AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tuigeann Balor cé uaidh a d’fhoghlaim Aingeal Aingiallta Gearmánach cleas na n-iliomad cánacha. “Uaitse a d’fhoghlaim mise” a dúirt sí.

Íomhá
Ár bhfís - cad is fiú leathmhilliún
Íomhá
Aingeal Aingiallta
(le Armin Linnartz ar Vicipéid)
Íomhá
Bertram Borrach Bearránach
Íomhá
Edna an Taoiseach Tréan

Tharla i dtrátha an ama sin gur chuala Edna Álainn an Taoiseach Tréan iomrá ar bhanlaoch a bhí ina cónaí ar an Domhan Thoir. Aingeal Aingiallta Gearmánach a bhí ar an bhean seo; agus chuala Edna go raibh cleas aici nach raibh ag ceannaire ar bith eile ar chlár na cruinne ach í féin, agus go raibh sí in innimh an cleas seo a úsáid arís agus arís eile chun airgead a bhailiú de réir mar a theastaigh uaithi, chun an Ghearmáin a choinneáil i mbarr a réime mar phríomhthír thábhachtach an Domhain Thoir. Agus ní dhéanfadh sé a dhath gnoithe d’Edna an Taoiseach Tréan ach a ghabháil ann agus an cleas seo a fháil dó féin agus do thír na hÉireann; nó ba é a shantaigh Edna ní ba mhó ná rud ar bith eile ar an domhan ná tírín beag iathghlas seo na hÉireann a bheith arís mar eiseamláir geilleagair agus airgeadaíochta don chuid eile den Domhan Thoir, mar a bhí faoi cheannas a dheargnamhad Bertie Borrach Bearránach.

Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin samhraidh, chomh tiubh géar is a nocht ball bán ar an lá, ghléas Edna an Taoiseach Tréan é féin fá choinne an tsiúil: Grecian 2000 ar a chuid gruaige gleoite; lúireach láidir den Kevlar crua thart ar a choim seang singil; bróga nua na sál ard inmheánach rúnda ar a dhá chois; léine de dhath spéir an tsamhraidh os cionn na Foraoise Duibhe ar a chliabhrach caomh; agus culaith Louis de scoth an tsíoda agus an tsróil ar a cholainn fhearúil bhreá. Agus nuair a chonaic a chairde é gléasta mar a bhí, dúirt siad go mba mhór an trua é a bheith ag scaradh leo, nó nach raibh fear ar bith ar an domhanchlár a bhí in inmhe dul chun spairne leis ó thaobh na háilleachta agus na cumhachta agus na cumhrachta de.

Ceist don Daoscarshlua Amháin

“Ar íoc tú do mhuirear teaghlaigh go fóill, a Edna Álainn?” a d’fhiafraigh Phil Fial Fiáin de agus é ar tí imeacht.

“Effeáil leat!” a d’fhreagair an Taoiseach Trian ar chasadh thart dó. “Coinnigh ceisteanna mar sin don daoscarshlua.” Agus leis sin, d’fhág sé slán agus beannacht ag cairde a chomhchumainn Ghaelaigh, agus a sheacht mallacht ar bhodaigh an pháirtí eile, agus d’imigh sé leis as go brách agus amach ar an doras.

Ba chorrach casta crua an bealach a bhí aige le gabháil, ach mar sin féin chuaigh sé ar aghaidh. Ní dhearna sé stad mara ná mórchónaí gur shroich sé teorainn thír na Gearmáine. Nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éiníní beaga na coille craobhaí ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, shroich sé caladh agus cuan i bpríomhchathair an Domhain Thoir.

“A Spéirbhean Álainn Aoibhinn,” a dúirt sé le hAingeal Aingiallta Gearmánach, “tá mé anseo le cleas a fhoghlaim uait. Is éachtach an bealach atá agat le hairgead a shú isteach ó chosmhuintir na Gearmáine, agus tá mé ag iarraidh a fháil amach caidé an dóigh a ndéanann tú é?”

“Bhuel, a Edna Álainn,” a dúirt an Seansailéir go seascair, “tá a fhios ag an saol mór nach agamsa atá an cleas sin, ach agat féin. Tá muintir bhocht thír na hÉireann bánaithe agat: tá Tubs agus Kenny agus Marian agus Miriam anois ar an trá fholamh, gan acu ach ón lámh go dtí an béal. Caidé is fiú leathmhilliún sa bhliain do dhaoine mar sin? Bhí sé chomh maith agat iad a chur amach ag iarraidh déirce. Ach fós féin, tá siad sásta an milleán a chur ar an dream a chuaigh romhat.”

I nDomhnach, Maitiúnas na mBrocanna

“Ó a Spéirbhean Chumhachtach na Céine agus na Ciandachta, ní hiad sin a thagann idir mé agus codladh na hoíche. Bíonn siad siúd róchruógach ag scríobh fógraí leithscéil le cur amach ar RTÉ le bheith ag tabhairt fúmsa. Bhí lá amháin ann i rith na míosa seo caite nár craoladh leithscéal ar bith, agus bhí an tír ina raic. Is mó go mór an trioblóid a bhíonn agam le mo chomhghleacaithe sa Rialtas: muintir Pháirtí an Locht Oraibhse. Tá a fhios agam go síleann daoine gur maith an rud é go bhfuil dream eile i gcumhacht liom le go gcuirfidh mé an locht orthu ó am go chéile, ach le leithéidí Pádraig an Coinín agus Moan Burton, is beag an seans a bhíonn agam ualach an mhilleáin a roinnt.”

“Ós ag caint dúinn ar sheans, a Edna, más uaigneach saol an tSeansailéara, is uaigní fós saol an tSeansálaí; agus ní miste dom a rá nár casadh dom riamh seansálaí níos mó ná tú féin, a chara mo chroí. Ach mar sin féin, is suáilceach an seansálaí tú. Agus ar an ábhar sin, bhéarfaidh mé comhairle do leasa duit. Bí dian orthu. Bí dian ar gach duine. Mar is déine a bheas tú mar is mó meas a bheidh acu ort. B’fhéidir nach mbeidh cion acu ort, ach nach cuma sa tsioc faoin chion. Cén ceannaire mór a d’fhág cion le huacht ariamh? Ní miste duit an meas a thuilleamh, a Edna, agus mar is measa a chaithfidh tú leo mar is fearr…

Tosaigh leis na páistí scoile agus na seandaoine atá ag brath ar an phinsean; ansin bain oiread agus is féidir leat de na daoine le míchumas. Nuair a bheas an méid sin curtha i gcrích agat, dírigh orthu siúd atá as obair agus ar na daoine nach bhfuil airgead a ndóthain acu le hárachas sláinte príobháideach a cheannach, díreach mar atá ar siúl agam féin anseo.”

“Ach, a Spéirbhean, nach é sin atá ar siúl agam cheana féin?”

“Nach é sin a dúirt mé leat ag an tús, a Edna, gur uaitse a d’fhoghlaim mise an cleas. Caith siar an Riesling sin agus bailigh leat abhaile, a Sheansálaí, agus tarraing an doras sin amach i do dhiaidh.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.