 1972 i ndiaidh di cuidiú le saighdiúir a bhí ag fáil bháis.

Is iriseoir leis anIrish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.