AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Bhí Balor Béimeann ar turas chun na Laplainne agus tá scéal ar ais leis. Ní club damhsa de chineál áirithe atá i gceist leis an Laplainn, ach dúiche bheag Dhaidí na Nollag in íochtar an domhain.

Íomhá
Faoileog in amas caca ar an Ghiolla Mór
Íomhá
Bhéarfaidh mé breith ar a aiféala don Ghiolla Mór
Íomhá
An tAire Easláinte ag oscailt otharlainne ina cheantar féin
(sibheritage.nsc.ru ar Flickr)
Íomhá
Ceaptha ag ceamara slándála, ag ligean a scíste
Íomhá
Nollaig Mhór Mhaith Daoibh

Ní fada uainn anois an Nollaig, a chairde, agus ní fada uainn an Fear Dearg a theacht ar cuairt lena chuid bronntanas ar an sleamhnán. Ach is é an gad is gaire don scornach ná cén bronntanas a thabharfaidh sé do cén duine? Seo an cheist a bhí ag dó na geirbe ag Balor bocht. Chinn sé, mar sin, an cheist a chur ar an duine ceart: ar an Fhear Dearg é féin.

As go brách le Balor chun na Laplainne, agus é sa tóir ar Shan Nioclás. Ní raibh sé i bhfad á lorg. Níor ghá dó ach an cosán dearg a leanúint, cosán a bhí breac le buidéil fholmha Coca Cola, agus níorbh fhada gur tháinig sé suas le Daidí na Nollag agus shuigh an bheirt acu síos cois na tine le tamall a chaitheamh ag bothántaíocht, ag béadán agus ag ráflach go míghreannach.

“Ní bhaineann rún na faoistine liomsa ná le mo cheird,” a dúirt Santa, agus é ag míniú do Bhalor go raibh cead aige na litreacha a scríobh daoine chuig Santa a léamh. “Féach ar an cheann seo, mar shampla,” a dúirt an Fear Dearg. “Seo litir ó Éamonn an Giolla Mór ó Pháirtí an Locht Oraibhse. Féach an rud atá seisean ag iarraidh don Nollaig. Cá háit a bhfaighinnse clog draíochta? Tá an húr sin ag iarraidh lámha an chloig a chur siar breis agus bliain chun go mbeadh breith ar a aiféala aige agus nach rachadh sé i gcleamhnas le Fine Gael. Samhlaigh é sin anois, a Bhaloir. Samhlaigh é sin.”

An tAire Easláinte

Léigh Balor an litir go cúramach agus shíl sé go raibh an-chiall ag baint leis an iarratas. “A Shanta, a chara mo chroí,” a dúirt Balor go mánla, “má thagann tú ar a leithéid de chlog draíochta, bheadh spéis agam féin ann.”

Is beag duine nach mbeadh spéis aige i gceann acu,” a d’fhreagair Santa go grod. “Anois féach an méid atá scríofa ag Enda: ‘A Shanta, a chara, is buachaill an-mhaith mé agus bhí mé thar a bheith béasach agus cineálta i rith na bliana. Don Nollaig ba mhaith liomsa Aire Sláinte nua, le do thoil. Má thugann tú é sin dom, a Shanta, beidh mé fiú níos fearr an bhliain seo chugainn. Le grá mór agus croí isteach, Enda.’ Anois caidé do bharúil de sin, a Bhaloir? Ar léigh tú a leithéid de chacamas riamh?”

“An bhfuil tú cinnte gur tusa Santa?” a d’fhiafraigh Balor go hamhrasach. “Níl Santa in ainm focail mar cacamas a úsáid, agus níl Santa in ainm is a bheith ag magadh faoi dhaoine a scríobhann chuige.”

“Tá a fhios agam é sin, a Bhaloir, ach nach iontach an spórt é! Siur níl ann ach an bheirt againn ag léamh na litreacha seo. Ní bheidh a fhios ag duine ar bith eile faoi. An bhfuil tú ag iarraidh ceann nó dhó eile a léamh?”

