AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tuigeann Beairic mar a thuigeann Balor gur in Éirinn na ndaoine glasa agus na lúchorpán a roinntear go fial na tuarastail is airde.

Íomhá
Beairic Obama, Uachtarán SAM
Íomhá
Donncha Mag Fhionnghaile, Aire na Gaeltachta
Íomhá
The West Wing, an eite thoir is an eite láir
Íomhá
An eite theas

Balor na Súile Nimhe ar bís lena scaob a chraobhscaoileadh le muintir na hÉireann ar fad, agus go speisialta le léitheoirí dílse Beo Ar Éigean (an cúigear acu). Bhí Fear na Súile Nimhe a luaithe agus=as soon as">="gloss" title="visiting">ar cuairt, a léitheoirí; ar cuairt faoi rún, ba é Balor na Súile Nimhe an t-aon iriseoir Éireannach amháin a fuair cuireadh ar leith ó Bheairic Ó Bama chun agallamh a chur air san Oifig Ubhach, sula dtiocfaidh anseo ar a chuairt stáit.

Seachtar ball den tSeirbhís Rúnda a ransaigh agus a cheistigh é go mion sula scaoilfí isteach sa Teach Bán é, ach a luaithe agus a thuig siad gur Balor a bhí ann, ghabh siad a leithscéal agus rinne siad é a thionlacan fríd an teach mór, gan stad gan bhac gan bharradh go dtí oifig an Uachtaráin. Bhí Balor in oifig Uachtarán na hÉireann cheanaar cheann de na cuairteanna a eagraíonn Oifig na nOibreacha Poiblíach is mór idir an oifig. oifig Bhama níos fairsinge fiú mar a amharcann ar The West Wing. cosán gluaiste ann, mar a bhíonn in aerfoirt, chun Beairic a thabhairt thart.

D’fhear an tUachtarán fáilte mhór Mheiriceánach roimh Bhalor agus chuir é ina shuí go sócúil le gloine ina chrobh agus Pall Mall ina bhéal, mar a bhí aige féin, agus chrom siad ar an chaint.

Bhuel, a Bhaloir,” arsa Beairic, “ súil agam go raibh turas pléisiúrtha agat ar do bhealach anseo. Caidé mar a thaitin Air Force 1 leat?”

Ó bhí ar fheabhas ar fad, a Bheairic,” arsa Balor. “ thar a bheith buíoch díot as d’eitleán pearsanta a chur mo choinne…”

Tuarastail Mhóra na hÉireann

Céad fáilte romhat, a Bhaloir, ach liomsa é ar chor ar bith. Is le muintir Mheiriceá é. Níl agam féin ach ón lámh go dtí an béal, i ndáiríre. Ar an trá fholamh atá i gcomórtas le polaiteoirí agus baincéirí agus craoltóirí na hÉireann. Cinnte, tuarastal ag Pat Kenny s’agaibhse ar RTÉ atá ceithre huaire níos mo cheannsa; agus níl eitleán chuid féin aigeseango fóillín. an bhfuil?”

Níl, a Bheairic, go fóill beag. Ach feictear dom go bhfuil Pat Kenny ar liosta na ndaoine a bhfuil ag iarraidh bualadh leo nuair a thiocfaidh go hÉirinn. Cad tuige sin?”

Bhuel, is mór an méid atá le foghlaim agam uaidh. Ba mhaith liom a fháil amach, mar shampla, cén dóigh a dtig leis a bheith chomh brusanta borb sin le daoine ar a chlár teilifíse, agus fós a bheith in ann a phost agus a thuarastal breá a choinneáil. Ba bhreá liom a bheith chomh tarcaisneach maslach leis sin in amanna, le roinnt de na seirbhísigh phoiblí anseo, ach bheadh eagla orm go gcaillfinn mo phost. Beidh orm labhairt leis le fáil amach conas a éalaíonn lena anam, gan trácht ar a phost.”

