Bhí barraíocht le háireamh, dar le Balor, ag titim amach ar an oileán iathghlais ach rinne sé iarracht cuntas éicint a thabhairt.
Tá an oiread sin eachtraí aisteacha, aduaine, éagsúlacha i ndiaidh tarlú in Éirinn le mí anuas go bhfuil Balor an Bhéil Bhinn ag dul thart mar a bheadh madadh an dá eireaball ann, é idir dhá chomhairle (nó dhá chomhairle dhéag, b’fhéidir) faoi na scéalta a gcaithfidh sé a shúil nimhe orthu an iarraidh seo.
Ach mar a bheadh súil an tairbh ar an ghiobal dearg, is ar léine bhándearg Mhicí Wallace a bhí súil nimhe Bhaloir ag tarraingt ag deireadh na míosa seo caite. Ní mó ná sásta a bhí lucht na léinte gorma le fear na léinte bándeirge. B’in é fear Loch Garman ag maíomh os comhair an tsaoil nach raibh ina sheilbh ach trí chéad seasca is a cúig léine bhándearga – ceann in aghaidh an lae, mar a dúirt sé féin – nuair a léim duine de phór Fhine Gael ina sheasamh (Sin leid do lucht na gramadaí gur fear a bhí ann) agus a chuir i gcuimhne do Wallace gur bliain bhisigh atá ann i mbliana. Agus é lán de cheartaiseacht agus d’fhíréantacht, chuir sé in iúl don Teachta Pinc gur trí chéad seasca is a sé lá atá sa bhliain 2012, agus go raibh Micí Wallace ag iarraidh an fhírinne a cheilt arís i dtaca lena chuid de mhaoin an tsaoil seo. Ar a chluinstin seo d’fhear Loch Garman, tháinig racht caointe air, agus le tocht ina ghlór, d’admhaigh sé go stadach go raibh cúpla ceann sa bhreis aige i dtarraiceán ina oifig i nDáil Éireann, ar eagla na héigeandála; agus go raibh dhá fhobhríste bhándearga aige fosta.
Cách ag Brú Béarla & Gaeilge ar an Bhanríon
Bhí ceiliúradh nach beag ag Banríon Shasana ar na mallaibh. B’éigean don bhanríon cur suas le go leor i rith a saoil fhada, agus ansin agus í i ndiaidh seasca bliain a chaitheamh ag obair, cuireadh tuilleadh brú ar an bhean bhocht le linn na míosa seo a chuaigh thart. Ar dtús bhí cóisir aici i Sasana féin, ceann a mhair trí lá agus trí oíche. Agus í ag iarraidh néal codlata a fháil ag deireadh an cheiliúrtha, bhí Paul McCartney. Elton John, Tom Jones agus cúig chéad míle duine eile ag béicigh taobh amuigh dá fuinneog i lár na hoíche. Ansin, díreach nuair a shíl sí go deireadh ag teacht lena páis agus a fulaingt, b’éigean di teacht go hÉirinn chun bualadh le Máirtín McGuinness. Bheadh sé sin dian go leor uirthi, ach b’éigean don bhean bhocht cur suas le cuid iarrachtaí Mháirtín cúpla focal Gaeilge a labhairt, an fhad is a bhí siad ag caint le chéile go príobháideach. Áááá an bhean bhocht. Cé a dúirt go raibh saol banríona furasta?
Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí ceiliúrtha, bhí Comhdháil na hEocairiste ann i mBaile Átha Cliath i lár na míosa, agus bhí na mílte ag tarraingt ar Pháirc an Chrócaigh fána choinne – cuid mhór de na daoine cinnte gur léirsiú a bhí ann, eagraithe ag Caitlicigh Chumann Lúthchleas Gael, in éadan na gcluichí Gallda a bhí dá n-imirt sa Pholainn agus san Úcráin. Ach nach orthu a bhí an díomá. Léirsiú ar bith!
Ceiliúradh a bhí ann den Chaitliceachas in Éirinn. Agus cé a bhí i láthair? Michael Dee Ó Daighdeal Dum, an daonnachtaí gáireachtach a labhair go minic agus go láidir i nDáil Éireann in éadan an chléiriúlachais; Enda Álainn Aoibhinn, an Taoiseach a lasc Cliarlathas na Róimhe an bhliain seo caite agus a labhair go láidir faoina ‘narcissism’. Bhí siad ar fad ann, agus maithe agus móruaisle Pháirtí an Lucht Oraibhse go mór ina measc. Ba mhaith ann é mar Chomhdháil.
Meitheal Merkel ar Seal Foscaidh
Agus, ós ag caint dúinn ar na cluichí Gallda, nach iontach an chraic a bhí ag lucht leanta fhoireann Phoblacht na hÉireann agus iad thar lear; agus nach iontach an meas a thuill siad sna cathracha agus sna bailte móra sin i bhfad ó bhaile. Ba bheag nach maithfeadh Balor an chreachadóireacht a rinne siad ar bhratach na hÉireann do na tacaithe sin a scríobh “Angela Merkel Thinks We Are At Work” ar an trídhathach, agus a chuir an bhratach ar taispeáint in Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus iad ar a mbealach chun na Polainne. Bhí lucht leanta fhoirne na dtíortha eile faoi dhraíocht ag amhránaíocht na nÉireannach, ag an spiorad a ghin siad gach áit a ndeachaigh siad, agus ag a gcairdiúlacht agus a láíocht.
Agus cad é faoi na cluichí féin? Bhuel, bhuail Balor le hÉamonn Grumpy cúpla lá i ndiaidh d’fhoireann Phoblacht na hÉireann a bheith caite amach as an chomórtas. Bhí Éamonn le ceangal. Seo mar a dúirt sé:
“Tá mo chroí i mo bhróga. Roimh an chomórtas, bhí mé ar mo chapall ard, mar a bhí gach duine anseo sa stiúideo. Bhí muid ar fad ag súil le bheith ar scamall a naoi. Ó bhí an chraic nócha thart anseo in RTÉ. Ní raibh muid ag súil go dtabharfadh an fhoireann suas an taibhse chomh luath sin. Bhí muid ag súil le i bhfad níos mó uathu, agus ón eeeeejit sin d’Iodálach atá ina mbun. Ach ba mhaith liom é seo a chur ar an cheirnín anois: Bhí muid ag tafann suas an crann mícheart. Tá Trap crap! Tá sé crap agus sin sin! Anois, tá a fhios ag an saol mór nach bhfuil aon ghrá caillte idir an bheirt againn, ach caithfidh mé é seo a rá: Mura n-athraíonn sé an bealach atá aige, beidh a chuid oibre gearrtha amach dó, mar go bhfuil peileadóirí maithe ag éirí tanaí ar an talamh. Beidh air dul ar ais go dtí cearnóg a haon. Marcáil tusa mo chuid focal. Níl mise sásta a bheith ag bualadh thart faoin sceach! Déarfaidh mé é mar a fheicfidh mé é! Níl gach rud tobar a chríochnaíonn tobar. Déanann sé mo chloigeann isteach. Tá mé in aice liom féin le fearg. Níl a fhios agam cad a bhfuil sacar na hÉireann ag teacht go dtí! Faigheann an bainisteoir sin cosa fuara i gcónaí. Dúirt mé cheana é, agus déarfaidh mé arís é: Tá Trap crap, agus sin sin!”
Agus sin sin!