Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim atá faoi bhagairt bhéal na tua an chéad bhliain eile. Deir sé nach rómhaith an tús é don Aire Stáit nua, Donncha Mag Fhionnghaile T.D.
Naisc:
Is le hairgead a shábhailt atá deireadh á chur le Scéim Labhairt na Gaeilge, nó “Scéim na Deich bPunt” mar a thugtar air i gConamara. Íocadh amach beagán faoi bhun €700,000 anuraidh ar an scéim le teaghlaigh sa Ghaeltacht. Ceaptar go gcosnaíonn sé thart ar €300,000 eile an scéim a riaradh, idir thuarastal agus chostais taistil na gcigirí, a bhíonn ag taisteal thart ar scoileanna ar fud na Gaeltachta ar feadh cúpla mí den bhliain le tástáil a dhéanamh féachtaint an bhfuil “an líofacht nádúrach” ag gasúir na ghlach=households">dtea="gloss" title="accepted">ghlach, a bhfuil iarratas déanta faoin scéim.
Sa tuairisc a cuireadh ar fáil don Rialtas mí Iúil 2009, mhol Bord Snip Nua deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge. Shíl siad gurb é a bhí sa scéim ná “income support to Irish-speaking households in Gaeltacht areas” agus gurb é aidhm na scéime “to incentivise inhabitants to remain in Gaeltacht areas”.
Ní Scéim Gan Locht a bhí ann:
Rinne 3,355 teaghlach iarratas faoin scéim anuraidh (2009/10), sin titim suntasach ón 3,607 teaghlach a rinne iarratas sa bhliain 2006/07. Ní chuireann ach thart ar a thrian de na teaghlaigh sa Ghaeltacht oifigiúil, isteach ar an scéim. Íocadh an deontas iomlán le 2326 teaghlach agus an deontas laghdaithe le 449 teaghlach eile anuraidh. Theip ar 521 teaghlach an Roinn a shásamh go raibh líofacht Ghaeilge ag na gasúir.
Ní scéim gan locht a bhí ann. Leis an deontas a fháil, ní ghá go mbeadh an Ghaeilge in uachtar mar theanga cumarsáide sa mbaile. Is iomaí teaghlach i gceantar láidir Ghaeltachta a fhaigheann an deontas iomlán, ní mar gheall go bhfuil Gaeilge ón gcliabhán ag na gasúir ach mar go bhfuil Gaeilge mhaith foghlamtha acu ón scoil agus súite ón dtimpeallacht Ghaeilge ina bhfuil siad ag maireachtáil. Ar an dtaobh eile den scéal, tá fhios agam teaghlach amháin thart ormsa, nach bhfuil tada sa mbaile acu ach Gaeilge agus diúltaíodh an deontas iomlán orthu.
Ach ba é an locht ba mhó a bhí air mar scéim Ghaeilge, gur thosaigh sé ródheireannach i saol an ghasúir, le go mbeadh tionchar aige ar chinneadh tuismitheoirí faoin teanga a labhrófaí sa mbaile leis na gasúir.
In ainneoin na lochtanna thuas, thug an scéim aitheantas don ghasúr a raibh Gaeilge mhaith acu agus thug sé deis do mo leithéidse, monatóireacht bhliantúil a dhéanamh ar staid na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta éagsúla. D’úsáidfinn na figiúirí a chuirtí ar fáil chuile bhliain chun monatóireacht a dhéanamh ar staid na teanga sna ceantair láidir Ghaeltachta agus chun meabhrú don saol mór nach ann don Ghaeilge mar theanga teaghlaigh nó mar mheán teagaisc bunscoile in os cionn leath de na ceantair oifigiúla Gaeltachta.
Stair na Scéime:
Tom Deirg, an tAire Oideachais ag an am, a mhol an scéim a chur ar bun sa bhliain 1933. D’admhaigh sé go raibh an Ghaeilge sa Ghaeltacht ag fáil bháis chomh sciobtha céanna faoin Rialtas dúchasach is a bhí faoi Rialtas na Breataine agus “if something is not done to deal with the decay it is only a question of a generation or two until it will be dead.”
Thuig Tom Deirg go maith an bhunchúis a bhí ag cosmhuintir na Gaeltachta le Gaeilge a cheilt ar a gcuid gasúr: ní mba bhuntáiste ar bith dóibh a bheith ag fás aníos sa Ghaeltacht le Gaeilge craicneach gan Béarla líofa acu nuair ab é bád bán na himirce a gcinniúint.
Moladh i dtosach go n-íocfaí £5 as gach gasúr “who on entrance to school at the age of six could talk Irish fluently”. Chuir an Roinn Airgeadais ina aghaidh ach, tar éis an ghnáthchur agus cúitimh, ghlac an Rialtas leis Meán Fómhair 1933. Nuair a thosaigh Scéim Labhairt na Gaeilge, i dtosach, is faoin Roinn Oidechais a bhí sé agus ba é £2 an deontas a d’íoctaí as gach gasúr bunsaoile a raibh Gaeilge líofa acu.
Ardaíodh an deontas go €5 sa bhliain sa bhliain 1946 agus go £10 é sa bhliain 1965. D’fhan sé mar sin gur chuir Michael D. Higgins athrú cuimsitheach ar an scéim sa bhliain 1993/4, le béim ar an dteaghlach seachas ar an ngasúr aonarach.
Moltai leis an Scéim a Leasú:
D’fhógair Ó Cuív sa bhliain 2004 go raibh athbhreithniú ar Scéim Labhairt na Gaeilge agus ar bhealach deineadh an t-athbhreithniú sin sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch faoi Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Mhol an Staidéar Cuimsitheach go ndéanfaí Scéim Labhairt na Gaeilge a leasú ar bhealach sách radacach sa mhéad is go mbeadh deontas €5,000 á íoc le teaghlach chuile bhliain ó thús saol an pháiste, ar feadh seacht mbliana. Bhí an bunsmaoineamh go maith, gur i dtús saol an pháiste ar cheart do Scéim Labhairt na Gaeilge tíocht i bhfeidhm seachas ag aois a raibh an teanga baile insealbhaithe ag an ngasúr cheana féin.
Cosúil le moltaí maithe eile a cuireadh os a chomhair, ní dhearna Éamonn Ó Cuív tada lena gcur i bhfeidhm. Is í mo thuairim go bhfuil cuid den bhfreagracht ar Ó Cuív, go bhfuil deireadh á chur le Scéim Labhairt na Gaeilge gan aon cheo eile le tíocht ina háit.
Deir an tAire Stáit Dinny McGinley go mbeidh rud éicint eile le tíocht ina háit. Tá súil agam nach bhfuil sé ag iarraidh dallamullóg a chur orainn agus nach ag cur na caoire thar an abhainn atá sé. Is é an trua nár fhan sé go mbeadh an scéim a bheadh ag tíocht ina háit réidh le seoladh sara d’fhógair sé go raibh cinneadh déanta an tua a thabhairt do Scéim Labhairt na Gaeilge, ar mhaithe le €1 milliún a shábhailt. Caithfidh mé a rá nach rómhaith é mar thús, ina phost mar Aire Stáit na Gaeltachta.