Gradam an Dochartaigh

Feicim Liam Ó Cuinneagáin ar do liosta fosta, a Bheairic. Cad tuige go bhfuil ag iarraidh bualadh leis? An mbeadh mórán le foghlaim agat ón bhoc sin?”

bheadh, i ndáiríre, a Bhaloir, an bheirt againn ar chomhchaighdeán i dtaca leis an mhéid atá foghlamtha againn i rith ár saoil, a déarfainn, go bhfuil rud beag níos cumhachta ag Liam mar atá agam féin. Ach ba mhaith liom comhghairdeas mór a dhéanamh leis as an ghradam a bronnadh air ar na mallaibh. Creidim gur thug an-aitheasc ar fad nuair a ghlac le Gradam an Phiarsaigh coicís ó shin; gradam, a deir siad, a bhronntar ar dhuine a léiríonn saintréithe an Phiarsaigh ina shaol poiblí. iontas orm go bhfuil gradam bunaithe cheana féin le meas ar dhuine nach bhfuil sa Dáil ach le dornán beag míonna. sin an Piaras atá i gceist? Bhuel, níor chuala caint ar aon Phiaras eile in Éirinn le bliain dhó anuas.”

Aoibh an Aire

Bhuel, a Bheairic, cén Dochar, an ceann sin casta. Fágfaidh muid an ceann sin ar leataobh ar feadh tamaill. Anois, inis dom cén fáth go bhfuil ag iarraidh bualadh le Dinny McGinley, an tAire Úr i Roinn na Gaeltachta?”

an cheist sin furasta, a Bhaloir. Shíl go mbeadh ceisteanna níos deacra sin agat le cur orm. I dtaca le Dinny, go hiomlán faoi dhraíocht aige; faoi gheasa aige. Níl a fhios agam ó Neamh go hÁrainn caide mar a thig leis a bheith chomh dearfach deimhneach faoi gach rud. In ainneoin go bhfuil anois nócha is a seacht bliain d’aois; in ainneoin go bhfuil na blianta fada caite aige mar ghiolla umhal uiríseal do Pháirtí na Léinte Gorma, agus d’iliomad ceannairí ar an pháirtí sin; in ainneoin nach bhfuair fiú anois aireacht shinsearach, bíonn fáthadh an gháire i gcónaí air. Shílfeá ó bheith ag amharc ar Dinny go raibh i ndiaidh an Lotto a bhaint, post Phat Kenny a fháil, post iriseoireachta a fháil ar Beo Ar Éigean. Dinny chomh pléisiúrtha leis an Dali Lamabhuel b’fhéidir rud beag níos pléisiúrtha. Ba mhaith liom an deis a fhail suí síos leis agus a chuid moltaí a fháil faoi mo phost féin.”

Beairic Mhicí Johnny

Anois, a Bheairic, an cheist dheireanach, mura miste leat. Ceist bheag shimplí atá ann: cén fáth go bhfuil ag iarraidh bualadh le Johnny Mháirtín Learaí /agus Josie Sheáin Jeaic?”

Johnny agus Josie ? hiad siúd? Ó tuigim anois. Botún atá ann. Mo dhuine atá i mbun TG4 a bhí i gceist agam

Pól Johnny Sheáin Ó Gallachóir?”

Go díreach, a Bhaloir, Pól Johnny Sheáin. Is iad an mhar an chéile domsa iad na hainmneacha aisteacha sin: Johnny Chóil Mhaidhc agus Meaití Shéamuis agus Máirtín Tom Sheáinín. bhím in ann iad a dheighilt óna chéile rómhaith, an dtuigeann , a Bhaloir?”

Ó tuigim go maith, a Bheairic. Níl siad féin rómhaith chuige sin ach oiread. Ach cén fáth go bhfuil ag iarraidh bualadh le Pól Johnny Sheáin?”

Airgead, a Bhaloir! Deirtear liom go bhfuil tuarastail na gcraoltóirí in Éirinn thar a bheith flaithiúil, agus ag smaoineamh ar mo phost a athrú. Sin an fáth go bhfuil i ndiaidh fíor-Ghaeilge a fhoghlaim. Féach ar Greg Ó Braonáin: thiocfadh leis a bheith ina Uachtarán anseo i Meiriceá, ach roghnaigh dul le TG4, agus féach anois é ina skillionaire i gConamara. Sin an saol atá uaimse, a Bhaloir. Sin an fáth gur thug cuireadh duitse teacht go dtí an Teach Bán: chun mo dhintiúir Ghaeilge a chraobhscaoileadh. Deed Poll a bheas ar siúl agam a luaithe agus a leagaim cos ar thalamh na hÉireann, a Bhaloir. Beairic an Gharda Mhicí Johnny Josie Ó Bama a bheas orm ón sin amach. Ó ar bís le dul go hÉirinn.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.