AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tá Balor den tuairim go n-iompóidh ceannaire agus cuaille taca na dea-thola a dhroim le Straitéis na Dea-Teangan. Ní fios do Ghaelneachaibh an tráth so an Cat Mara a bheith rompu amach ná lena gcúl.

Íomhá
Vincentius Brownius na gcruacheisteanna
Íomhá
Dinnius Mac Ginlicus, ar dheis, i mbun Straitéise
Íomhá
Taa mé fear ar son Gaeilg fosta
Íomhá
Táim fear ar son Gaelainn leis
Íomhá
Endus Goodus Allus Goodus, Impire na hÉireann

Agus tharla sna laethanta sin gur tháinig deireadh faoi dheireadh lena raibh ar siúl sa tír ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus lenar samhlaíodh do dhaoine a bheith ar siúl ar feadh daichead seachtain agus daichead mí agus daichead bliain. Tháinig deireadh faoi dheireadh le fiacla á nochtadh agus cloigne dá gcroitheadh, le doirne san aer, le cos ar bolg, le béiceacha agus screadanna agus scréacha. Le deireadh a chur lena raibh ar siúl ar feadh an ama sin, tháinig forógra amach ó Endus Goodus Allus Goodus, Impire na hÉireann. De réir fhorálacha an fhorógra sin, b’éigean do gach fear agus do gach bean dul ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as, le go n-áireofaí iad chun vóta a chaitheamh don churadh ab’ áil leo a bheith ina chónaí (nó ina cónaí, mar nach bhfuil rud ar bith cinnte sa lá atá inniu ann) in Áras na nDaoine sa Phoeno.

Agus i ndiaidh do mhuintir bhocht na hÉireann dul ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as, agus vótaí a chaitheamh de réir a dtola agus a méine agus a ndúile, thit mar a bheadh tost ar an tír, agus níor chualathas glór cantalach Chathail Mhic Ceithearnach Coille ag múscailt daoine ar maidin ná glór séimh binn Vincentius Brownius ag cur daoine ina dtámhnéal suain san oíche. Níor chualathas gíog ná míog ná amhrán ar an sean-nós féin, ná dán ar bith de chuid Michael Dee Ó Daighdeal Dum, agus thit ciúnas damanta ar cheithre chúige na hÉireann. Agus amach as lár an chiúnais dhamanta sin a chualathas glór binn nár chualathas binneas dá leithéid ó bhí Ré Órga na hÉireann ann: glór a tháinig aniar aduaidh ar mhuintir bhocht bhrúite na tíre; glór ón Iar-Thuaisceart. Dinnius Mac Ginlicus, fathach na Gaeilge, fear feasa feachtnach fíréanta a bhí ann. Chroch Dinnius suas a threabhsar agus a mhisneach agus labhair amach go neamheaglach, neamh-fhéinchúiseach, neamhfhuadrach:

“Iad siúd a bhfuil súile acu le hamharc leo, amharcaidís ar laoch seo na Gaeilge Gaelaí; agus iad siúd a bhfuil cluasa acu le héisteacht leo, éistidís le Gaeilge álainn líofa bhinn Chúige Uladh; agus iad siúd a bhfuil béal acu le hithe leis agus sceadamán acu le hól leis, bíodh greim le hithe agus cúpla pionta le hól acu liomsa ar dtús.”

Déan Dearmad de Straitéis na Dea-Teangan

Agus le linn do na mílte d’fhíréin na hÉireann a raibh súile acu le hamharc leo agus a raibh cluasa acu le héisteacht leo a bheith ag ithe agus ag ól le Dinnius Mac Ginlicus, sheas Dinnius suas agus labhair i nguth a bhí lán d’fhearg agus de shéimhe, lán de mhórtas agus d’umhlaíocht, agus dúirt: “Anois go bhfuil rás an Árais rite agus rás an Uachtaráin rite, is ceart agus is cóir dúinn aire mhuintir bhocht chráite bhuartha na hÉireann a dhíriú ar rudaí níos tábhachtaí agus níos mórchúisí, mar atá staid na Gaeilge sa tír seo. Ón am ar bunaíodh an stát seo níor thug aon rialtas nó aon Aire Gaeltachta faoi cheist na Gaeilge mar is ceart. Tá sé in am againn dearmad a dhéanamh den Straitéis Fiche Bliain; de na pleananna agus na bearta agus na scéimeanna. Níl ach an t-aon rud amháin ann a chuirfidh teanga ársa álainn ár sinsear ar ais ar a cosa féin...”

