Tá cac na réinfhianna súite aníos ag lorraithe bardais ach níl Balor ag gabháil i mbun tuair ná tairngreachta don bhliain úr mar nach aon uimhir mhuiníneach í an 13.
Bhuel, tá an Nollaig thart go ceann bliana eile, a léitheoirí dílse, agus nach é Balor an Biatach Beathaithe atá thar a bheith sásta. Tá an Fear Dearg diabhalta sin ar shiúl ar ais go dtí an áit a dtáinig sé as; tá cac na réinfhianna glanta suas agus maisiúcháin na Nollag bainte anuas. Tá císte na Nollag agus maróg na Nollag agus dinnéar na Nollag anois ite agus díleáite; poitín agus pórtar na Nollag anois diúgtha; na cannaí Cadbury’s Roses ite agus na cannaí Dutch Gold ólta. Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na bileoga beaga amaideacha a bhíonn taobh istigh de na pléascóga beaga amaideacha a ceannaíodh Tigh Lidl agus Tigh Aldi.
Tá na paidreacha maoithneacha mainséaracha ráite agus na coinnle lasta anois múchta. Tá na puntaí meáchain curtha suas arís agus na puntaí airgid curtha síos arís. Tá lucht an drogaill i ndiaidh an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach, agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste leis na neasghaolta sa bhaile maidir le hiaróga dhúluachair na bliana. Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú, a bhriseadh... agus a ligean i ndearmad arís.
Is é an rún is doichte agus is daingne agus is dobhriste a dhéanfaidh Balor i mbliana, a léitheoirí, ná… bhuel, tá sé cineál diúltach seachas deimhneach mar rún. Baineann sé le rud nach ndéanfaidh sé seachas le rud a dhéanfaidh. I mbeagán focal, níl Balor chun aon tuar ná aon tairngire a dhéanamh ar chor ar bith ag tús seo na bliana dhá mhíle is a trí déag.
Uimhir an Diabhail
Baineann a staid chráite, dar ndóigh, leis an uimhir dhiabhalta seo 13. Ní hé go bhfuil Balor bocht piseogach ná geasrógach, ach tá deacracht aige – mar atá ag mórán daoine – leis an uimhir áirithe sin. Ní ólann sé riamh trí phionta dhéag; cuireann sé uimhir a trí déag agus uimhir a ceathair déag isteach in aon soitheach amháin agus ólann sé an dá cheann le chéile. Is é an dá mhar a chéile é agus é ag ithe: téann an dá stéig gheadáin - uimhreacha a 13 agus a 14 – isteach i bpluais a bhéil mhóir in aon sclog amháin.
Síleann Balor nach ndíolfar mórán carranna úra i mbliana, fiú agus an uimhir 13 á leanúint ag an uimhir 1 don chéad leath den bhliain agus an uimhir 2 don dara leath. Tá roinnt daoine ar a aithne den bharúil go dtarraingeodh an 132 a dhá oiread de mhí-ádh orthu.
Nuair a ceistíodh Balor go dian faoina chuid deacrachtaí leis an uimhir seo, léirigh sé iad le roinnt samplaí. Ar dtús, thagair sé do na dílseoirí bochta a chaith mí na Nollag ag léirsiú ar na sráideanna i mBéal Feiste agus in áiteanna eile ar fud na Sé Chontae, as siocair gur baineadh brat na Breataine anuas de dhíon Halla na Cathrach i lár Bhéal Feirste. Mhínigh sé dúinn go raibh meán-sainuimhir intleachta (nó meánIQ) de 13 ag na léirsitheoirí bochta. Chomh maith leis sin, ghabh an péas an chuid ba mhó acu trí huaire déag roimhe sin agus thosaigh a gcuid trioblóidí uilig leis an dlí nuair a bhí siad ar fad trí bliana déag d’aois.
Trí bliana déag is ea an aois a shamhlófá do na polaiteoirí a ghríosaigh an lucht léirsithe agus a mheall amach ar na sráideanna iad. Maidir leis an pholaiteoir Aontachtach a cheap an plean i dtús ama chun cac a dhéanamh de Pháirtí an Alliance trí scaiftí dílseoirí feargacha a chur amach ar na sráideanna i mbéal na Nollag, is é a trí déag an toise a shamhlófá don chos mhór a chuir sé isteach ina bhéal féin.
Bás le hAdhairt nó Bás le hOllphéist
Bagraíodh bás anabaí ar thrí pholaiteoir déag taobh istigh de thrí lá dhéag. Cuireadh trí ghnólacht déag as gnó. Nuair a scaoiltear genie na trioblóide amach as an bhuidéal ó thuaidh, is doiligh é a chur ar ais ann, mar is eol do roinnt mhaith de na polaiteoirí ann, ar an drochuair.
Nach mór an trua nár léigh roinnt de na dílseoirí Caibidil 13 den leabhar deiridh den Bhíobla a mbíonn siad ag aithris sleachta as go minic. Apacailipsis Eoin is ea an leabhar sin, nó Leabhar na dTaibhreamh, mar a bheirtear air in amanna. Tosaíonn Caibidil 13 le cur síos ar “An Dragan ag Tabhairt Cumhachta don Bheithíoch.” Samhlaígí drochoíche Shathairn in Oirthear Bhéal Feirste:
Ansin chonaic mé an beithíoch ag éirí as an bhfarraige, agus deich n-adharc agus seacht gceann air, agus deich gcoróin ar a dheich n-adharc, agus ainmneacha diamhaslacha ar a chinn… agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch. Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?” Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.
Bliain úr faoi mhaise daoibh, a léitheoirí dílse. Anois seachnaígí an uimhir sin 13.