AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tá a fhios ag Balor anois nach 19 n-eagraíocht Ghaeilge atá ar aghaidh urchair Fhoraois na Gaeilge. Is léir gur fiche eagraíocht atá i mbaol a scriosta ag Foraois an fhill.

Íomhá
Easpa tionraimh a mharaigh an tOireachtas
Íomhá
Ardán an Erectais
Íomhá
Corn Uí Riada
Íomhá
Bríd Mac Giolla Riada
Íomhá
Doras CnaG, doras CnioGtha feasta
Íomhá
Gleann an Fheallaire

“Tá an bonneagar atá riachtanach chun freastal ar riachtanais lucht labhartha na Gaeilge ar tí a scriosta!” Sin téacs na teachtaireachta atá ag dul thart ó dhuine go duine i saol na Gaeilge san am i láthair mar a bheadh spideog ag eitilt ó chrann go crann. “Nó damhán alla ag fí neide le daoine a tharraingt isteach inti, b’fhéidir!” a dúirt Balor an Bhéil Bhinn nuair a chuala sé faoin fheachtas atá ar siúl.

Cad é an rud é ‘an bonneagar riachtanach’ seo atá ag teacht idir muintir na Gaeilge agus codladh na hoíche? Sin an cheist a chuir Laoch na Litríochta ar roinnt de mhaithe agus de mhóruaisle na Gaeilge a bhí ag freastal ar chruinniú rúnda i bpluais Bhaloir ar na mallaibh. Is é atá ann, i ndáiríre, ná go bhfuil Foraois na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le bunmhaoiniú bliantúil d’eagraíochtaí áirithe Gaeilge, agus córas a chur ar bun ina áit sin faoina n-iarrfar tairiscintí ar scéimeanna trí bliana i réimse teoranta gníomhaíochtaí.

“Arú, éirigh as an chac!” a dúirt Balor go breá béasach, “agus inis an scéal mar atá! Nach é go bhfuiltear ag iarraidh fáil réidh leis an Oireachtas, agus nach bhfuil Foraois na Gaeilge ar na craobhacha!” Agus leis sin, shuigh sé siar agus straois air mar a bheadh ar chollach a raibh pian ina bholg agus ina thóin.

A Dhia, Saor Éire!

Léim Éamó Ó Caoimhnis chun tosaigh. “Nach ar an údar sin a d’éirigh mise as binse tosaigh Fhianna Fáil – Oireachtas na Gaeilge… agus na dabhcha séarachais, chomh maith: an dá chúis is gaire do mo chroí, agus is gaire do chroí Gaeilgeora ar bith ar fiú tráithnín é. A Dhia saor Éire, agus Oireachtas na Gaeilge, agus na dabhcha séarachais!” Agus shuigh sé siar arís agus cuma na sástachta air.

Sheas duine gan ainm, duine a bhí faoi bhréagriocht ó bhaithis go bonn, agus nach rabhthas cinnte faoi (nó fúithi) an fear nó bean a bhí ann (nó inti) agus labhair sé (nó sí) amach i nguth a bhí lán d’fhearg agus d’fhiamh: “Bíonn gach duine i gcónaí ag tabhairt amach agus ag gearán agus ag ceasnaí faoi Fhoraois bhocht na Gaeilge; ach ní dhearna an Fhoraois aon rud ar aon duine riamh. I ndáiríre, ní dhearna an Fhoraois aon rud ar chor ar bith le blianta fada, ááááááá… go dtí anois. Ní raibh sibh sásta nuair nach ndearna an Fhoraois tada, agus níl sibh sásta nuair a dhéanann an Fhoraois an rud beag seo. Ní hé go bhfuil an Fhoraois ag iarraidh fáil réidh leis an Oireachtas. Níl ansin ach ráfla mírúin. Ag iarraidh an tOireachtas a fheabhsú atá siad; ag iarraidh an tOireachtas agus ocht gcinn déag eile de na heagraíochtaí Gaelacha a fheabhsú atá siad.” “A dhuine gan ainm agus gan ghnúis,” a d’fhiafraigh Balor, “cén dóigh a thig leo rud a fheabhsú má tá siad i mbun é a chur chun báis?”

Tarrthaigh an Damhsa!