Agus leis sin, chas sé ar phort nár chualathas go hoscailte in Éirinn ó ritheadh Acht na hAontachta ag tús an naoú haois déag: ceannach agus breabaireacht.

“Ní mé an duine is fearr le bheith ag caint faoi cheannach agus faoi bhreabaireacht, nó ní thuigim go díreach cad é atá i gceist leo; ach ar son na hÉireann agus – mar a dúirt Michael Dee ó Daighdeal Dum arís agus arís agus arís agus arís eile, agus mar a déarfaidh sé Lá an Insealbhaithe – “ar son leasa agus fónaimh mhuintir na hÉireann”, tá mé sásta dul i ngleic leis an choincheap seo agus é a chur ag obair ar son leasa agus fónaimh mhuintir na... Gaeilge. Mar sin, fógraím na foraitheanta seo a leanas:

Seacht nAitheanta na hAthstraitéise

  • Uimhir a hAon: Íocfar trí chéad Euro sa tseachtain le tuismitheoirí nó caomhnóirí páiste ar bith a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil, fhad is a bhíonn an páiste sin ag freastal ar an Ghaelscoil, agus fhad is a fhoghlaimíonn an páiste sin ar a laghad abairt nua Gaeilge amháin in aghaidh an lae. Ní ghlacfar le leithéidí “Mise’s dog is tinn”“Mise doesn’t like tusa”“Tusa has very nice... Gaeilge” mar abairtí Gaeilge, fiú i nGaelscoileanna.

  • Uimhir a Dó: Íocfar trí chéad Euro sa tseachtain le tuismitheoirí nó caomhnóirí páiste ar bith a fhreastalaíonn ar scoil Ghaeltachta ina bhfuil Gaeilge mar theanga chumarsáide phobal na scoile. Tá ceithre scoil mar sin aimsithe ag oifigigh mo Roinne go dtí seo, ach beidh muid ag súil le teacht ar níos mó acu i ndiaidh scaipeadh na foraithne seo.

  • Uimhir a Trí: Íocfar liúntas speisialta dhá mhíle Euro sa tseachtain, saor ó cháin, le múinteoirí bunscoile na hÉireann atá in ann trí abairt Ghaeilge a chur le chéile gan stad, gan scíth, gan snag, gan tuisle, gan mhéanfach. Ní ghlacfar le habairtí dá leithéid seo a leanas: “Tá tusa ag tafann suas an crann mícheart” nó “Ba mhaith liom é seo a chur ar an cheirnín,” nó “Níl a fhios agam cad a bhfuil an domhan seo ag teacht go dtí.”

  • Uimhir a Ceathair: Bunófar bealach teilifíse nua a dtabharfar TG5 air, agus nach gcluinfear focal ar bith den Sacs-Bhéarla air. Gaeilge a bheas á chraoladh ar an stáisiún seo, agus Gaeilge amháin, fiú i rith fheachtais toghchánaíocht Uachtaránachta. Fiú Clog an Aingil, is i nGaeilge a bhuailfear é. Íocfar liúntas de chúig mhíle Euro sa mhí le teaghlach ar bith a fhéachann ar an stáisiún seo, agus ar an stáisiún seo amháin, agus a bheidh in ann deich gceist shimplí a fhreagairt ag deireadh gach míosa faoina raibh ar siúl ar Ros na Rún i rith na míosa sin. Is leor dhá cheist a fháil ceart chun onóracha a bhaint amach sa teist seo.

  • Uimhir a Cúig: Íocfar liúntas speisialta de cheithre chéad Euro sa bhliain, saor ó cháin, le hAire na Gaeltachta agus le hAire Stáit ar bith sa Roinn sin. Duine ar bith a dhéanann gearán faoi na socruithe seo, nó a léiríonn míshástacht ar bith, bainfear gach liúntas díobh.

  • Uimhir a seacht: Suas leis an Ghaeilge! Go maire ár dteanga beo! Go maire ár nGaeilge slán! Fad saoil do Michael Dee Ó Daighdeal Dum! Gach fear faoi ruball a bhó féin! Feisíodh gach bean ina rogha leapa féin ag Oireachtais na Gaeilge!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.