“Arú, tá an ceart agat,” a dúirt Balor. “Níl ann ach mé féin is tú féin. Ar aghaidh leat. Taispeáin dom cúpla litir eile.”

“Bhuel, seo litir an-aisteach a tháinig chugam ó bheirt iar-Uachtarán na hÉireann, an bheirt Mhary. Nuair a deirim go bhfuil an litir aisteach… bhuel, is é an t-iarratas atá aisteach. Éist leis seo:

‘A Shanta álainn, a chara, tá muid i ndiaidh a bheith inár gcailíní maithe le bliain anuas. Níor ionsaigh muid aon duine go poiblí (seachas easpag nó dhó agus cúpla cairdinéal – agus ós rud é gur cuma le gach duine fúthu sin, glacaimid leis gur cuma leatsa fosta). Mar is eol duit, tá leabhar an duine foilsithe againn ar na mallaibh. Ba mhaith linn go dtabharfá cóip den dá leabhar do gach duine ar domhan mar bhronntanas Nollag, nó tá muid beirt den bharúil go ndéanfadh sé leas an domhain an dá leabhar sin a bheith léite ag gach duine. Tá muid sásta 7,000,000,000 acu a dhíol leat ar €5 an ceann – agus sin sladmhargadh nach bhfaighfeá i Read’s i Sráid Nassau. Ná déan dearmad gur cailíní maithe muid, a Shanta, agus nach bhfuil muid fiú ag iarraidh rud ar bith dúinn féin um Nollaig. Le grá mór ó do bheirt Mhary. XXX’.

Tá Santa Marbh 7 Tá Dia ar Shiúl

Faoin am a bhí an phóg dheireanach léite ag Santa bhí Balor ar fhleasc a dhroma ar an urlár, a dhá chois in airde aige agus é ag béicíl agus ag lúbadh anonn is anall le teann gáire. Thug sé trí iarraidh seasamh suas arís, agus theip air gach uair, bhí sé chomh lag sin leis an gháire. Faoi dheireadh, d’éirigh le San Nioclás bocht Balor a chur ina shuí arís, agus chrom sé ar litir eile a léamh.

“Ar mhaith leat litir ó d’eagarthóir a chluinstin, a Bhaloir,” a d’fhiafraigh Santa.

“Scríobh Seosamh Mac Slua Muirí chugat?” a d’fhiafraigh Balor, agus idir dhíchreideamh agus iontas ina ghlór. “Shíl mé nár chreid sé ionat. Am ar bith a chuaigh mise chuige chun dúthracht nó airgead breise a lorg, dúirt sé liom go raibh Santa marbh. Thaispeáin sé d’uaigh dom, fiú, agus anois tá sé sásta litir a scríobh chugat? Léigh an litir, le do thoil, a Shanta. Léigh an litir.”

‘A Dhaidí na Nollag, a chara mo chroí, bhí mé i mo ghasúr maith le bliain anuas, agus i gcúiteamh air sin ba mhaith liom post eagarthóireachta eile a fháil mar bhronntanas Nollag. Is cuma liom cén páipéar nó iris: Time Magazine nó an Boston Globe nó an Chicago Tribune fiú, fhad is nach gá dom fanacht le Beo Ar Éigean! Is í an deacracht atá agam, a Shanta, ná go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin i ndiaidh a bheith caite amach as a phost le hÚdarás na Galltachta. Agus é anois díomhaoin beidh mé cráite aige. Beidh sé ag ceartú mo chuid ceartúchán gan stad agus cuirfidh sé sin isteach go mór orm. Níl mé ag iarraidh a bheith dubh agus bán faoi seo, ach má ligim dó sin a bheith do mo cheartú, ní fada go mbeidh achan friggin’ húr a scríobhann don liarlóg ag ceartú mo chuid ceartúchán. Cuidigh liom, a Shanta, le do thoil, agus beidh mé i mo bhuachaill maith go deo. Le grá mór, do chara, Seosamh.’

B’éigean do Shanta Balor bocht a thabhairt chuig an otharlann ar a shleamhnán.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.