“Ach níl siad ag marú a dhath ar bith,” a d’fhreagair an duine gan ainm agus gan ghnúis. “Níl siad ach ag baint maoinithe de naoi gcinn déag de na heagraíochtaí deonacha is mó ar an oileán seo. Ní hionann sin is a rá go bhfuil siad chun iad a chur chun báis. Tá a fhios ag an saol mór, tar éis an tsaoil, go bhfuil na heagraíochtaí sin ag brath go hiomlán ar airgead an Stáit, ach an cóir go mbeidís, tar éis an tsaoil? Nach ceart dóibh bealaí eile a fhiosrú le hairgead a fháil? Tar éis an tsaoil, tá go leor airgid amuigh ansin ach a bheith in ann teacht air, tar éis an tsaoil.”

“Cé thú, a dhuine anaithnid, tar éis an tsaoil?” a d’fhiafraigh Liam Lách Ó Maoleejit ó Oireachtas na Gaeilge, a raibh maide gailf ina ghlac aige, agus é a luascadh anonn is anall le buille a chuid cainte agus le buile a chuid feirge. “Cé thú atá sásta seasamh na Foraoise a chosaint anseo i bPluais Bhaloir? Cé thú atá sásta le cinneadh na Foraoise gan dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí Gaeilge faoin gceist seo? An cuma leatsa nach mbeidh todhchaí i ndán don amhránaíochta ar an sean-nós? An cuma leat todhchaí an Lúibín, nó todhchaí an damhsa ar an sean-nós?”

“Sea! Cé thú?” a d’fhiafraigh Éamó Ó Caoimhnis. “Cé thú atá sásta an scian a shá isteach i gcroí an Lúibín – an ealaín is gaire do mo chroí féin… sea! é sin agus an amhránaíocht ar an sean-nós a bhfuil an-ráchairt air i mo dháilcheantar féin; agus an tAgallamh Beirte atá an-láidir faoi Chorr na Móna; agus an damhsa ar an sean-nós atá thar a bheith láidir i gConamara, agus a bhfuil muintir Iarthar na Gaillimhe ina máistrí air… agus ina máistreásaí air, chomh maith. Is iad na cásanna is gaire do mo chroí iad na healaíona dúchais, agus Oireachtas na Gaeilge, agus na dabhcha séarachais; agus an drámaíocht, dar ndóigh; agus na dabhcha séarachais; agus tithe a bheith saor ó tháillí; agus na dabhcha séarachais …”

Gealadh Breá faoi Fhoraois na Gaeilge

“Is cuma daoibhse cé mé,” a d’fhreagair an duine anaithnid. “Ach tá meitheal ollúna amuigh ansin ag cur achainíocha le chéile, agus ag cothú mírúin agus míshástachta i measc mhuintir na Gaeilge faoi rudaí nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leo. Shílfeadh duine go raibh gach eagraíocht Ghaeilge i mbaol, ach níl. Nach bhfuil gealadh breá faoi Fhoraois na Gaeilge? Agus nach bhfuil muid uile-Éireannach anois – nó uile-oileánda mar is nós liom féin a rá anois le nach mbeidh mé ag cur isteach ná amach ar dhuine ar bith.”

“Ach, a dhuine gan ainm is gan ghnúis is gan chiall,” a dúirt Balor faoi dheireadh. “A dhuine gan rath, tá sé tugtha faoi deara agam nach bhfuil an liarlóg Beo Ar Éigean! luaite ar an liosta de na heagraíochtaí atá i mbaol a scriosta. Anois, tuigim nach eagraíocht atá ann, ach bíonn cuma na heagraíochta ar an liarlóg in amanna; nuair a bhíonn Seosamh Ó Slua Muirí ar a laethanta saoire, mar shampla, agus mé féin mar eagarthóir sealadach. Is í an cheist atá agam, a dhuine anaithnid, ná an maith an rud é sin nó a mhalairt?”

“Ó tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir. Bhí dearmad glan déanta agam de Beo Ar Éigean!” a d’fhreagair an duine gan ainm. “Ach míle buíochas leat as é a chur i gcuimhne dom. Fiche eagraíocht atá anois ar tí a scriosta. Maith thú, a Bhaloir; maith thú!”

Beidh muid ag caint ar an mhí seo chugainn, b’fhéidir!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.