Ní mó ná sásta atá Balor ó fáisceadh gobadán i mbéal roinnt bheag de na sagairt, an dream sagart a thuig go ndearna an béal druidte dochar mór do na daoine cheana agus labhair siad amach.
Mar is eol daoibh, ní haon Chríostaí é Balor s’againne. Creideann sé go daingean sna seandéithe: Crom Dubh, Lugh, Danú… agus ann féin, dar ndóigh. Ach is mór an meas atá aige orthu siúd a chaitheann a saol go dílis agus go neamhbhalbh de réir bhriathar agus shampla Saor Adhmaid Nasaireit, an Giúdach Palaistíneach a bhfuair údaráis na Róimhe réidh leis ar an chros siocair nach raibh sé sásta a bhéal a choinneáil druidte.
Ag tús mhí álainn seo an Mheithimh tá Balor bocht ar buile; tá sé le ceangal; tá sé ina chaor mhire. Is é atá ag dó na geirbe aige ná go bhfuil údaráis na Róimhe de chuid na hEaglaise Caitlicí Críostaí ag bualadh bachaille ar iriseoirí bochta na hÉireann. Ní Balor féin atá faoi thromaíocht acu (“ar an drochuair,” a chluinim cuid agaibh ag rá!) ach is ar dhornán beag de shagairt chróga, mheáite atá an bhachall ag titim. Tá a fhios ag an saol mór gur sagairt iad seo a bhfuil meas ag an phobal orthu, agus gur sagairt iad a sheasann i lomchodarsnacht le cuid áirithe eile den chléir.
Is binn béal ina thost, a deirtear, agus is binn le húdaráis na hEaglaise béal an duine nach n-aontaíonn leo ar achan bhealach a bheith ina thost fosta. Ach is daoine iad na sagairt seo, fearacht Íosa Críost féin, nach raibh sásta a mbéal a choinneáil druidte nuair a chonaic siad éagóracha thart orthu, ná go raibh géarghá le rudaí a athrú.
Bá ar Leith le Colúnaithe agus Iriseoirí
Tá cúigear acu ann, agus tá siad uilig ina mbaill d’oird rialta in Éirinn. Tá fear acu, Seán Fagan, ceithre bliana agus ceithre scór d’aois. Níl an tsláinte go maith aige. Bagraíodh tuathú air dá bhfaigheadh an pobal amach go raibh sé balbhaithe ag an Eaglais. Tá Tony Flannery agus Gerard Moloney ina mbaill d’Ord an tSlánaitheora, duine acu ina eagarthóir ar an iris Reality agus an fear eile ina cholúnaí rialta leis an iris chéanna. Tá bá ar leith ag Balor le colúnaithe agus iriseoirí, agus tuigeann sé dá gcuid deacrachtaí, ach níor shamhlaigh sé riamh an pionós a cuireadh ar Tony bocht Flannery. Seoladh an fear bocht isteach i mainistir le machnamh domhain a dhéanamh ar thábhacht shuáilce na humhlaíochta, agus le go mbeadh deis aige breith ar a aiféala. Trí mhilliún líne atá le scríobh aige: “Ní bheidh mé míréireach d’údaráis na hEaglaise riamh arís.”
Tá an tAthair Owen O Sullivan ina Chaipisín bocht, duine de lucht leanúna Naomh Proinsias Assisi. Is é an peaca marfach a rinne an fear seo ná gur scríobh sé na focail dhiamhaslacha seo in alt dá chuid: “Same-sex attraction is simply a facet of the human condition”. Mhol sé dúinn gan a bheith ag caitheamh anuas ar an mhuintir aerach, ach grá Dé a thaispeáint do gach duine. Cár chuala muid a leithéid cheana?
An cúigiú duine a balbhaíodh ar na mallaibh ná an tAthair Brian Mac Dorchaí, an sagart cáiliúil sin de chuid Ord na Croise agus na Páise, fear cróga, oscailte, Críostaí, a bhfuil a shaol caite aige ag cuidiú le daoine. Níl cead aige anois rud ar bith a fhoilsiú gan an cháipéis a bheith curtha faoi bhráid cinsire roimh ré. Is binn béal ina thost. Seo é an fear a mbíodh Dermot Morgan, nó Father Ted, mar ab’ fhearr aithne air, ag magadh faoi mar Father Trendy. Níl sé chomh trendy sin anois, nó ní raibh ábhar a chuid alt trendy dar le muintir na Róimhe.
An Cairdinéal Liam Ó Leamh-mhadaidh
Meiriceánach – fear ó thír sin na saoirse cainte – atá taobh thiar den bhalbhú seo ar fad: an Cairdinéal William Levada, fear atá ina cheann ar an Chuallacht um Theagasc an Chreidimh, nó an Congregatio pro Doctrino Fidei. An seanainm Béarla a bhíodh ar an chuallacht seo ná The Supreme Sacred Congregation of the Roman and Universal Inquisition. Iontas na nIontas! Agus cé a bhíodh ina cheann ar an chuallacht seo roinnt blianta ó shin? An Cairdinéal Joseph Ratzinger, nó an Pápa atá anois ann.
Is í an chúis go bhfuil na sagairt seo i dtrioblóid ná gur scríobh siad ar fad faoi ghné éigin de ghnéas nó de chollaíocht. Nach mór an méid atá ar eolas ag údaráis na hEaglaise Caitlicí faoi chúrsaí collaíochta, agus na fir sin ar fad in ainm a bheith aontumhach, gan de leannán acu ach Dia féin.
Seachas sin ar fad, nach iontach an uirlis í an balbhú; agus nach iontach an fheidhm a thig a bhaint as. Ritheann sé le Balor go mbeadh sé thar a bheith áisiúil mar arm agus mar uirlis smachtaithe i saol tuata na hÉireann. Rithfí gach bille agus gach reifreann, olc nó maith, gan cheist. Bheadh an tUiginneach Mór Sóisialaí ar an dól, agus ní bheadh Shane Ross in ann a shuí ar an chlaí. Bheadh Éamó Ó Caoimhnis ar ais…
Ach, a deir Balor leis féin… Ach fan bomaite, a deir sé… Nach bhfuil mantóg ar Éamó cheana féin, nuair nach bhfuil cead aige a ghob a oscailt faoi chúrsaí na hEorpa ná faoi chúrsaí airgeadais ná faoin reifreann mór seo? Nach gasta mar a d’fhoglaim Micky Martin a cheird ón Eaglais Chaitliceach? Ach i ndeireadh na dála, nach Caitlicigh mhaithe dhílse iad muintir Fhianna Fáil? Agus nach dílis atá Ó Caoimhnis don pháirtí agus don tír agus don chreideamh - cibé creideamh féin a bhfuil sé dílis dó.
Agus, ag smaoineamh siar air, nach mór an suaimhneas a bhí againn sa tír seo ó balbhaíodh Éamó? An chéad uair eile a bheidh Balor ar cuairt ar Enda Álainn, beidh sé ag moladh dó an balbhú a leathnú amach ar fud na tíre, agus b’fhéidir nach aon dochar é Cúistiúnacht a bhunú sa tír seo, agus an phríomhoifig a bheith i dTithe an Rialtais. Gan a bheith ag éisteacht le Merry Loo gach oíche ar an Nuacht?
Ó, is binn béal ina thost!